English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoltar infheistíocht €169 milliún an 'Clár do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir' i réigiún an Láir Tíre go hoifigiúil

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, i dteannta airí ar fud páirtithe rialtais, Clár na hÉireann do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a sheoladh inniu ag Ionad Cuairteoirí Chonair Adhmaid na Coirre Léithe i gCaonach, Contae an Longfoirt. Ar na hairí a bhí i láthair bhí an tAire Stáit Peter Burke; an tAire Stáit Anne Rabbitte; an tAire Stáit Pippa Hackett; an tAire Stáit Malcolm Noonan; agus an tAire Stáit Seán Fleming.

Bhí Sofia Alves, Stiúrthóir ag Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (DG REGIO) sa Choimisiún Eorpach, i láthair ag an ócáid freisin.

Leis an gciste €169 milliún, tabharfar tacaíocht do na pobail sin ar a mbeidh an tionchar is diúltaí ag an aistriú amach ó bhreoslaí iontaise agus ag an scor de bhaint móna tráchtála. Folaíonn na 'Críocha Ainmnithe' sin Contae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).

Beidh an ciste i bhfeidhm go dtí an bhliain 2027 agus cinnteofar leis nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh mar thoradh ar an aistriú aeráide. Ina theannta sin, cuirfear comhtháthú geilleagrach, sóisialta agus críochach chun cinn leis, ar aon dul le príomhthosaíochtaí Aontais Eorpaigh. Úsáidfear é chun tacú le hoiliúint agus uasoiliúint a chur ar iaroibrithe móna. Maidir lena bpobail, cuirfear ar a gcumas leis an gcistiú seo tairbhe a bhaint as poist ghlasa nua, as forbairt fuinnimh ghlais inacmhainne, as dícharbónú an iompair áitiúil, agus as cur i bhfeidhm fiontar nua turasóireachta. Chomh maith leis sin, tabharfar tacaíocht leis d’infheistíocht a dhéanamh i dtalmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta a fhorbairt agus do thaighde agus nuálaíocht ríthábhachtach.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"D’aimsíomar €169 milliún san iomlán don réigiún, lena n-áirítear €84.5 milliún de chistiú Aontais Eorpaigh mar aon le cómhaoiniú náisiúnta, chun a chinntiú go mbeidh aistriú cóir againn chuig todhchaí ghlas. Tá sé ríthábhachtach nach bhfágfaí aon duine inár ndiaidh de réir mar a aistríonn Éire i dtreo na físe aeráidneodrachta atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid uainn.

"Cé go bhfuil cothroime ina cuid dhílis den chiste seo agus de na poist ghlasa, den fhuinneamh glas agus den talmhaíocht ghlas ar féidir léis tacú leo, is gá dúinn a chinntiú freisin go mbeidh an t-aistriú tapa. Mura bhfuil sé cóir, ní bheidh sé tapa. Agus mura bhfuil sé tapa, ní bheidh sé cóir. Is gá go dtéann an dá aidhm le chéile. Is é atá i nglacadh an chláir seo ná an toradh ar dhua fairsing ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do gach duine a chuir an dua sin isteach agus buíochas a ghabháil leo, agus guím gach rath sna blianta atá le teacht ar na daoine sin ar a bhfuil freagracht as an gClár a chur chun feidhme."

Cé nach raibh sí i láthair ag an ócáid inniu, dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

"Fáiltím roimh sheoladh Chlár na hÉireann do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir inniu agus, go háirithe, roimh an infheistíocht €68 milliún sa turasóireacht sa Lár Tíre. Chun an clár uaillmhianach forbartha seo a bhaint amach, tá €38 milliún á leithdháileadh le haghaidh tacaíochtaí gnó Turasóireachta Athghiniúnaí agus tá €30 milliún á leithdháileadh le haghaidh Gréasán Conairí Turasóireachta, agus iad le roinnt ar fud an réigiúin ar fad ar a bhfuil tionchar.

"Beidh an Scéim Turasóireachta Athghiniúnaí sin ina toisc taobh thiar d’fhostaíocht a bhrú chun cinn i limistéar an láir tíre, agus an cistiú le miondealú faoi cheithre shnáithe. Leis na snáitheanna sin, soláthrófar gréasán straitéiseach conairí nasctha siúil, rothaíochta agus uisce ar fud an Láir Tíre; tacófar le fiontair thurasóireachta phoiblí, phríobháideacha agus phobalbhunaithe na geilleagair áitiúla a bhreisiú agus a chothú; agus soláthrófar tacaíochtaí éagsúla le haghaidh bunathrú cliste chun feabhais agus le haghaidh fiontraíochta.

"Tá an infheistíocht sin ar aon dul go mór leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais go bhforbrófaí Beartas Turasóireachta Inbhuanaithe. Sa bheartas turasóireachta nua, leagfar béim ar an ngá le tacaíocht leantach d’fhorbairt gheilleagrach inbhuanaithe i bpobail ar fud na tíre, agus ár gcomhshaol agus ár n-acmhainní nádúrtha á gcosaint ag an am céanna, agus le leathadh méadaithe éilimh ann ar fud na bliana."

Ag labhairt dó ag Ionad Cuairteoirí Chonair Adhmaid na Coirre Léithe i gContae an Longfoirt, dúirt Peter Burke, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Gnóthaí Eorpacha agus Cosaint:

"Leagtar béim sa Chlár do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ar cé chomh fairsing is atá na féidearthachtaí nua le haghaidh fiontraíochta agus forbartha faoi Chomhaontú Glas an Aontais Eorpaigh. Táim bródúil gur forbraíodh an clár seo tríd an gcaidreamh láidir agus an comhoibriú táirgiúil atá ar bun ag Éirinn lenár gcomhpháirtithe Eorpacha. Fáiltím roimh an tacaíocht atá á tabhairt don Lár Tíre de réir mar a bhogaimid amach ó mhóin a úsáid le haghaidh giniúint cumhachta, agus aitheantas á thabhairt don ghá le tacú leis na réigiúin ar fud an Aontais Eorpaigh ar a bhfuil an tionchar is mó ag an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin."

Dúirt Anne Rabbitte, Aire Stáit sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar a bhfuil freagracht speisialta as Míchumas:

"Is faoina chinntiú nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh de réir mar a bhogaimid chuig todhchaí níos inbhuanaithe atá aistriú cóir. Fáiltím roimh an díriú a leagtar sa Chlár do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ar dhaoine óga an Láir Tíre, agus rannchuidigh daoine óga an réigiúin go gníomhach leis an gcomhairliúchán poiblí ar an bPlean Críochach. Mar Aire i gceantar tuaithe na Gaillimhe, tá sé tábhachtach a fheiceáil go bhfuil tionscnaimh ar bun a thacaíonn le bonneagar iompair áitiúil atá neodrach ó thaobh carbóin de, ar tionscnaimh iad atá inrochtana do gach duine. Cabhróidh sé sin le fostaíocht inbhuanaithe agus rochtain ar mhoil nuálaíochta/chianoibre agus ar dheiseanna oiliúna agus oideachais a sholáthar, rud a mhéadóidh tarraingteacht na háite mar áit chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air."

Dúirt Pippa Hackett, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht:

"Mar dhuine a chónaíonn sa Lár Tíre, tá ríméad orm an infheistíocht shuntasach seo don réigiún ó Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a fheiceáil. Táim sásta go háirithe leis an dá thionscnamh shuaitheanta ó mo roinn féin. Leis an gcistiú €35 mhilliún atá á fhógairt agam inniu do Staidéar Ceantair Carbóin an Láir Tíre agus do Thionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair, forbrófar tionscadail lena spreagfar feirmeoirí agus úinéirí talún chun táirgí, seirbhísí agus poist a fhorbairt lena dtacófar le geilleagar inbhuanaithe agus aeráidneodrach anseo sa Lár Tíre. Molaim do na feirmeoirí, na grúpaí pobail áitiúil, na heagraíochtaí déanta taighde agus na fiontair uile caidreamh agus comhoibriú gníomhach a dhéanamh le chéile sa dá dheis sin chun go mbeimid in ann acmhainneacht an réigiúin seo a bhaint amach i dteannta a chéile."

Dúirt Malcolm Noonan, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:

"Gné thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha thailte portaigh an réigiúin is ea aistriú cóir a bhaint amach don Lár Tíre. Le tacaíocht ón gCiste um Aistriú Cóir, déanfaidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra eanaigh dhíghrádaithe agus portaigh dhíghrádaithe a athnuachan. Teastaíonn sé sin go práinneach chun tacú le gníomhú ar son na haeráide agus chun gnáthóga bithéagsúla a chruthú freisin."

Dúirt Seán Fleming, an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ar a bhfuil freagairt speisialta as Forbairt Idirnáisiúnta agus an Diaspóra:

"Fáiltím roimh sheoladh an Chláir nuálaigh seo, agus roimh an díriú ar fhorbairt pobail go háirithe. Is féidir le cistiú is fiú €29 milliún chun tacú le tionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha ó bhun aníos sa Lár Tíre tionscnaimh bhunathraitheacha a sholáthar, agus iad ailínithe le tosaíochtaí na bPleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail agus na bPleananna Fiontair Réigiúnacha, rud a thairgfidh todhchaí gheal inbhuanaithe don réigiún."

Dúirt Jim Conway, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:

"Trí chlár spriocdhírithe agus obair le príomh-gheallsealbhóirí eile, comhlíonfar cuspóirí Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre maidir leis an aeráid, leis an ngeilleagar agus le comhfhorbairt áite leis an gcistiú luachmhar seo ón Aontas Eorpach agus ón rialtas, ar cuspóirí iad atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar thionchair an aistrithe amach ó bhreoslaí iontaise agus i dtreo roghanna eile atá níos glaise agus níos inbhuanaithe. Is é an toradh a bheidh ar bhaint amach na gcuspóirí sin faoi seach ná torthaí dearfacha dóibh sin ar a mbeidh an tionchar is mó ag an aistriú maidir le deiseanna fostaíochta a chruthú agus leis an timpeallacht ina gcónaíonn siad a bhreisiú. Ag obair dó i gcomhar leis an gCoiste Faireacháin, cinnteoidh Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre bainistíocht éifeachtach an chláir."

Dúirt Sofia Alves, Stiúrthóir ag Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh:

"Tá an Ciste um Aistriú Cóir ina phríomhthoisc taobh thiar den Chomhaontú Glas don Eoraip a bhrú chun cinn, rud lena mbrúitear an t-aistriú glas i dtreo éachtaí atá níos cuimsithí agus níos nuálaí. Táimid ag bogadh amach ó mhóin agus ó bhreoslaí iontaise eile sa Lár Tíre toisc go dtuilleann na daoine a bhíodh spleách orthu tráth todhchaí lena ngabhann ionchais nua. Le cistiú iomlán €169 milliún, dúiseofar an próiseas sin trí thionscnaimh áitiúla."

Cheadaigh an Chomh-aireacht agus an Coimisiún Eorpach Plean agus Clár Críochach na hÉireann um Aistriú Cóir go mall sa bhliain 2022. Leagtar amach ann straitéis infheistíochta na hÉireann le haghaidh cistiú is fiú €169 milliún, dá bhfuil €84.5 milliún maoinithe ag an Aontas Eorpach.

Bainisteoidh Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an Clár agus díreofar ar thrí thosaíocht straitéiseacha ann:

  • fostaíocht a ghiniúint in iarphobail mhóna trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú.
  • tacú le tailte móna díghrádaithe a athchóiriú agus a athshlánú agus le sócmhainní oidhreachta tionsclaíche a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile
  • roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

Tá Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ina chuid de bheartas Comhtháthaithe an Aontais, rud arb ionann é agus straitéis an Aontais chun 'forbairt chomhchuí fhoriomlán' a Bhallstát agus a réigiún a chur chun cinn agus a chothú trí chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí bhearta a bhfuil mar aidhm leo neamhionannas a laghdú sa leibhéal forbartha idir réigiúin dhifriúla.

Is é an cuspóir atá leis an gciste aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt do na críocha agus na hoibrithe a mbeidh an tionchar is diúltaí orthu agus aistriú socheacnamaíoch cothromaithe a chur chun cinn. Ar an tslí sin, tacófar leo sin a n-imreoidh an t-aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise an tionchar is diúltaí orthu leas a bhaint as na deiseanna geilleagracha nua a ghabhann leis an aistriú chuig samhail gheilleagrach atá bunaithe ar an aeráidneodracht.

Plean agus Clár Críochach

D’ullmhaigh Éire dréacht-Phlean Críochach um Aistriú Cóir sa bhliain 2021. Leagadh amach sa phlean sin na tionchair ar 'an gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí' de réir mar a bhogann Éire ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, agus sainaithníodh ann na riachtanais forbartha a bheidh ag an gcríoch chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha sin.

Ag teacht sna sála ar chomhairliúchán poiblí sa bhliain 2022, tugadh an plean chun críche, cheadaigh an rialtas é an 29 Samhain 2022 agus ghlac an Coimisiún Eorpach é i mí na Nollag 2022.

Leagtar amach sa Chlár do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir na tosaíochtaí infheistíochta agus an leithdháileadh beartaithe caiteachais atá ann chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha atá sainaitheanta i bPlean Críochach na hÉireann um Aistriú Cóir. Leagtar amach sa chlár na socruithe faireacháin agus rialachais a bheidh mar bhonn agus thaca ag an infheistíocht sin.

Leis an gCiste, tabharfar tacaíocht d’infheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:

  • tionscnaimh ó bhun aníos lena dtacaítear le Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail agus le Pleananna Fiontair Réigiúnacha
  • láithreáin bhogaigh Natura 2000 a athchóiriú agus a athshlánú
  • bealaí iompair agus flíteanna iompair atá ann cheana a dhícharbónú agus pointí mearluchtaithe feithiclí leictreacha a shuiteáil in ionaid phobail
  • ionad barr feabhais a fhorbairt chun taighde a dhéanamh ar fheirmeoireacht ar ithreacha móna sa Lár Tíre, agus forbairt á déanamh ar na scéimeanna de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil a reáchtálann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara iad
  • 'Ceantair Bhithgheilleagair' agus 'Saotharlanna Beo' a fhorbairt chun tacú le slabhra breisluacha bithgheilleagair chiorclaigh a fhorbairt sa réigiún
  • straitéisí réigiúnacha turasóireachta a chur chun feidhme, agus tacaíocht á tabhairt do ghréasáin conairí a fhorbairt ar láithreáin ar athraíodh a gcuspóir agus tacaíocht á tabhairt do ghnólachtaí san earnáil seo táirgí agus seirbhísí a fhorbairt agus a n-acmhainn a thógáil

Is féidir Plean agus Clár Críochach na hÉireann um Aistriú Cóir agus an t-ábhar tacaíochta a léamh ag suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ag suíomh gréasáin Cistí AE.