English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais na hÉireann i mbun feidhme anois

  • Fáiltíonn an tAire Smyth roimh sheoladh na scéime nua, lena laghdófar bruscar agus lena méadófar rátaí athchúrsála na hÉireann

Tá an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais — ar scéim náisiúnta nua airgid ar ais í do bhuidéil phlaisteacha dí agus do channaí alúmanaim — á cur i bhfeidhm ón lá inniu (Déardaoin an 1 Feabhra). Leis an scéim, tugtar dreasacht do dhaoine coimeádáin úsáidte dí a thabhairt ar ais ionas gur féidir iad a athchúrsáil go rathúil ina gcoimeádáin nua.

Tá an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais ar cheann amháin de na príomhghealltanais a tugadh i gClár an Rialtais 2020, agus is bunchloch bhunúsach de gheilleagar ciorclach í. Óltar thart ar chúig mhilliún deoch ó choimeádáin aonúsáide in Éirinn gach lá. Mar aon le rátaí athchúrsála a mhéadú, toradh eile a bheidh ar an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais is ea go laghdófar go mór an líon buidéal agus cannaí a bhíonn á gcaitheamh amach mar bhruscar nó a bhíonn á seoladh chuig líonadh talún nó lena loscadh.

Ón lá inniu, an 1 Feabhra 2024, nuair a cheannóidh tú deoch atá i mbuidéal plaisteach nó i gcanna alúmanaim ar a bhfuil lógó Re-turn, íocfaidh tú éarlais bheag i dteannta phraghas na dí. Nuair a thabharfaidh tú do choimeádán folamh dí gan damáiste ar ais chuig aon asraon miondíola atá rannpháirteach, gheobhaidh tú d’éarlais iomlán ar ais. Beidh feidhm ag éarlais 15 cent maidir le coimeádáin ina bhfuil idir 150 ml agus 500 ml agus beidh feidhm ag éarlais 25 cent maidir le coimeádáin ina bhfuil idir 500 ml agus trí lítear.

Ag fáiltiú dó roimh sheoladh na scéime nua, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:

"Tá lúcháir orm ár Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais a sheoladh inniu. Is tionscnamh corraitheach nua é seo lena méadófar rátaí athchúrsála, lena laghdófar bruscar go mór, agus lena gcuirfear feabhas ar an gcomhshaol. Ar an tslí sin, gheobhaimid réidh le buidéil agus cannaí cois bóthair agus ar an trá, agus rannchuideoimid leis an ngeilleagar ciorclach trí choimeádáin dí dramhaíola a thiontú ina mbuidéil agus ina gcannaí nua.

"Is eol dúinn go n-éiríonn le scéimeanna aisíoca éarlaise — oibrítear go héifeachtach iad i níos mó ná 40 tír ar fud an domhain, lena n-áirítear 15 cinn san Eoraip, agus tá an meánráta bailiúcháin san Aontas Eorpach cothrom le 92%. Trí luach airgeadais a chur ar na coimeádáin sin, tugtar dreasacht do thomhaltóirí iad a thabhairt ar ais. Ceapaim go dtacóidh daoine in Éirinn go mór leis an scéim seo agus go ndéanfaidh siad scéim rathúil di; rinne siad an rud céanna nuair a tugadh an tobhach ar mhálaí plaisteacha agus an Euro isteach.

"Forbairt ‘uair amháin sa ghlúin’ do thionscal deochanna na hÉireann is ea an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chomhoibriú agus don cheannaireacht a léirigh an tionscal chun córas casta nua a bhunú laistigh de chreat ama measartha gearr. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do na gnólachtaí beaga a roghnaigh a bheith rannpháirteach sa scéim. Tugaim m’fhocal dóibh go dtacóidh mé go leanúnach leo chun a chinntiú go rachaidh an scéim chun tairbhe do ghnólachtaí agus pobail áitiúla."

Is é Deposit Return Scheme Ireland (DRSI) CLG, ag trádáil dó mar Re-turn, a oibríonn an Scéim. Cheap an tAire Ossian Smyth an chuideachta i mí Iúil 2022. Bhunaigh táirgeoirí agus miondíoltóirí deochanna DRSI CLG chun na hoibleagáidí atá orthu faoi na Rialacháin um Bailiú ar Leithligh (An Scéim Aisíoca Éarlaise), 2021, a chomhlíonadh.

Dúirt Ciaran Foley, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Re-turn:

"Tá lúcháir orainn Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais na hÉireann, ar a dtugtar Re-turn, a sheoladh. Tá an scéim atá á tabhairt isteach againn inniu ar cheann amháin de na tionscadail gheilleagair chiorclaigh is suntasaí agus is bunathraithí le roinnt blianta anuas. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le miondíoltóirí agus táirgeoirí na hÉireann as a gcomhoibriú luachmhar le linn an phróisis seo. Ní fhéadfaimis an scéim seo a thabhairt isteach gan an comhoibriú sin.

"Rachaidh an scéim seo chun tairbhe d’Éirinn ar roinnt mhaith bealaí corraitheacha – méadófar léi rátaí athchúrsála, laghdófar léi bruscar agus astaíochtaí, coiscfear léi dramhaíl, agus maolófar léi an brú ar ár n-acmhainní nádúrtha. Trí bhuidéil phlaisteacha agus cannaí a bhailiú ar leithligh, rathófar go ndéanfar ábhar athchúrsáilte ardchaighdeáin a thabhairt ar ais agus a athchúrsáil agus nach mbeidh aon traséilliú ann. Tá Aisíoc Éarlaise ina mhodh cruthaithe chun rátaí athchúrsála a mhéadú, agus d’éirigh go geal leis i roinnt tíortha eile san Eoraip cheana féin. Is céim dhearfach eile é seo i dtreo Éire níos glaine agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. Molaimid do thomhaltóirí dul i dteagmháil le Re-turn má bhíonn aon cheisteanna acu. Le chéile, imreoimid tionchar suntasach ar ár gcomhshaol."

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin Scéim Aisíoca Éarlaise, lena n-áirítear Ceisteanna Coitianta, a fháil ar shuíomh gréasáin Re-turn ag https://re-turn.ie.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Cén dóigh a n-oibreofar an Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais?

Ón lá inniu, an 1 Feabhra 2024, nuair a cheannóidh tú deoch atá i mbuidéal plaisteach nó i gcanna alúmanaim ar a bhfuil lógó Re-turn, íocfaidh tú éarlais bheag i dteannta phraghas na dí.

Tá Re-turn ag déanamh formhaoirseacht ar chur i bhfeidhm na Scéim Éarlais agus Tabhair ar Ais, agus measann sé go mbeidh níos mó ná 2,000 pointe aisíoca réidh ón lá inniu le glacadh le coimeádáin atá tugtha ar ais agus le héarlaisí a aisíoc. Shuiteáil miondíoltóirí móra agus roinnt miondíoltóirí beaga Meaisíní Díolacháin Ar Ais ag a n-áitribh chun an próiseas aisíoca éarlaise a uathoibriú. Oibreoidh beagnach 200 miondíoltóir beag an scéim de láimh thar an gcuntar.

Gheobhaidh tomhaltóirí an éarlais ar ais nuair a thabharfaidh siad an buidéal plaisteach nó an canna folamh gan damáiste (ar a bhfuil lógó Re-turn) ar ais do na siopaí agus na hollmhargaí rannpháirteacha ar fud na tíre, cibé acu trí Mheaisín Díolacháin Ar Ais nó de láimh thar an gcuntar. Le Meaisíní Díolacháin Ar Ais, eiseofar dearbhán chuig custaiméirí, rud is féidir a fhuascailt in aghaidh ceannacháin siopa nó mar aisíocaíocht airgid thirim ag an scipéad. Más rud é go dtabharfar coimeádáin ar ais thar an gcuntar, soláthróidh miondíoltóirí aisíocaíocht i gcás go mbeidh an coimeádán gan damáiste agus go mbeidh lógó Re-turn air. Moltar do thomhaltóirí gan na buidéil phlaisteacha ná na cannaí a leacú ná a fháscadh.

Ón 1 Meitheamh, cuirfear deireadh de réir a chéile leis an stoc ar fad nach bhfuil lógó Re-turn air agus ní bheidh tomhaltóirí in ann ach deochanna a bhfuil éarlais iníoctha ina leith a cheannach.

Chun an pointe aisíoca éarlaise is gaire dóibh a aimsiú, is féidir le daoine aonair úsáid a bhaint as an léarscáil 'Where To Return' atá ar fáil ó Re-turn. Is féidir an léarscáil sin a rochtain trí chód QR ar 'Dheimhnithe Díolúine Tabhairt ar Ais' a scanadh nó trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Re-turn.

Is féidir ceisteanna maidir le hoibriú na scéime a sheoladh chuig re-turn@teneo.com

Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ar shuíomh gréasáin Re-turn.

An geilleagar ciorclach

Tá an beartas Rialtais ag bogadh i dtreo 'geilleagar ciorclach' a bhaint amach. Ní féidir linn leanúint d’ábhair a dhéanamh, a úsáid agus a chaitheamh amach. Is é atá i gceist le ciorclaíocht ná ár n-acmhainní a úsáid go cúramach agus, trí bhogadh chuig geilleagar ciorclach, is féidir linn úsáid ábhar a laghdú.

Beidh dea-thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ag gabháil le geilleagar ciorclach a sholáthar. Tá tíortha ar fud na hEorpa ag aistriú i dtreo cleachtais gheilleagair chiorclaigh agus ag glacadh na gcleachtas sin. Tá an tAontas Eorpach ag saothrú straitéis ‘an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’ uaidh. Cuid dhílis den straitéis sin is ea an geilleagar ciorclach. I mí an Mhárta 2020, sheol an tAontas Eorpach an Dara Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach uaidh.

Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh Éire an chéad Straitéis uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach uaithi i mí na Nollag 2021 chun comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun breac-chuntas a thabhairt do gheallsealbhóirí agus don phobal ar an gcur chuige foriomlán a ghlacann an rialtas i leith an gheilleagair chiorclaigh.

Téann an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach, 2022, níos faide fós tríd an gcur chuige beartais sin a aistriú ina cheanglas reachtúil. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca reachtúil riachtanach ag gníomhartha éagsúla lena neartófar forfheidhmiú dramhaíola i ndáil le dumpáil mhídhleathach agus le bruscar a chaitheamh, mar shampla trína chumasú gur féidir úsáid a chomhlíonann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a bhaint as TCI agus teicneolaíochtaí eile i ngníomhartha forfheidhmiúcháin. Is é an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach an creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Leis an Acht seo, déantar an Straitéis sin, agus an gealltanas go ndéanfaí aistriú chuig geilleagar ciorclach, a chur ar bhonn reachtúil soiléir. Cuirfear an Clár Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach (a n-oibríonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é) ar an mbonn reachtúil céanna.

Ní smaoineamh nua é an geilleagar ciorclach. Déanta na fírinne, is rudaí coitianta iad a lán gníomhaíochtaí ciorclacha. Chun na tairbhí iomlána a bhaint amach, áfach, teastaíonn níos mó ná gníomhaíocht ar leibhéal an duine aonair. Teastaíonn an meascán ceart idir beartais rialtais, rialáil rialtais, samhlacha nua gnó agus córais nua táirgthe freisin. Teastaíonn oideachas agus feasacht freisin.

Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.