Tá cistiú um ghníomhú pobail ar son na haeráide le fáil ag na céadta tionscadal i ngach cearn den tír
- Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- An cistiú is fiú €27 milliún faoin gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, a sholáthraítear d’údaráis áitiúla chun dul i bpáirt le grúpaí pobail, tá sé ag tacú le tionscnaimh amhail gairdíní pobail, grianfhuinneamh, luchtú feithiclí leictreacha, agus múiríniú pobail
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, roimh fhógairt an chéad tráinse tionscadal i ngach cearn den tír atá ag fáil cistiú faoin gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide.
Cuimsíonn an clár ollmhór leithdháileadh náisiúnta €24 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, mar aon le leithdháileadh €3 mhilliún ó Chiste an Rialtais um Oileán Comhroinnte chun tacú le tionscnaimh thrasteorann agus uile-oileáin um ghníomhú pobail ar son na haeráide. I dteannta a chéile, cabhróidh na cistí sin le raon leathan eagraíochtaí, lena n-áirítear clubanna spóirt, coistí bailte slachtmhara, fiontair áitiúla agus grúpaí ealaíon, íoc as gníomhartha ar son na haeráide a chuirfidh feabhas ar a bpobal, a shábhálfaidh fuinneamh nó airgead nó a thacóidh lena mbaill, dar leo.
Faoin gciste, a sholáthraítear d’údaráis áitiúla chun dul i bpáirt le grúpaí pobail, soláthraítear suimeanna is fiú suas le €100,000 do thionscadail mhóra áitiúla ar feadh tréimhse 18 mí. Tá leas á bhaint as an gciste chun íoc as tionscnaimh amhail córais fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, gairdíní pobail a fhorbairt nó luchtairí feithiclí leictreacha, racaí rothar, stáisiúin athlíonta uisce, múiríniú, uasghráduithe soilse nó bailiú báistí a shuiteáil, i measc a lán cuspóirí eile.
Ag labhairt dó faoi na leithdháiltí, dúirt an tAire Ryan:
"Le réitigh áitbhunaithe, soláthraítear gníomhartha ar son na haeráide a n-éiríonn leo dáiríre toisc go mbíonn siad forbartha agus toisc go mbíonn ceannaireacht údaráis áitiúil agus úinéireacht pobail mar bhonn agus thaca acu. Tá sceitimíní orm fógairt na gcéad tionscadal faoin snáithe seo den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide a fheiceáil agus táim ag súil lena fheiceáil conas a fheabhsófar athléimneacht na bpobal sin in aghaidh thionchair an athraithe aeráide a bhuí le forbairt na dtionscadal sin. Rud tábhachtach, tá gníomhú pobail ar son na haeráide á éascú againn ar bhonn trasteorann freisin, mar chuid de thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an rialtais.
"De bhreis ar an gcistiú mórscála seo, sheol mé ciste um rannpháirtíocht an phobail maidir leis an aeráid a sheoladh le déanaí chun a chur ar chumas eagraíochtaí labhairt faoi na gníomhartha atá á ndéanamh acu agus faoin dóigh a bhfuil na gníomhartha sin ag déanamh difear don phobal agus chun cur ar a gcumas feasacht ar an méid sin a mhéadú. Bíonn tábhacht ag gach áit agus ag gach duine maidir le réitigh aeráide a théann chun tairbhe do phobail agus a fheabhsaíonn a saol a dhearadh agus a fhorbairt.
"Tá áthas orm go háirithe a fheiceáil go bhfuil an-chuid de na tionscadail sin ag tosú a n-aistir le linn Sheachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide, áit ar féidir linn fíorchumhacht an ghníomhaithe pobail a fheiceáil ar fud imeachtaí éagsúla."
Tá an Clár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide comhdhéanta de dhá shnáithe: Snáithe 1, a dhíríonn ar phobail ísealcharbóin a thógáil ar fud an Stáit; agus Snáithe 1a, a chistítear le Ciste an Rialtais um Oileán Comhroinnte agus a thacaíonn le tionscadail trasteorann agus uile-oileáin a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach ar oileán na hÉireann.
Go dtí seo, tá 20 údarás áitiúil tar éis bogadh ar aghaidh chuig céim an tsoláthair faoin gclár agus tá siad ag tosú ar fhógraí a dhéanamh ar fud na tíre.
Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide nó trí theagmháil a dhéanamh leis an oifigeach um ghníomhú pobail ar son na haeráide i d’údarás áitiúil.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ciste an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach. Leis an gciste, tacaítear freisin le tionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagar, a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear íocaíochtaí chun astaíochtaí ó eitiltí oifigiúla a fhritháireamh, agus ó fháltais ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i ndáil le diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam, tar éis ceanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.
Tugann Snáithe 1a — ‘Gníomhú Pobail ar son na hAeráide le haghaidh Oileán Comhroinnte’ — atá á chistiú faoi Chiste an Rialtais um Oileán Comhroinnte aghaidh ar na cúig théama chéanna a dtugtar aghaidh orthu i Snáithe 1 (fuinneamh pobail, taisteal, bia agus dramhaíl, siopadóireacht agus athchúrsáil, agus gníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ar son an chomhshaoil) agus beidh bonn soiléir Thuaidh/Theas aige, áit a nglactar cur chuige comhpháirtíochta trasteorann agus a mbaintear tionchar trasteorann amach. Ar an tslí sin, cuirfear ar chumas pobal agus údarás áitiúil tionscadal trasteorann a chur ar aghaidh i gcomhpháirt le heagraíochtaí i dTuaisceart Éireann. Is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú faoi Shnáithe 1a.
Leis an gCiste um Oileán Comhroinnte, soláthraítear acmhainní imfhálaithe ionas gur féidir na gealltanais infheistíochta uile-oileáin a thug an Rialtas faoi Chlár an Rialtais agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta a chomhlíonadh.
I mí Iúil 2022, leithdháil an rialtas suim €3 mhilliún ón gCiste ar Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide le haghaidh Oileán Comhroinnte. Úsáidfear an cistiú sin chun tacú le tionscadail trasteorann nó uile-oileáin a mbeidh bonn soiléir Thuaidh/Theas acu agus a rannchuideoidh le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach ar oileán na hÉireann.
Cuimseoidh gach tionscadal comhpháirtí amháin ar a laghad ó Thuaisceart Éireann, agus is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú.
Tá tuilleadh faisnéise faoi Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an rialtais agus faoina Chiste um Oileán Comhroinnte ar fáil ag: Item was unpublished or removed
Tá na leithdháiltí tionscadail uile faoi réir ceadú deiridh sula rachaidh siad isteach i gcéim an tsoláthair.
Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide
Is é is Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide ann ná clár náisiúnta rannpháirtíochta ar ghníomhú ar son na haeráide. Leis an gclár, cuirtear ar chumas daoine agus pobal ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh sa chomhrá ar an athrú aeráide.
Áirítear leis an tionscadal ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’:
- Clár méadaithe gníomhaíochtaí agus imeachtaí rannpháirtíochta, ag tógáil ar an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide
- Cistiú agus acmhainní do ghrúpaí pobail chun tacú le cumarsáid agus rannpháirtíocht maidir leis an aeráid ar an leibhéal áitiúil
- Léarscáil idirghníomhach de ghníomhaíochtaí réigiúnacha atá ag tarlú i do cheantar
- Feachtas náisiúnta cumarsáide chun an scéal a insint faoi na gníomhartha pobail ar son na haeráide atá ag déanamh difir cheana féin
Leis an gclár, méadaítear an clár rannpháirtíochta atá ar bun le roinnt blianta anuas mar chuid den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus tógtar air. Chomh maith leis sin, baintear úsáid sa chlár as taighde a rinneadh faoin gcomhairliúchán Comhráite faoin Aeráid chun a shainaithint cé na príomhbhacainní ar ghníomhú ar son na haeráide i bpobail ar fud na hÉireann. Leis an gcur chuige fianaisebhunaithe sin, cinntítear go dtugtar aghaidh ar an litearthacht ar an aeráid, ar an oideachas ar an aeráid agus ar an bhfeasacht ar an aeráid leis na gníomhartha a dtugtar fúthu mar chuid den chlár.
Seachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide
Is é is Seachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide ann ná clár seachtaine bliantúil atá comhdhéanta d’imeachtaí ar líne agus d’imeachtaí i bpearsa agus a bhfuil mar aidhm leis gníomhú ar son na haeráide a léiriú agus a spreagadh ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath. Is iad ceithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath, Oifig Réigiúnach Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Codema – Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath a eagraíonn Seachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide, ina léirítear an dul chun cinn atá á dhéanamh ag réigiún Bhaile Átha Cliath ar ghníomhú ar son na haeráide agus ina dtaispeántar an ról ceannaireachta atá ag ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin Sheachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide.