English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá iasachtaí ísealchostais níos ísle fós anois, agus iasachtaí faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí á dtairiscint ag dhá bhanc eile anois

  • Agus rátaí úis chomh híseal le 3% faoi láthair, is féidir le húinéirí tí méid idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht chun a dteach a dhéanamh níos teo agus níos éifeachtúla ar fhuinneamh

Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Michael McGrath, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh rannpháirtíocht AIB agus Bhanc na hÉireann sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún, ar scéim le taca rialtais í.

Seoladh an scéim i mí Aibreáin 2024, agus tá sí á soláthar ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ag tacú léi

Is iad AIB agus Banc na hÉireann na hinstitiúidí airgeadais is deireanaí atá ag tairiscint iasachtaí faoin scéim, agus tá na rátaí tosaigh chomh híseal le 3% (braitheann an praghas ar an soláthraí maoiniúcháin atá i gceist). A bhuí leis an dá cholúnbhanc sin a bheith rannpháirteach, in éineacht le PTSB a thairgeann iasachtaí faoin scéim faoi láthair, méadaítear iomaíocht go mór sa mhargadh, agus tugtar d’úinéirí tí tuilleadh rogha agus an deis chun leas a bhaint as rátaí atá i bhfad níos ísle ná iad sin atá ar fáil ar an margadh faoi láthair.

I dteannta na dtrí cholúnbhanc, táthar ag súil leis go rachaidh roinnt comhar creidmheasa ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa isteach sa scéim sna seachtainí atá le teacht, rud a chumasóidh do thuilleadh daoine iasachtaí inacmhainne a rochtain laistigh dá bpobal féin. Táthar ag súil leis go dtosóidh tuilleadh soláthraithe maoiniúcháin ag tairiscint iasachtaí níos déanaí i mbliana.

Oibríonn an scéim taobh le taobh le cláir dheontais de chuid SEAI, agus féadfar iasachtaí a úsáid do raon leathan uasghráduithe fuinnimh tí. Féadfaidh úinéirí tí iarratas a dhéanamh ar na hiasachtaí go díreach trí na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha.

Dúirt an tAire Ryan:

"Tá lúcháir orm go bhfuil AIB agus Banc na hÉireann rannpháirteach sa scéim anois. Fágann sé sin go bhfuil gach ceann de na trí cholúnbhanc ag tairiscint iasachtaí ísealchostais anois d’úinéirí tí atá ag iarraidh éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a uasghrádú. A bhuí leis an iomaíocht mhéadaithe sa mhargadh, gheobhaidh úinéirí tí tuilleadh rogha agus tuilleadh luacha araon. Tá iasachtaí ísealchostais níos ísle fós anois, agus is dea-scéala é sin do shealbhóirí tí.

"Cuirim fáilte mhór roimh na rátaí thar a bheith iomaíoch atá ar fáil, agus iad ag tosú ag 3%. Is iad sin na rátaí iasachta glaise is fearr atá ar fáil ar an margadh. Tá súil agam go spreagfar tuilleadh úinéirí tí leas a bhaint as an deis seo chun a dteach a uasghrádú ina theach atá níos teo agus níos sláintiúla, lena ngabhann billí fuinnimh agus astaíochtaí níos ísle agus lena dtacaítear le hÉirinn agus sinn ag aistriú chuig todhchaí níos glaise."

Dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

"Tá áthas orm fáilte a chur roimh AIB agus roimh Bhanc na hÉireann agus iad ag éirí ina n-iasachtóirí faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún. Agus í á hoibriú ag CBSÉ le tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón gCiste Eorpach Infheistíochta, réitítear leis an scéim seo an bealach le haghaidh méid suntasach cistiúcháin a thairiscint ag rátaí an-tarraingteach – de bhreis ar dheontais ó SEAI – chun a chur ar chumas d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún beaga feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh a dtithe.

"Mar thoradh ar AIB agus Banc na hÉireann a bheith ag dul isteach sa scéim seo in éineacht le PTSB agus ar thuilleadh iasachtóirí, comhair chreidmheasa san áireamh, a bheith ag dul isteach inti go luath, beidh tairbhí na scéime le brath ar bhonn níos leithne fós. Cabhróidh sé sin le teaghlaigh a mbillí fuinnimh a laghdú agus ár n-astaíochtaí CO2 a ísliú, rud a rannchuideoidh go mór le spriocanna aeráide na hÉireann a chomhlíonadh.

"Molaim d’aon daoine a bhfuil spéis acu i leas a bhaint as an scéim teagmháil a dhéanamh le PTSB agus le soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha eile, agus creidim go mbeidh dea-éifeacht shuntasach ag an tionscnamh seo sna blianta atá romhainn. Molaim d’aon daoine a bhfuil spéis acu i leas a bhaint as an scéim teagmháil a dhéanamh le PTSB agus le soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha eile, agus creidim go mbeidh dea-éifeacht shuntasach ag an tionscnamh seo sna blianta atá romhainn."

Dúirt June Butler, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann:

"Cuirim fáilte roimh rannpháirtíocht AIB agus Bhanc na hÉireann araon sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, ar scéim le taca rialtais í atá deartha chun uasghráduithe fuinnimh tí a dhéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne d’úinéirí tí. Mar thoradh ar an rannpháirtíocht sin, méadaítear na roghanna airgeadais atá ar fáil d’úinéirí tí atá ag iarraidh infheistiú i bhfeabhsuithe coigilte fuinnimh. Tá an iasacht neamhurraithe ísealchostais 10 mbliana seo ar fáil ar lascaine shuntasach i gcomparáid le rátaí iasachta pearsanta reatha. Trí laghdú a dhéanamh ar na bacainní airgeadais ar uasghráduithe fuinnimh tí, is é an toradh a bheidh ar an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí go gcumasófar do thuilleadh úinéirí tí a dteach a dhéanamh níos compordaí agus, an tráth céanna, tacú le coigiltí fadtéarmacha fuinnimh agus cur leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an tír todhchaí níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla ar fhuinneamh a bhaint amach."

Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:

"Fáiltíonn SEAI roimh fhógairt an lae inniu go mbeidh tuilleadh soláthraithe ag tairiscint iasachtaí iomaíocha faoi Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí CBSÉ. Mar thoradh ar mhaoiniú íseal-úis a bheith ar fáil, beidh sé níos fusa agus níos saoire d’úinéirí tí compord a dtí a mhéadú agus a mbillí fuinnimh a laghdú. Is eol dúinn gur féidir leis na costais tosaigh atá i gceist le hinfheistiú in uasghráduithe fuinnimh tí cur ó dhaoine ar mian leo éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú. Oibreoidh an scéim iasachta íseal-úis seo ó CBSÉ i gcomhar le cláir deontais fuinnimh tí SEAI, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa d’úinéirí tí a n-aistear iarfheistithe a thosú agus aistriú amach ó bhreoslaí iontaise."

Dúirt Geraldine Casey, Stiúrthóir Bainistíochta um Baincéireacht Mhiondíola in AIB:

"Tá ríméad ar AIB an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí a thairiscint dár gcustaiméirí i gcomhpháirt le CBSÉ. Trí na hiasachtaí ísealchostais seo, tabharfar deis do chustaiméirí a dteach a uasghrádú, airgead a choigilt ar bhillí fuinnimh, agus cabhrú leis an gcomhshaol. Tá sé mar chuspóir againn daoine a chumhachtú todhchaí inbhuanaithe a thógáil. Agus, trína dteach a uasghrádú, cibé acu trí insliú nó trí theaschaidéil, beidh siad in ann an méid sin a dhéanamh."

Dúirt Henry Dummer, Stiúrthóir um Ghnáthbhaincéireacht Laethúil i mBanc na hÉireann:

"Tá lúcháir ar Bhanc na hÉireann tosú ag glacadh le hiarratais ar an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí i gcomhpháirt le CBSÉ. Ós rud é go bhfuil rátáil C ar an scála RFF (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh) nó níos ísle ag beagnach trí cheathrú den soláthar tithíochta in Éirinn, agus ós rud é go léirítear sa taighde uainn go bhfuil sé beartaithe ag seisear as gach deichniúr úinéirí tí a dteach a iarfheistiú am éigin sa todhchaí, tugtar leis an scéim iasachta ísealchostais seo deis iontach eile do chustaiméirí infheistiú ina dteach a uasghrádú. Leis an scéim, comhlánófar an táirge nuálach 'EcoSaver Mortgage' dár gcuid, lena dtairgtear laghduithe ráta úis do chustaiméirí de réir mar a éiríonn a dteach níos éifeachtúla ar fhuinneamh."

Tá tuilleadh mionsonraí faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta iomlána, ar fáil ar shuíomhanna gréasáin CBSÉ agus SEAI.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Príomhghnéithe den Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí

  • Féadfaidh úinéirí tí (lena n-áirítear tiarnaí talún beaga neamhchorparáideacha) méid idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse suas le deich mbliana
  • Tá na hiasachtaí neamhurraithe, is é sin le rá nach dtógtar aon mhuirear ar an réadmhaoin, rud atá amhlaidh i gcás morgáiste
  • Ní mór an iasacht a úsáid chun oibreacha uasghrádaithe fuinnimh tí a dhéanamh
  • Ní mór an réadmhaoin chónaithe atá á huasghrádú a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann
  • Ní mór na hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh tí cáiliú le haghaidh deontas fuinnimh tí ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus ní mór é a bheith réamh-mheasta go bhfeabhsófar feidhmíocht fuinnimh (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh – "RFF") na réadmhaoine faoi 20% dá mbarr
  • Ní mór na hoibreacha a bheith á ndéanamh ag Ionad Ilfhreastail, Comhpháirtí Fuinnimh nó Comhordaitheoir Tionscadail Pobal atá cláraithe le SEAI. Tairgeann na conraitheoirí cláraithe sin de chuid SEAI na seirbhísí uile a theastaíonn le haghaidh uasghrádú fuinnimh tí iomlán d’úinéirí tí agus is féidir leo a chur in iúl cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hoibreacha beartaithe na ceanglais le haghaidh na scéime iasachta agus eolas a thabhairt maidir leis na deontais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó SEAI
  • Féadfar suas le 25% den mhéid a fhaightear ar iasacht a chaitheamh ar oibreacha nach mbaineann le héifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla oibreacha feabhsaithe tí eile a dhéantar i gcomhthráth le hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh (cé is moite d’aon chineál suiteála coirí breosla iontaise)
  • Beidh iasachtaí ar fáil lena dtarraingt anuas suas go dtí an 31 Nollaig 2026 nó go dtí go mbeidh an scéim lán-suibscríofa (cibé acu is túisce)
  • Beidh na hiasachtaí faoi réir ghnáthchritéir iasachtaithe agus gnáth-théarmaí agus coinníollacha iasachtaithe na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha
  • A luaithe atá siad ceadaithe, féadfar na hiasachtaí a tharraingt anuas sula dtosófar na hoibreacha. Leis sin, tugtar cinnteacht d’úinéirí tí go mbeidh na cistí acu le haghaidh na n-uasghráduithe fuinnimh atá beartaithe agus le haghaidh aon chostas tosaigh nó íocaíochtaí garsprice. Is minic a luann úinéirí tí gur príomhbhacainn é sin ar a dteach a uasghrádú
  • I láthair na huaire, tá an chuid is mó de na rátaí úis le haghaidh iasachtaí feabhsúcháin ghlais tí cothrom le ráta idir 6% agus 7%, agus na rátaí le haghaidh iasachtaí pearsanta eile chomh hard le 14%. Mar bhónas breise, d’fhéadfadh teaghlaigh cáiliú freisin le haghaidh morgáiste glas a bhfuil costas níos ísle ag baint leis sa todhchaí tar éis dóibh a n-iasacht ísealchostais a úsáid chun a RFF a thabhairt suas leis an leibhéal riachtanach
  • Is féidir le húinéirí tí ar mian leo iarfheistiú domhain lena mbaineann roinnt uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ag an aon am amháin a ghabháil de láimh nó tabhairt faoi dhornán uasghráduithe ar dá mbarr a fheabhsófar feidhmíocht fuinnimh an tí leas a bhaint as an scéim
  • Féadfaidh na daoine atá sa bhaol is mó bochtaineacht fuinnimh a fhulaingt leas a bhaint fós as uasghráduithe fuinnimh lánchistithe faoin Scéim um Thithe Níos Teo. Mar thoradh ar an bhfáil ar iasachtaí ísealchostais, beidh sé níos fusa do na daoine sin atá os cionn na tairsí incháilitheachta a dteach a uasghrádú

An Plean Náisiúnta Iarfheistithe

Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Iarfheistithe conas a chomhlíonfaidh an rialtas ár spriocanna iarfheistithe. Tá an plean ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar iarfheistiú ar fud ceithre phríomhcholún: éileamh agus gníomhaíocht a bhrú chun cinn; maoiniú agus cistiú; slabhra an tsoláthair, scileanna agus caighdeáin; agus rialachas. I gcás gach colúin, sainaithníodh bacainní agus cuireadh beartais, bearta agus gníomhartha atá faoi theorainn ama i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt orthu.

Is é atá sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ná an gealltanas is déanaí a tugadh faoin bplean atá comhlíonta. Mar thoradh ar chur chun feidhme an Phlean Náisiúnta Iarfheistithe, tá méadú an-suntasach tagtha ar uasghráduithe fuinnimh tí a sholáthar, agus thacaigh an rialtas le beagnach 48,000 uasghrádú an bhliain seo caite.

Na príomhstaitisticí don bhliain 2023:

  • Thacaigh an rialtas le beagnach 48,000 uasghrádú fuinnimh tí – méadú bliain ar bhliain 76%
  • Ba faoi 30% a sáraíodh an sprioc chun 37,000 uasghrádú fuinnimh tí a dhéanamh sa bhliain 2023
  • In éineacht leis an mbreis agus 2,400 iarfheistiú tí údaráis áitiúil a rinneadh sa bhliain 2023, tacaíodh le breis agus 50,000 uasghrádú fuinnimh san iomlán sa bhliain 2023
  • Soláthraíodh uasghráduithe fuinnimh saor in aisce do bheagnach 5,900 teaghlach ísealioncaim faoin Scéim um Thithe Níos Teo sa bhliain 2023 – méadú 33% ar an bhfigiúr don bhliain 2022
  • Ba é €320 milliún, nó mar sin, an caiteachas ar fud na scéimeanna uasghrádaithe fuinnimh cónaithe agus pobail de chuid SEAI a bhliain 2023. Tá sé sin cothrom le méadú 70% ar an bhfigiúr don bhliain 2022
  • Fuarthas beagnach 67,500 iarratas ar fud na scéimeanna uile – méadú 35% ar an bhfigiúr don bhliain 2022
  • Tá 20 Ionad Ilfhreastail cláraithe anois

Maidir le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ)

Bhunaigh an Roinn Airgeadais Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) i mí Mheán Fómhair 2014 chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn ar roghanna cistiúcháin a bheadh cobhsaí, fadtéarmach agus ar chostas níos ísle. Trí thacaíocht agus cabhair a thabhairt chun margadh éifeachtach creidmheasa a fhorbairt le haghaidh maoiniú fiontar beag agus meánmhéide, cinntíonn CBSÉ go bhfuil sé níos fusa d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar an maoiniú a theastaíonn uathu chun dul faoi bhláth agus gníomhaíocht gheilleagrach a thógáil in Éirinn.

Maidir le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Is é SEAI údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibríonn SEAI i gcomhar leis an rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus leis an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI)

Is é BEI foras iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil le haghaidh infheistíocht fhónta chun rannchuidiú le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh. Is cuid de Ghrúpa BEI é an Ciste Eorpach Infheistíochta.

An Tascfhórsa um Theas agus an Timpeallacht Thógtha

Cinntíonn an Tascfhórsa um Theas agus an Timpeallacht Thógtha go nglactar cur chuige comhordaithe i leith gníomhartha ar son na haeráide a dhéanamh go tapa ar mhaithe le feabhas a chur ar fhoirgnimh na hÉireann agus ar an dóigh a dtéitear iad. Ar mhaithe le todhchaí níos inbhuanaithe a bhaint amach, teastaíonn uainn foirgnimh atá éifeachtúil ar fhuinneamh agus a théitear le foinsí in-athnuaite.

Déanann an Tascfhórsa formhaoirseacht ar an obair a dhéantar chun beartais a fhorbairt agus a sholáthar ar fud ranna agus gníomhaireachtaí rialtais chun a chinntiú go mbíonn siad ailínithe le chéile agus go mbainistítear aon rioscaí do sholáthar tapa. Oibríonn an Tascfhórsa ar fud na n-earnálacha cónaithe, tráchtála, tionsclaíocha agus poiblí, agus díriú á leagan ar iarfheistiú, ar theaschaidéil a chur i bhfeidhm, ar bhithmheatán, agus ar thionscal téimh ceantair a sholáthar.