Soláthraíonn an tAire Ryan €1.4 billiún i mBuiséad 2025 chun tacú le teaghlaigh agus pobail agus chun buntacú lenár n-aistear i dtreo aeráidneodrachta
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2024
- Tá an leithdháileadh Buiséid is airde riamh ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mar fhianaise ar an tiomantas atá ag an rialtas Éire atá aeráidneodrach, atá inbhuanaithe agus atá nasctha ón taobh digiteach de a bhaint amach
- Creidmheasanna Leictreachais dar luach iomlán €250 le tabhairt do bhreis agus dhá mhilliún teaghlach an geimhreadh seo
- Cistiú €469 milliún, an figiúr is mó riamh, le soláthar d’iarfheistiú agus do ghrianphainéil fhótavoltacha
- €400 milliún le soláthar chun leanúint leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur i bhfeidhm
- €750 milliún le soláthar chun an eangach leictreachais a fhorbairt
- CBL ar theaschaidéil le laghdú go 9%
D’áirithigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, beagnach €1.4 billiún i mBuiséad 2025 chun tacú le teaghlaigh agus pobail agus chun leanúint ar aghaidh ar an gconair i dtreo todhchaí ísealcharbóin atá nasctha ón taobh digiteach de.
Creidmheasanna Leictreachais
Cuirfear dhá cheann de Chreidmheasanna Leictreachais €125 (€250 san iomlán) i bhfeidhm i leith billí leictreachais baile; ceann amháin roimh Nollaig agus an ceann eile sa timthriall billeála i mí Eanáir/i mí Feabhra 2025, agus tacaíocht á tabhairt do theaghlaigh le linn roinnt de na míonna is fuaire den bhliain. Tá luach iomlán an bhirt seo cothrom le beagnach €570 milliún*. Cisteofar go páirteach é leis na bearta a tugadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar na brabúis amhantair a ghnóthaigh roinnt cuideachtaí breoslaí iontaise.
Uasghráduithe fuinnimh tí – iarfheistiú agus grianphainéil fhótavoltacha
Áirítear le Buiséad 2025 cistiú €469 milliún, an figiúr is airde riamh, ón gCáin Charbóin d’uasghráduithe fuinnimh cónaithe agus pobail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), lena n-áirítear an Scéim Grianphainéal Fótavoltach. Tá an méid sin cothrom le méadú €89 milliún ar an gcistiú a soláthraíodh an bhliain seo caite agus fágann sé go mbeidh an méid is mó cistiúcháin riamh ar fáil chun tithe a dhéanamh níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí agus chun an costas a bhaineann le hiad a théamh a laghdú. Forlíonfar é sin le leithdháileadh méadaithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar dá bharr a mhéadófar buiséad na Scéime um Thithe Níos Teo go €240 milliún. Leis an scéim, soláthraítear uasghráduithe fuinnimh lánchistithe saor in aisce do theaghlaigh ísealioncaim atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Tá an leithdháileadh ar an scéim don bhliain 2025 cothrom le méadú faoi dheich ar an méid a caitheadh uirthi sa bhliain 2020.
Soláthraíodh cistiú cheana féin chun an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí a chur chun feidhme a thuilleadh, rud lena soláthraítear iasachtaí iarfheistithe ísealchostais lena ngabhann rátaí úis atá chomh híseal le 3%.
Ina theannta sin, laghdófar le Buiséad 2025 an cháin bhreisluacha (CBL) ar theaschaidéil go 9% (ó 13.5%). Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos inacmhainne d’úinéirí tí aistriú chuig téamh leictreach éifeachtúil. Is é sin an ráta CBL is ísle is incheadaithe faoin Treoir CBL. Tá sé sin de bhreis ar na deontais an-fhial atá ar fáil cheana féin ó SEAI.
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
Soláthrófar leithdháileadh cistiúcháin caipitil €400 milliún, an figiúr is airde riamh, chun cur i bhfeidhm an líonra leathanbhanda ardluais a chur ar aghaidh a thuilleadh faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Trí infheistíocht an Stáit i leathanbhanda ardluais, tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ag súil leis go mbainfidh sé an sprioc don bhliain 2024 amach go luath, is é sin: 300,000 áitreabh a bheith in-nasctha. Tá 100,000 ceann de na háitribh sin nasctha cheana féin leis an líonra ardluais. Leanfar le tacú leis an gclár a sholáthar a bhuí leis an gcistiú atá á chur ar fáil.
Cibearshlándáil agus an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála
Cisteofar le Buiséad 2025 leathnú eile ar acmhainní an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála, lena n-áireofar 30 ball foirne a earcú. Ar an tslí sin, tacófar leis an ngealltanas ón Rialtas acmhainn an Lárionaid a fhorbairt agus a bheith ar thús cadhnaíochta chur chun feidhme chreat rialta na Treorach athbhreithnithe maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise. Áireofar leis sin bearta chun cibearshlándáil a neartú, chun athléimneacht a chothú, chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna cibearshlándála agus chun an tionscal cibearshlándála in Éirinn a fhorbairt.
Aistriú Cóir
Tá an rialtas seo tiomanta dá chinntiú nach bhfágfar aon earnáil den tsochaí ná den phobal ar leataobh sa ghluaiseacht i dtreo todhchaí ísealcharbóin. Chuige sin, áirithíodh €51.7 milliún chun leanúint le clár na hÉireann faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir don tréimhse 2021-2027 a sholáthar sa bhliain 2025 sna contaetha sin sa Lár Tíre a ndéanfaidh an deireadh le baint móna an difear is mó dóibh.
Bonneagar eangaí leictreachais
Trí scaireanna an Stáit in AIB a dhíol, déanfar socrú d’instealladh díreach cothromais €750 milliún* chun ár mbonneagar leictreachais a fhorbairt agus, go háirithe, chun tacú le Céim I d’fhorbairt na heangaí amach ón gcósta. A bhuí leis an instealladh suntasach cothromais sin in EirGrid, spreagfar infheistíocht thionsclaíoch bhreise, éascófar dul chun cinn an gheilleagair dhigitigh, cumasófar dícharbónú an mhórgheilleagair, agus cuirfear lenár n-iomaíochas. Mar thoradh ar an gcistiú sin a sholáthar chun toilleadh ár n-eangaí leictreachais a mhéadú, imreofar tionchar dearfach ar chinntí infheistíochta amach anseo atá á mbreithniú ag cuideachtaí dúchasacha agus ag cuideachtaí ilnáisiúnta araon faoi láthair.
Ag labhairt dó faoi Bhuiséad 2025, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá athrú ollmhór tagtha ar an dóigh a bhféachaimid ar an gcomhshaol, agus is ionann an infheistíocht seo sa roinn, atá ar an gceann is mó riamh, agus fíorthiomantas dá chinntiú go n-éireoidh le gníomhú ar son na haeráide do gach teaghlach in Éirinn. Trí thuilleadh Creidmheasanna Leictreachais a sholáthar, cabhrófar le daoine dul trí na míonna is fuaire den bhliain agus, tríd an mbuiséad is airde riamh a sholáthar don Scéim um Thithe Níos Teo, soláthrófar tacaí uasghrádaithe fuinnimh tí do na daoine is mó nach acmhainn dóibh íoc astu agus cabhrófar le dul i ngleic le ceann amháin de na bunchúiseanna leis an mbochtaineacht fuinnimh. Le Buiséad 2025, méadófar an leithdháileadh ar an scéim seo – lena soláthraítear uasghráduithe saor in aisce do theaghlaigh ísealioncaim – chun go mbeidh sé deich n-uaire níos airde ná an figiúr don bhliain 2020.
"Is eol dúinn freisin gur gá ár n-aistriú aeráide a bheith cóir do chách, agus tá lúcháir orm cistiú suntasach a áirithiú chun leanúint le clár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a sholáthar sa bhliain 2025, agus é ceaptha chun tacú le pobail an láir tíre.
"Fáiltím freisin roimh an tsoiléire bhreise ar an bpróiseas le haghaidh a chinntiú go n-infheisteofar €3.15 billiún ón gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra san aistriú chuig an aeráidneodracht agus chun an dúlra a athchóiriú. Creidim gurb iad an dá réimse inar féidir leis an deimhneacht maidir le cistiú ilbhliantúil fíordhifear a dhéanamh ná margaí soláthair agus éilimh teasa in-athnuaite a fhorbairt agus éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. Is iad sin na réimsí a ndíreoidh mo roinn orthu de réir mar a ghabhaimid don phróiseas seo."
Dúirt Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:
"Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ar cheann amháin de na tionscadail bhonneagair is rathúla agus is éifeachtaí i stair an Stáit. D’áirithigh mé cistiú €400 milliún i mBuiséad 2025 chun tacú le cur i bhfeidhm agus soláthar leantach an tionscadail bhunathraithigh sin. Cinnteoidh sé sin go mbeidh tairbhí an aistrithe dhigitigh le brath ar fud na tíre ar fad – i ngach teach, ar gach feirm agus i ngach scoil. D’áirithigh mé cistiú breise i mBuiséad 2025 freisin chun leanúint le hacmhainní an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála a leathnú, lena n-áireofar 30 ball foirne a earcú. Mar Stát, tá rún daingean againn ár gcibearshlándáil a neartú agus athléimneacht a chothú. Tá cistiú €127 milliún á fhógairt agam freisin do chláir atá ceaptha chun leanúint lenár n-aistriú inár ngeilleagar ciorclach; imríonn na cláir sin ról ríthábhachtach maidir le sinn a chumasú na spriocanna náisiúnta aeráide atá againn do na blianta 2030 agus 2050 a bhaint amach."
Dúirt James Lawless, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an mBeartas Poist:
"Tá áthas orm a fhógairt go leithdháilfear €10 milliún arís eile ar oifigí poist agus máistrí poist sa bhliain 2025 mar chuid de thiomantas leanúnach an rialtais tacú le líonra inbhuanaithe bríomhar ar fud na tíre. Tá sé sin ag teacht leis an ngealltanas atá tugtha againn i gClár an Rialtais ina leith sin, agus léiríonn sé an ról bunúsach lárnach a imríonn an líonra oifigí poist inár dtír."
- Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil na méideanna seo ar áireamh sa chroí-leithdháileadh €1.4 billiún a fuair an roinn faoi Bhuiséad 2025.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Leithdháileadh €1.384 billiún ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i mBuiséad 2025.
Áirítear iad seo a leanas le príomh-leithdháiltí Bhuiséad 2025:
An bunathrú fuinnimh, lena n-áirítear iarfheistiú: €619 milliún
- Leithdháileadh €469 milliún le haghaidh scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh cónaithe agus pobail Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, lena n-áirítear an Scéim Grianphainéal Fótavoltach, chun leanúint le móiminteam a chothú maidir leis an bPlean Náisiúnta Iarfheistithe a sholáthar. Ba le hioncam ón gCáin Charbóin a cistíodh an leithdháileadh sin ar fad
- Úsáidfear an leithdháileadh faoi Bhuiséad 2025 chun tacú le raon scéimeanna éagsúla a leathnú, lena n-áirítear an Scéim um Thithe Níos Teo, lena soláthraítear uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh saor in aisce do theaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh
- Úsáidfear an t-airgead seo freisin chun tacú leis an Scéim Grianphainéal Fótavoltach, lena soláthraítear réitigh bhuana i ndáil le slándáil, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht fuinnimh. Féadfaidh iarratasóirí chuig an Scéim sin leas a bhaint freisin as an taraif Ráthaíochta Onnmhairí Glana chun íocaíochtaí a fháil as an leictreachas in-athnuaite barrachais a onnmhairíonn siad chuig an eangach
- Trí acmhainn a fhorbairt ar fud na roinne agus ar fud na ngníomhaireachtaí Stáit, tacófar le giniúint leictreachais gaoithe agus gréine ar talamh agus le giniúint leictreachais gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt
- Cuireadh cistiú €48 milliún ar fáil ón gclár REPowerEU faoi Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann lena infheistiú i dTreoirthionscadal Treo-Aimsitheora Fuinnimh agus Dícharbónaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá an tionscadal seo ar an gcéad iarfheistiú domhain ar láithreáin FSS. Agus punann náisiúnta ollmhór eastát aige, beidh an tionscadal ríthábhachtach do FSS maidir le ceachtanna a fhoghlaim agus taithí a ghnóthú.
Gníomhú ar son na haeráide agus ceannaireacht comhshaoil: €172 mhilliún
- Leis an gcistiú seo, cinnteofar go mbeimid in ann ár gceangaltais maidir le gníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh. Beidh taighde aeráide agus forbairt teicneolaíochtaí nua ina gcuid lárnach dár spriocanna a bhaint amach, mar atá laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050
- Beidh forbairt acmhainne ar fud na roinne agus a gníomhaireachtaí mar bhonn agus thaca freisin ag cur chun feidhme na nUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála
- Leithdháileadh €51.7 milliún ar thionscadail atá ceadaithe le haghaidh cistí an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a fháil ar fud mhór-réigiún an Láir Tíre, lena n-áirítear Gaillimh thoir, Cill Dara, Laois, an Longfort, Tiobraid Árann thuaidh, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus an Iarmhí. Leis an gcistiú seo, tacófar le Clár an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a sholáthar ar chostas €169 milliún in Éirinn
- Leithdháileadh €26.5 milliún mar chuid den uaillmhian atá againn an cistiú a thugann Éire do thíortha i mbéal forbartha a mhéadú faoi dhó faoin mbliain 2025 chun cabhrú leo dul i ngleic leis an athrú aeráide
Ár gcomhshaol a chosaint agus an geilleagar ciorclach a fhás: €127 milliún
- Acmhainní breise a sholáthar don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun tacú léi na feidhmeanna ríthábhachtacha ceadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin atá aici a chomhlíonadh, i measc nithe eile
- Speicis uisceacha a chaomhnú agus a chosaint trí Iascach Intíre Éireann, agus deichniúr ball foirne sa bhreis á soláthar
- Áirítear leis an gcistiú atá á sholáthar 13 bhall foirne sa bhreis a cheapadh chuig an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a bunaíodh le déanaí chun é a chumasú an fheidhm rialála atá aige a chur i gcrích.
- Leithdháileadh €18 milliún chun iarláithreáin líonta talún a leigheas
Nascacht agus cumarsáid den chéad scoth a sholáthar: €467 milliún
- Le cistiú €400 milliún, cuirfear cur i bhfeidhm an líonra leathanbhanda ardluais ar aghaidh an bhliain seo chugainn faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Leanfar le tacú leis an gclár a sholáthar a bhuí leis an gcistiú atá á chur ar fáil.
- Cisteofar le Buiséad 2025 leathnú eile ar acmhainní an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála, lena n-áireofar 30 ball foirne a earcú. Ar an tslí sin, tacófar leis an ngealltanas ón rialtas acmhainn an Lárionaid a fhorbairt agus a bheith ar thús cadhnaíochta chur chun feidhme chreat rialta na Treorach athbhreithnithe maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise. Áireofar leis sin bearta chun cibearshlándáil a neartú, chun athléimneacht a chothú, chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna cibearshlándála agus chun an tionscal cibearshlándála in Éirinn a fhorbairt.
An Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra
Tá an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra ar cheann amháin de dhá chiste a bunaíodh i mbliana chun fáltais amhantair ó cháin chaipitil a bhainistiú chun cabhrú le déileáil le cuspóirí agus brúnna caiteachais amach anseo.
Is iad an dá chuspóir atá leis an gCiste ná acmhainní a sholáthar chun cabhrú le comhchiogalacht caiteachais phoiblí a bhainistiú agus chun infheistiú san aistriú chuig an aeráidneodracht agus in athchóiriú an dúlra. Tá suas le €3.15 billiún ón gCiste á chur i leataobh chun tionscadail ainmnithe chomhshaoil a chistiú ar bhonn ilbhliantúil idir na blianta 2026 agus 2030 chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus le torthaí comhshaoil níos fearr.
Tá an roinn ag obair faoi láthair ar chásanna gnó do chláir atá le moladh mar Thionscadail Ainmnithe Chomhshaoil faoi alt 20 den Acht fán gCiste um Éire sa Todhchaí agus fán gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra, 2024.
Is ann do chúig chlár ina spriocdhírítear ar ghníomhartha faoin Uasteorainn Earnála Timpeallachta Tógtha, agus tá siad á n-ullmhú mar chuid de chlár foriomlán atá ceaptha chun gníomhartha riachtanacha teasa in-athnuaite a chur i gcrích faoin uasteorainn earnála timpeallachta tógtha, lena n-áirítear: Bonneagar agus Margadh Náisiúnta Téimh Ceantair a fhorbairt; agus Éifeachtúlacht Fuinnimh Foirgneamh Earnála Poiblí.
Ina theannta sin, tá an roinn ag féachaint ar chlár nuálaíochta a chruthú chun tionscadail taispeána a chistiú ina dtástáiltear conas is féidir teicneolaíocht nua fuinnimh a úsáid chun ár mbonneagar fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt.
Tá an roinn ag obair freisin ar chásanna gnó do dhá thionscadal eile ina spriocdhírítear ar ghníomhartha faoin Uasteorainn Earnála Leictreachais i ndáil le Leictreachas In-Athnuaite Amach ón gCosta agus i ndáil le Micrighiniúint.