English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá cleachtaí comhpháirteacha oiliúna éigeandála gáis agus leictreachais le cur ar siúl mar chuid de phleanáil leanúnach stuama teagmhais

Ar aon dul le pleanáil leanúnach stuama teagmhais, cuirfear cleachtaí comhpháirteacha oiliúna éigeandála gáis agus leictreachais ar siúl an 9 Meán Fómhair agus an 16 Meán Fómhair. Is é cuspóir na gcleachtaí sin ná tástáil a dhéanamh ar fhreagairt chomhordaithe, ó lear geallsealbhóirí, do chur isteach hipitéiseach neamhdhóchúil ar sholáthairtí gáis nó leictreachais na hÉireann.

Táthar ag déanamh cleachtaí oiliúna éigeandála le roinnt mhaith blianta anuas mar chuid de phleanáil teagmhais a dhéantar ar bhonn tráthrialta agus ar bhonn gnáthaimh. Tá na cleachtaí sin mar chuid de phleananna éigeandála a thástáiltear go tráthrialta agus atá dea-bhunaithe. Maidir le reáchtáil na gcleachtaí sin, tá sí i gcomhréir leis an reachtaíocht ón Aontas Eorpach maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus tá sí ina cuid thábhachtach d’ullmhacht na hÉireann do chur isteach féideartha ar sholáthairtí gáis nó leictreachais, is cuma cé chomh neamhdhóchúil is atá an cur isteach sin agus cé chomh híseal is atá an fhéidearthacht go dtiocfadh sé chun cinn. Le linn na gcleachtaí sin, breithnítear cásanna hipitéiseacha éagsúla agus déantar tástáil struis ar fhreagairtí.

Mar a bhí amhlaidh roimhe seo, beidh baint leis na cleachtaí éigeandála sin ag príomh-gheallsealbhóirí san earnáil fuinnimh, lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann, EirGrid, Líonraí BSL agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF). I mbliana, beidh baint le cleachtadh comhpháirteach ag comhlachtaí ón earnáil gáis agus ón earnáil leictreachais araon – rud atá ag teacht le leathnú na gcásanna atá á mbreithniú.

Is é Líonraí Gáis Éireann an príomhchomhlacht maidir le cleachtaí a bhaineann le gás; is é EirGrid an príomhchomhlacht maidir le cleachtaí a bhaineann le leictreachas. Déanann CRU formhaoirseacht ar na pleananna uileghabhálacha éigeandála, agus oibríonn sé i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá nósanna imeachta láidre i bhfeidhm ag Líonraí Gáis Éireann agus ag EirGrid chun slándáil na soláthairtí gáis agus leictreachais a chothabháil, agus glacann siad páirt ar bhonn tráthrialta i gcleachtaí ionsamhlúcháin chun cásanna féideartha éagsúla a thástáil. Is ríthábhachtach atá an ról a chomhlíonann na comhlachtaí sin maidir le freagairt chomhordaithe do mhórtheagmhais a chinntiú sna cásanna annamha ina dtagann siad chun cinn.

Cé nach dóigh go dtarlóidh cur isteach suntasach ar sholáthairtí fuinnimh, d’fhéadfadh aon teagmhas den sórt sin tionchar a bheith aige ar earnálacha éagsúla agus, dá bhrí sin, chinnteodh struchtúir bhunaithe an Chreata um Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála le haghaidh déileáil le mór-éigeandáil go nglacfaí freagairt ‘uile-Rialtais’ dá dtiocfadh imthosca den sórt sin chun cinn. In imthosca den sórt sin, bheadh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar an bpríomh-Roinn Rialtais agus dhéanfadh sí tionól agus cathaoirleacht ar an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí chun freagairt an Rialtais don éigeandáil fuinnimh a chomhordú.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

D’eisigh an tAire Ryan ráiteas an 30 Lúnasa inar phléigh an tAire slándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh agus tacaí – go háirithe do theaghlaigh leochaileacha.

Clár Gníomhartha CRF – chun an soláthar leictreachais a choimirciú an geimhreadh seo agus thar na geimhrí atá le teacht

Tá ar bun ag CRF (an Coimisiún um Rialáil Fóntais), a bhfuil de fhreagracht reachtúil air slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú, clár gníomhartha a bhfuil mar aidhm leis slándáil ár soláthair leictreachais a chinntiú thar na geimhrí atá le teacht.

Cuimsítear sa chlár gníomhartha roinnt beart maolaithe ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Áirítear leis na gníomhartha: soláthar marthanach nua a sholáthar trí roinnt ceantanna toillte; giniúint shealadach bhreise a fháil; cur leis an bhfáil ar an toilleadh giniúna atá ann cheana; agus bearta níos fearr ar thaobh an éilimh.

Beidh na lamhálacha docht fós le linn na tréimhse geimhridh atá le teacht (2022/2023). Tá CRF ag leanúint ar aghaidh ag obair le príomh-gheallsealbhóirí chun bearta maolaithe cuí breise (ar thaobh an éilimh) a chur chun feidhme chun na rioscaí a laghdú tuilleadh sa gheimhreadh agus chun an buaicéileamh a ísliú le linn na tréimhse sin.

Creat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh

Sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, rud ar cheadaigh an Rialtas é agus a foilsíodh i mí Aibreáin 2022, tugtar breac-chuntas ar fhreagairt na hÉireann dár riachtanais slándála fuinnimh (i gcomhthéacs an chogaidh Rúisigh san Úcráin) agus ar ár n-imthosca náisiúnta ar leith.

Bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh (atá faoi chathaoirleacht an Ard-Rúnaí), mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh. Déanann an grúpa sin comhordú agus formhaoirseacht ar ghníomhaíocht agus ar fhreagairtí – ar an leibhéal náisiúnta – i ndáil le tionchar an chogaidh Rúisigh san Úcráin ar shlándáil fuinnimh. Ar áireamh sa ghrúpa atá ionadaithe ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), ó Líonraí Gáis Éireann, ó EirGrid, ón nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) agus ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (UFIÉ).

Áirítear na nithe seo le hobair an ghrúpa:

  • Formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chreata Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, rud ina dtugtar breac-chuntas ar ár bhfreagairt náisiúnta do na tionchair (atá ag an gcogadh Rúiseach san Úcráin) ar an earnáil fuinnimh
  • Freagairt a chomhordú chun tacú le tomhaltóirí agus le gnólachtaí (agus díriú á leagan ar theaghlaigh atá leochaileach ó thaobh an airgeadais de agus orthu sin atá i mbaol na tearcrochtana fuinnimh)
  • A chinntiú gur cothrom le dáta atá pleananna éigeandála agus go ndéantar tástáil struis orthu

An ról atá ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF)

Tá sé de fhreagracht reachtúil ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú. Tá sé de dhualgas air faireachán a dhéanamh ar sholáthairtí leictreachais agus aon bhearta a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh chun slándáil an tsoláthair a chosaint.

An ról atá ag EirGrid agus ag Líonraí BSL

  • Agus a ról reachtúil á chomhlíonadh aige, faigheann CRF cabhair ó EirGrid, a gceanglaítear air tuairisciú do CRF (maidir le nithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais)
  • Tá EirGrid freagrach as an gcóras leictreachais (an eangach) a bhainistiú ar bhonn laethúil ina ról mar Oibritheoir Córais Tarchurtha
  • Oibríonn EirGrid i ndlúthchomhar le Líonraí BSL – an tOibritheoir Córais Dáilte – chun na sreafaí leictreachais a bhainistiú ar fud na heangaí ar fad

An ról atá ag Líonraí Gáis Éireann

Déanann Líonraí Gáis Éireann líonra náisiúnta dáilte agus tarchurtha gáis na hÉireann a oibriú agus a chothabháil agus tá sé freagrach as gás a iompar go sábháilte agus go slán chuig níos mó ná 710,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí ar fud na tíre.