English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Téann Éire isteach i gcomhpháirtíocht idirnáisiúnta a bhfuil mar aidhm aici cleachtais soláthair inbhuanaithe TFC a chur chun cinn

Tá Éire tar éis comhaontú deonach a dhéanamh chun obair i gcomhar le comhlachtaí eile, ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun feabhas a chur ar a inbhuanaithe atá soláthar TFC. Gairtear an Comhshocrú um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Chiorclach agus Chothrom den tionscnamh deonach sin, agus is ionann é agus comhpháirtíocht idirnáisiúnta soláthair a bhfuil sé mar shainordú aici ciorclaíocht, cothroime agus inbhuanaitheacht a luathú san earnáil TFC. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag dul isteach sa Chomhshocrú mar rannpháirtí comhordúcháin.

Trí dhul isteach sa Chomhshocrú, tá an Roinn ag comhlíonadh ceann amháin de na gealltanais atá tugtha sa doiciméad Ceannach Níos Glaise: Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas 2024-2027, rud ar cheadaigh an Rialtas é níos luaithe i mbliana. Leis an straitéis, brúfar cur chun feidhme cleachtas soláthair ghlais agus chiorclaigh chun cinn ar fud na hearnála poiblí. Áirítear léi sprioc shonrach do sholáthar inbhuanaithe TFC, agus díriú á leagan ar tháirgí deimhnithe nó athmhonaraithe TF a úsáid.

Tá iarrachtaí ar bun ag Éirinn cheana féin chun tacú le soláthar inbhuanaithe TFC agus, níos luaithe i mbliana, sheol an Oifig um Sholáthar Rialtais creat nua lena gcumasaítear do chomhlachtaí poiblí ríomhairí glúine athmhonaraithe a cheannach. Is é sin an chéad socrú dá chineál san Aontas Eorpach. Foilsíodh faisnéis faoi sheoladh an tsocraithe ar Item was unpublished or removed

Trína rannpháirtíocht sa Chomhshocrú um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Chiorclach agus Chothrom, bíonn Éire ag cur lena hiarrachtaí féin i réimse an tsoláthair inbhuanaithe TFC. Comhroinnfidh sí a dea-chleachtais le rannpháirtithe eile sa Chomhshocrú freisin, agus í ag rannchuidiú leis na hiarrachtaí atá ar bun ar fud an domhain chun earnáil níos inbhuanaithe TFC a chruthú.

Ag labhairt dó tar éis shíniú an Chomhshocraithe, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Soláthar Poiblí, ríomh-Rialtas, Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:

"Treisíonn rannpháirtíocht na hÉireann leis an iarracht chomhchoiteann i dtreo soláthar inbhuanaithe TFC. A bhuí lena cuid eispéireas, tugtar léargais luachmhara do rannpháirtithe sa Chomhshocrú agus rannchuidítear le dul chun cinn i dtreo an earnáil TFC a dhéanamh níos inbhuanaithe."


Nótaí don Eagarthóir

An Comhshocrú um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Chiorclach agus Chothrom

Is ionann an Comhshocrú um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide Chiorclach agus Chothrom agus comhpháirtíocht idirnáisiúnta soláthair a bhfuil sé mar shainordú aici ciorclaíocht, cothroime agus inbhuanaitheacht a luathú san earnáil TFC.

Tá sé mar aidhm ag an gComhshocrú úsáid critéar coiteann simplí soláthair a spreagadh, treoir a sholáthar, agus comhroinnt eolais a éascú. Is é is aidhm dó cumhacht chomhchoiteann soláthair a ghiaráil i ndlúthchomhar le soláthróirí TFC, ar mhaithe leis an athrú agus an nuálaíocht is gá a bhaint amach. Tá an Comhshocrú ar cheann amháin de na gníomhartha faoi chlár Soláthair Phoiblí Inbhuanaithe Líonra an Aon Phláinéid Amháin de chuid na Náisiún Aontaithe. Tosaíodh é mar thionscnamh a bhí á reáchtáil ag rialtas na hÍsiltíre i gcomhar le tíortha eile agus le réigiúin atá ar thús cadhnaíochta na hoibre sa réimse seo agus i gcomhairle leis an margadh TFC.