Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach 2024
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach agus Cumarsáid, inniu an glao ar iarratais le haghaidh bhabhta cistiúcháin na bliana 2024 den Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC).
Leis an scéim deontas seo, féachtar le tacaíocht a thabhairt do thionscadail nuálaíochta agus geilleagair chiorclaigh a dtugann fiontair shóisialta, eagraíochtaí deonacha agus pobail agus gnólachtaí a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu fúthu.
Bhunaigh an tAire Smyth SDNGC i mí Aibreáin 2021. Ón nglao sin i leith, dámhadh cistiú SDNGC ab fhiú €1.14 milliún, beagnach, do 23 thionscadal, a chlúdaíonn raon leathan téamaí geilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear dramhaíl bhia, plaistigh, plaistigh aonúsáide, pacáistíocht, tógáil, teicstílí agus dramhaíl ghinearálta. I mbliana, riarfar an scéim i gcomhpháirt le Fondúireacht Pobail d’Éirinn. Tá Fondúireacht Pobail d’Éirinn ina mol daonchairdiúil a thugann le chéile deontóirí, deontaithe agus pobail ar mian leo dea-athruithe sóisialta a bhaint amach. Thaispeáin an eagraíocht go leor ratha maidir le deontais a eisíoc le grúpaí agus eagraíochtaí ilchineálacha faoi cholúin théamacha éagsúla.
Mar fhreagairt do rath méadaitheach na scéime, beidh Fondúireacht Pobail d’Éirinn ag soláthar foireann thiomnaithe a chomhoibreoidh leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun próisis iarratais, mheastóireachta agus riaracháin na scéime a bhainistiú agus chun pacáiste tacaíochta a thabhairt do gach iarratasóir ar dheontais.
Tá cistiú iomlán is fiú €650,000 faoi SDNGC á chur ar fáil faoi ghlao na bliana 2024. Is é €100,000 an t-uaschistiú a bheidh ar fáil d’aon tionscadal aonair faoi bhabhta cistiúcháin na bliana seo. Ní bhreithneofar le haghaidh an uasleibhéil cistiúcháin sin ach tograí ar féidir leo tionchar ollmhór a thaispeáint. Meastar gur idir €10,000 agus €50,000 a bheidh luach an ghnáthchistiúcháin do thionscadail SDNGC faoi ghlao na bliana 2024.
D’fhéadfadh iarratais ar chistiú díriú ar na réimsí téamacha a bhaineann le tosaíochtaí le haghaidh an gheilleagair chiorclaigh in Éirinn, is iad sin: plaistigh, dramhaíl tógála agus scartála, dramhaíl bhia agus acmhainní agus amhábhair (trealamh leictreach agus leictreonach, teicstílí, troscán). Is iad seo (chun críocha léiriúcháin) roinnt samplaí den chineál tograí le haghaidh cistiúcháin a d’fhéadfaí a bhreithniú:
- Táirgí nó pacáistíocht a athdhearadh chun plaisteach in-athchúrsáilte a chur in ionad plaisteach do-athchúrsáilte nó chun plaisteach in-athchúrsáilte a chur in ionad ógphlaistigh
- Táirgí a athdhearadh chun go mbeidh sé níos fusa iad a athchúrsáil nuair a bheidh a ré caite
- Táirgí ciorclacha tógála (táirgí is féidir a athúsáid nó a bhfuil tréimhse saoil mhéadaithe acu)
- Scartáil roghnaitheach/ghlas chun go mbeifear in ann ábhair ghuaiseacha a bhaint agus chun athúsáid agus athchúrsáil a éascú
- Réitigh nuálacha um dhramhaíl a chosc a chur chun cinn ar fud na hearnála táirgthe bia agus na hearnála próiseála bia
- Idirghabhálacha teicniúla agus iompraíochta a chur chun feidhme chun dramhaíl bhia a laghdú i suíomhanna tráchtála
- Cion na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí a laghdú
- Tréimhse saoil táirge a fhadú trí athúsáid nó trí dheisiú
- Cur le hathshlánú na n-amhábhar criticiúil liostaithe
Agus an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach 2024 á seoladh, d’aithin an tAire Smyth an ról tábhachtach a imríonn SDNGC. Dúirt sé:
"Tá an dúshlán atá orainn geilleagar ciorclach a bhaint amach chomh mór sin go dteastóidh athruithe ar gach leibhéal dár sochaí. Tá ríméad orm a bheith in ann an tríú glao le haghaidh SDNGC a fhógairt. Leanfaidh SDNGC na bliana 2024 ar aghaidh ag tacú le pobail aistriú chuig todhchaí níos inbhuanaithe, agus díriú á leagan ar dhramhaíl a laghdú agus a dhíothú agus ar acmhainní a choinneáil i mbun úsáide ar feadh na tréimhse is faide is féidir."
Dúirt Denise Charlton, Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Pobail d’Éirinn:
"Tá Fondúireacht Pobail d’Éirinn tiomanta do thodhchaí inbhuanaithe a chinntiú mar chuid dá misean go mbeadh comhionannas ag gach duine i bpobail atá faoi bhláth. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí tacaíocht dóibh sin atá ag féachaint le deireadh a chur le claonadh diomailteach ár sochaí agus claonadh deisiúcháin agus athshlánaithe a chur ina ionad. Táimid ag súil le hobair i gcomhar leis an Aire Smyth agus leis na deontaithe chun an sprioc sin a bhaint amach. Mar mhol daonchairdiúil a chruinnigh deontais ab fhiú breis agus €130 milliún do phobail ó bhí an bhliain 2000 ann, tá bród orainn gurb í an chomhpháirtíocht nua seo leis an rialtas an chéad chomhpháirtíocht riamh faoin mBeartas Daonchairdis Náisiúnta."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach
Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpróiseas iarratais le haghaidh SDNGC a fháil ar shuíomh gréasáin Fhondúireacht Pobail d’Éirinn agus beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 19 Iúil 2024.