English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá straitéis á forbairt ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála chun tionscal cibearshlándála na hÉireann a threisiú

Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ag iarraidh tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir le cé na bearta ba cheart a dhéanamh chun earnáil cibearshlándála na hÉireann a threisiú mar chuid de Straitéis Thionsclaíoch Cibearshlándála.

San Athbhreithniú Lár Téarma ar an Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta 2019-2024, leagadh amach roinnt beart nua atá ceaptha chun leanúint le scileanna ábhartha cibearshlándála a fhorbairt chun bearnaí scileanna a líonadh agus chun tacú le fás féideartha an tionscail cibearshlándála in Éirinn.

Ceann amháin de na gníomhartha tosaíochta a thagann as an athbhreithniú lár téarma is ea straitéis uile-Rialtais a fhorbairt don tionscal cibearshlándála chun tacú le tionscal cibearshlándála na hÉireann a acmhainneacht a bhaint amach. Bhunaigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála grúpa comhairleach atá comhdhéanta de phríomhranna Rialtais agus de phríomhghníomhaireachtaí Rialtais chun an tionscadal seo a fhormhaoirsiú.

Gné thábhachtach den tionscadal seo is ea comhairliúchán, ní hamháin leis an tionscal ach leis an bpobal i gcoitinne freisin. Is é atá sa phróiseas comhairliúcháin, a bheidh ar siúl go dtí an 26 Aibreán 2024, ná do dheis do chuid tuairimí agus eispéireas maidir leis an gcibearshlándáil a chomhroinnt. Cabhróidh sé go mór leis an tionscadal seo a shainaithint cé na réimsí ba cheart a chur ar áireamh lena mbreithniú sa straitéis nua.

Leagtar béim sa doiciméad comhairliúcháin ar thrí phríomhthéama: Scileanna; Taighde agus Nuálaíocht; agus an Tionscal Dúchasach, agus forbairtí le déanaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an reachtaíocht agus beartas um chibearshlándáil á gcur san áireamh freisin.

Cuir do thuairimí in iúl trí pháirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ar shuíomh Gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta / Athbhreithniú Lár Téarma

Foilsíodh an Straitéis Cibearshlándála Náisiúnta reatha i mí na Nollag 2019, agus leanann sí as an gcéad straitéis de chuid na tíre, a foilsíodh sa bhliain 2015.

Leagtar amach san Athbhreithniú Lár Téarma 18 ngníomh straitéiseacha nua atá le cur chun feidhme laistigh de thréimhse feidhme na straitéise. Forbraíodh iad sin tar éis comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon.

Faisnéis bhreise/acmhainní breise

An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tá trí phríomhról ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is iad sin:

  • An Stát, lena n-áirítear bonneagar Rialtais agus criticiúil, a chosaint ar rioscaí cibearshlándála trí fhaireachán a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála, lena n-áirítear freagairtí do theagmhais chibearshlándála mhórscála, agus na teagmhais sin a bhrath agus freagairt dóibh
  • Athléimneacht a thógáil ar fud an Stáit agus na sochaí trí threoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, trí shraith ceanglas a chur ar dhíoltóirí, ar oibritheoirí bonneagair chriticiúil agus ar chomhlachtaí poiblí
  • Caidreamh idirnáisiúnta láidir a fhorbairt agus a choinneáil ar bun sa phobal cibearshlándála domhanda chun faisnéis a chomhroinnt agus chun freagairtí do theagmhais a chomhordú