English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá cistiú deontais ab fhiú €3.8 milliún, beagnach, le fáil ag grúpaí pobail áitiúla agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide sa Lár Tíre faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu go bhfaigheadh 15 thionscadal atá dírithe ar an inbhuanaitheacht sa Lár Tíre deontais faoi chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, atá á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

Maidir leis na tionscadail, ar chuir eagraíochtaí deonacha agus neamhbhrabúis agus micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide iad ar aghaidh, dámhadh cistiú deontais is fiú méideanna idir €50,000 agus €300,000 dóibh chun infheistiú i smaointe ón bpobal lena gcruthaítear fostaíocht agus lena n-éagsúlaítear geilleagar áitiúil réigiún an Láir Tíre. Leis na deontais, cuirfear ar chumas na dtionscadal forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh amhail moil nuálaíochta agus phobail, tionscadail fuinnimh ghlais agus tionscnaimh oidhreachta.

Is ionann agus €54 mhilliún, beagnach, anois agus an méid iomlán a gealladh do thionscadail roghnaithe ó Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, ag teacht sna sála ar an bhfógra a tugadh le déanaí i dtaobh na dtionscadal a roghnaíodh tríd an Scéim um Thurasóireacht agus Comhfhorbairt Áite Athghiniúnach a reáchtálann Fáilte Éireann faoin gCiste agus tríd an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a reáchtálann Pobal faoin gCiste. Táthar ag súil go dtabharfar tuilleadh fógraí tionscadail ar ball beag.

Ag labhairt dó faoi na tionscadail a ceadaíodh lena gcistiú faoin scéim, dúirt an tAire Ryan:

"Is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí pobail áitiúla cnámh droma aon réigiúin, agus iad ag cruthú post, ag cabhrú leis an ngeilleagar a éagsúlú agus ag giniúint smaointe agus nuálaíochta. A bhuí leis an gcistiú seo, cuirfear ar chumas eagraíochtaí áitiúla freagairt d’aistriú na hÉireann chuig geilleagar ísealcharbóin, agus tairbhe gheilleagrach agus shóisialta á soláthar ar an leibhéal áitiúil do na daoine aonair a ndéanfaidh an t-aistriú sin an difear is mó dóibh."

Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Gníomhach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:

"Fáiltíonn Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre roimh an bhfógra i dtaobh na dtionscadal roghnaithe a ndearna an pobal áitiúil i mór-réigiún an Láir Tíre iad a shamhlú agus a chruthú. Ní hé amháin go mbrúitear acmhainn nuálaíochta an réigiúin ar fad chun cinn nuair a thugtar tacaíocht airgeadais dhíreach do smaointe ó bhun aníos, ach cothaítear comhfhorbairt áite bheoga lena saibhrítear cáilíocht na beatha dá chónaitheoirí leis sin freisin. Tá sé sin ríthábhachtach le haghaidh forbairt réigiúnach inbhuanaithe agus chuimsitheach nach bhfágfaidh aon duine ina diaidh."

Dúirt Anna Shakespeare, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pobal:

"Tá muidne in Pobal ag súil lena bheith ag leanúint lenár gcomhoibriú leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre ar an scéim seo de chuid Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir chun cabhrú le heagraíochtaí beaga tacú le dícharbónú an Láir Tíre. Trí infheistiú sna heagraíochtaí sin, cabhrófar le pobail agus le fiontair agus iad ag iarraidh scileanna a fhorbairt, poist a ghiniúint, feabhas a chur ar shlite beatha agus an geilleagar a éagsúlú. Táimid ag súil freisin le caidreamh a dhéanamh leis na pobail Lár Tíre sin de réir mar a oibríonn siad chun rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin."

Dúirt Barbara Nolan, Ceann Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn:

"Tá tionscadail áitiúla ina gcuid dhílis dá chinntiú go ndéanfaidh Comhaontú Glas an Aontais Eorpaigh fíordhifear ar leibhéal an phobail. Tacóidh an Ciste um Aistriú Cóir le Lár Tíre na hÉireann aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe, agus é faoi stiúir ag pobail áitiúla."

Soláthróidh na tionscadail cheadaithe tairbhí suntasacha don réigiún, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Sraith nuálach tionscnamh chun an earnáil bithgheilleagair a fhorbairt
  • Oiliúint agus uasoiliúint in earnálacha inbhuanaithe do phobail a bhíodh spleách ar tháirgeadh móna roimhe sin
  • Sócmhainní áitiúla bonneagair agus oidhreachta a chaomhnú, a athchuspórú agus a athchóiriú lena n-úsáid mar spás fiontraíochta
  • Nuálaíocht sa teicneolaíocht ghlas, lena n-áirítear cleachtais fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh inbhuanaithe
  • Tionscnaimh gheilleagair chiorclaigh chun tacú le hearraí agus seirbhísí a tháirgeadh agus a thomhailt ar bhealach inbhuanaithe

Roghnaíodh na tionscadail trí phróiseas iomaíoch faoi Scéim Deontas Pobal agus Fiontar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, arb í an dara glao faoin mór-Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha í. Leis an bhfógra reatha seo i dtaobh tionscadal, cuirtear leis an rogha tionscadal roimhe a fógraíodh an 26 Aibreán 2024, ina bhfuair 15 thionscadal eile ón Lár Tíre deontais ab fhiú €18 milliún san iomlán.

Forbraíodh an scéim trí dhlúth-chomhoibriú idir an Roinn agus Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, arb é an tÚdarás Bainistíochta do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir é, agus tá sí á riar trí Pobal. Tá sé mar aidhm léi tacú le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha ó bhun aníos a chur chun feidhme. Ba ghá do na tionscadail rathúla ailíniú dlúth a léiriú le Pleananna Fiontraíochta Réigiúnacha agus le Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail atá faoi stiúir ag údaráis agus pobail áitiúla.

Ainm an tionscadail Eagraíocht Láthair Méid an chistiúcháin
Strawchip Strawchip Ltd Baile Uí Choileáin €300,000
CycleUp Roscommon Women's Network An Caisleán Riabhach €188,649
Derrymore Sphagnum Farm Derrymore Peat Ltd An Longfort €300,000
Ecochip Energy Ecochip Energy Ltd Baile na gCros €300,000
Ethica Planet - Mycelium Ethica Planet Foods Ltd Tulach Mhór €250,000
Waste Substrate Recycling Kelly's Nursery Ltd An Muileann gCearr €300,000
Renewables Training Delivery SCT Consultancy Ltd Durlas €207,735
Offshore Piling Noise Reduction System Justin Cunningham Ltd Caiseal €299,838
Training Centre and Office All About Trees Ltd An Gort Ard €296,774
Poet's Cottage Community Café Camross Heritage Ltd Camros €256,403
EV Technician Training Primo Coachworks Ltd An Féar Bán €172,578
Insulation Retrofit Training/Staff Energy Communities Tipperary Cooperative Company Limited by Guarantee An tAonach €172,152
Peatlands for Prosperity Green Restoration Ireland Cooperative Society Ltd Uíbh Fhailí €299,054
Waste Plastic Disposal Facility Alister Future Technologies An Longfort €300,000
The Social Enterprise Exchange Cluster Centre Platform Ltd Baile Átha Luain (Ros Comáin) €129,999

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Tá an Scéim Deontas Pobal agus Fiontar ina cuid amháin den mhór-Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha, agus soláthraítear léi cistiú deontais de minimis do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, d’eagraíochtaí pobail, d’eagraíochtaí deonacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis a oibríonn i mór-réigiún an Láir Tíre. Le glaonna roimhe faon Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha, tacaíodh le hÚdaráis Áitiúla, le cuideachtaí forbartha áitiúla, le heagraíochtaí pobail, le heagraíochtaí deonacha agus neamhbhrabúis, agus le comhlachtaí poiblí eile i mór-réigiún an Láir Tíre. Tá na scéimeanna sin á gcomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir 2021-2027, rud lena dtacaítear leis na hoibrithe agus na pobail a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin an difear is diúltaí dóibh trí thacú le pobail inbhuanaithe athléimneacha a fhorbairt sa Lár Tíre.

Leis an gclár sin, dírítear ar ghníomhaíochtaí i gCríoch ainmnithe Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, atá sainithe mar Chontae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).

Tá tuilleadh faisnéise faoin scéim ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal.

Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir

Is é is Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ann ná ciste nua a cruthaíodh chun tacú leis na réigiúin agus na pobail san Eoraip a ndéanfaidh an t-aistriú chuig aeráidneodracht an difear is diúltaí dóibh agus chun aistriú socheacnamaíoch a chur chun cinn, á chinntiú nach bhfágfaimis aon duine inár ndiaidh.

Tá sé mar aidhm le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir aghaidh a thabhairt ar na tionchair fostaíochta, gheilleagracha, shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis an aistriú ar shiúl ó ghníomhaíochtaí atá dian ar charbón. Leis an gclár cistiúcháin in Éirinn, tacófar leis na limistéir i mór-réigiún an Láir Tíre a ndearna dúnadh na saoráidí táirgthe móna agus na saoráidí móinadhainte giniúna fuinnimh difear diúltach do phobail iontu.

Tá Éire ar tí méid ab fhiú suas le €84.5 milliún a fháil ó Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir thar an tréimhse go dtí an bhliain 2027. A bhuí leis an gcistiú meaitseála a sholáthróidh Rialtas na hÉireann ó acmhainní Státchiste, beidh méid ab fhiú suas le €169 milliún ar fáil sa tréimhse go dtí an bhliain 2027.

Trí dheiseanna a sholáthar don fhostaíocht sa Chríoch, is féidir le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cabhrú le háit atá cuimsitheach, tarraingteach, sláintiúil agus inbhuanaithe chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air a chruthú.

Is iad seo a leanas na tosaíochtaí cláir atá ag Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:

  • Fostaíocht a ghiniúint trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú
  • Tailte móna díghrádaithe a athchóiriú agus a athshlánú agus sócmhainní oidhreachta tionsclaíche a athghiniúint
  • Soghluaisteacht chliste agus inbhuanaithe áitiúil

Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an tÚdarás Bainistíochta do Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn.

Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear doiciméid an chláir agus naisc chuig faisnéis faoi ghlaonna cistiúcháin roimhe, faoi ghlaonna cistiúcháin atá ar oscailt faoi láthair agus faoi ghlaonna cistiúcháin amach anseo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.