English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Téann seacht gcomhar creidmheasa isteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí

  • Rochtain níos éasca ar iasachtaí ísealchostais i bpobail ar fud na hÉireann
  • Iasachtaí a dtacaíonn an Rialtas leo ar fáil do 267,000 ball ar fud 28 mbrainse

Chuir Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, agus Robert Troy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, fáilte inniu roimh an gcinneadh ó sheacht gComhar Creidmheasa ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa dul isteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí a dtacaíonn an rialtas léi. Is iad na hiasachtóirí is déanaí a chuaigh isteach sa scéim iad.

Tá Comhar Creidmheasa Chluain Meala, Comhar Creidmheasa Connect, Comhar Creidmheasa First South, Comhar Creidmheasa Lios Tuathail, Comhar Creidmheasa Naomh Breandán, Comhar Creidmheasa an Láir Tíre Thuaidh, agus Comhar Creidmheasa Progressive ar oscailt d’iarratais ar an scéim iasachta ón lá inniu. Tosaíonn na rátaí úis ag 2.99%, agus iad ag brath ar an iasachtóir. Ceadaíodh na comhair chreidmheasa sin go rathúil chun dul isteach sa scéim tar éis próiseas fairsing díchill chuí a raibh Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ), an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) páirteach ann.

Tá sé mar aidhm leis an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún úinéirí tí a spreagadh infheistiú in uasghráduithe fuinnimh chun a dteach a dhéanamh níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí, agus astaíochtaí agus billí fuinnimh á laghdú acu an tráth céanna. Seoladh an scéim i mí Aibreáin an bhliain seo caite, agus tá sí ar an gcéad scéim dá leithéid in Éirinn agus do Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI). Tá an scéim á soláthar ag CBSÉ thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus Grúpa BEI ag tacú léi.

Dearadh an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí chun freastal ar na riachtanais atá ag úinéirí tí. Cinntítear léi go dtugtar rochtain ar iasachtaí ar bhealach simplí tapa, agus béim á cur ar an ualach oibre atá ar úinéirí tí a laghdú. Leis an scéim, soláthraítear iasachtaí neamhurraithe (is é sin le rá, níl aon cheanglas ann go ndéanfaí an iasacht a urrú i gcoinne na réadmhaoine atá á huasghrádú) is fiú idir €5,000 agus €75,000, agus téarmaí aisíocaíochta a mhairfidh 10 mbliana ar a mhéad ag baint leo. Leis na hiasachtaí sin, cabhraítear le húinéirí tí uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh agus uasghráduithe fuinnimh in-athnuaite a dhéanamh, amhail insliú agus teaschaidéil, arb uasghráduithe iad atá deontaschistithe ag SEAI freisin.

A luaithe atá siad ceadaithe, féadfar na hiasachtaí a tharraingt sula dtosófar na hoibreacha. Leis sin, tugtar cinnteacht d’úinéirí tí go mbeidh na cistí acu le haghaidh na n-uasghráduithe fuinnimh atá beartaithe agus le haghaidh aon chostas tosaigh nó íocaíochtaí 'garsprice'.

A bhuí le seoladh an lae inniu, méadaítear arís eile an fháil atá ag pobail áitiúla ar iasachtaí iarfheistithe níos inacmhainne. I dteannta a chéile, is ag na comhair chreidmheasa seo atá 28 mbrainse agus thart ar 267,000 ball. Tá tuilleadh solúbthachta ann do bhaill de chomhair chreidmheasa freisin. Ag brath ar an mbrainse, is féidir leo iarratas a dhéanamh thar an teileafón, i bpearsa nó ar líne. Tá roinnt mhaith de na brainsí seo lonnaithe i limistéir réigiúnacha agus i mbailte tuaithe nach bhfuil an líon céanna príomhbhanc le fáil iontu. Ar an tslí sin, éascaíonn siad rochtain níos fearr ar an scéim d’úinéirí tí ar fud na tíre.

I dteannta na seacht gcomhar creidmheasa, tá an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ar fáil freisin ó PTSB, ó AIB, ó Bhanc na hÉireann agus ó Avant Money, i gcomhpháirt leis An Post.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire O’Brien:

"Is forbairt shuntasach é seoladh an lae inniu, agus tá iasachtaí ísealchostais iarfheistithe a dtacaíonn an rialtas leo níos inrochtana fós anois tar éis do sheacht gcomhar creidmheasa, a bhfuil 28 mbrainse agus thart ar 267,000 ball acu, dul isteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí. Mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá acu ina bpobail, is cúis áthais ar leith dom go bhfuil comhair chreidmheasa rannpháirteach sa scéim anois.

"Tá an méadú ar an líon iasachtóirí a sholáthraíonn iasachtaí ísealchostais ag teacht le Clár an Rialtais, agus cabhróidh sé le tuilleadh úinéirí tí a dteach a uasghrádú chun a bheith níos teo agus níos sláintiúla agus a mbillí a laghdú.

"Tá muinín agam go gcuirfidh fógairt an lae inniu arís eile leis an móiminteam atá ann san earnáil iarfheistithe, a bhfuil fás ollmhór tagtha uirthi le blianta beaga anuas agus a chabhróidh lenár spriocanna iarfheistithe don bhliain 2030 a bhaint amach."

Dúirt Robert Troy, an tAire Stáit:

"Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh sheacht gcomhar creidmheasa ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa mar rannpháirtithe sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún. Agus na comhair chreidmheasa seo rannpháirteach inti anois, tiocfaidh méadú ar rochtain ar an scéim seo a dtacaíonn Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann léi.

"Leis an scéim, soláthraítear tairbhí d’úinéirí tí agus don rialtas araon. Ó thaobh úinéirí tí de, soláthraítear léi maoiniú neamhurraithe ísealchostais 10 mbliana chun éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú agus chun a gcostais fuinnimh a laghdú.

"Ó thaobh an rialtais de, cabhraítear léi lenár n-astaíochtaí CO2 a laghdú agus, ar an tslí sin, déantar léi rannchuidiú suntasach maidir le spriocanna aeráide na hÉireann a chomhlíonadh.

"Molaim d’aon daoine a bhfuil spéis acu i leas a bhaint as an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí teagmháil a dhéanamh leis na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha, amhail na heintitis rannpháirteacha ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa."

Dúirt June Butler, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CBSÉ:

"Fáiltíonn CBSÉ roimh fhógairt an lae inniu go mbeidh seacht gComhar Creidmheasa ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa ag dul isteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí.

"Tá fréamhacha doimhne ag Comhair Chreidmheasa laistigh de phobail áitiúla agus, mar thoradh ar rannpháirtíocht Chomhair Chreidmheasa Chluain Meala, Connect, First South, Lios Tuathail, Naomh Breandán, an Láir Tíre Thuaidh agus Progressive sa scéim seo a dtacaíonn an rialtas léi, tacófar arís eile le húinéirí tí ar fud na tíre uasghráduithe fuinnimh cónaithe a dhéanamh trí mhaoiniú inrochtana níos inacmhainne.

"Ní hé amháin go n-éascaíonn an comhoibriú seo an t-aistriú chuig tithe atá níos éifeachtúla ar fhuinneamh, ach cuireann sé béim freisin ar an ról ríthábhachtach a imríonn comhair chreidmheasa maidir le tionscnaimh áitiúla forbartha agus inbhuanaitheachta a chothú.

"Trí iasachtaí atá sa raon idir €5,000 agus €75,000 a thairiscint, arb iasachtaí iad lena ngabhann téarmaí a mhairfidh 10 mbliana ar a mhéad agus rátaí úis atá i bhfad níos ísle ná na rátaí a ghabhann le gnáthiasachtaí pearsanta, cumasaítear leis an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí d’úinéirí tí compord agus feidhmíocht fuinnimh a dtí a mhéadú."

Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:

"Mórchúis áthais do SEAI is ea fógairt an lae inniu go mbeidh seacht gcomhar creidmheasa á gcur leis an liosta soláthraithe atá rannpháirteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí agus go mbeidh siad ag tairiscint iasachtaí iomaíocha dá gcuid ball chun éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a uasghrádú.

"Tá comhair chreidmheasa i gcroílár a bpobal áitiúil, agus is é an toradh a bheidh ar an tairiscint seo go mbeidh sé níos saoire d’úinéirí tí sna limistéir lena mbaineann compord a dtí a mhéadú agus a mbillí fuinnimh a ísliú. Leis an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, i gcomhar le cláir deontais fuinnimh tí SEAI, tacaítear le húinéirí tí freastal ar na costais tosaigh a bhaineann le huasghráduithe fuinnimh tí ionas go mbeidh sé níos fusa fós d’úinéirí tí a n-aistear iarfheistithe a thosú agus aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise."

Dúirt David Malone, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa:

"Tá lúcháir ar Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa tacú le 7 gcinn dár bpríomhchomhair chreidmheasa dul isteach sa tionscnamh tábhachtach seo. Mar phríomhsholáthraí iasachtaí feabhsaithe tí sa tír, tá ról ríthábhachtach ag comhair chreidmheasa ina bpobail áitiúla, agus cuirfidh siad go mór leis an scéim seo dá bharr sin.

"Is eol dúinn gur féidir leis an gcostas a bhaineann le huasghráduithe fuinnimh tí a bheith ina bhacainn shuntasach d’úinéirí tí. Trí iasachtaí ísealchostais a thairiscint tríd an scéim seo, tabharfaidh na comhair chreidmheasa rannpháirteacha tacaíochtaí tábhachtacha do bhaill, rud a chuirfidh ar a gcumas compord, teas agus éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a mhéadú."

Tá tuilleadh mionsonraí faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ar fáil ar shuíomh gréasáin CBSÉ agus ar shuíomh gréasáin SEAI araon.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Príomhghnéithe de na hiasachtaí faoin Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí

  • Féadfaidh úinéirí tí (lena n-áirítear tiarnaí talún beaga neamhchorparáideacha) méid idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse suas le deich mbliana
  • Tairgfidh na comhair chreidmheasa iasachtaí a bheidh sa raon idir 2.99% agus 4.5% faoin scéim
  • Tá na hiasachtaí neamhurraithe, is é sin le rá nach dtógtar aon mhuirear ar an réadmhaoin, rud atá amhlaidh i gcás morgáiste
  • Ní mór an iasacht a úsáid chun oibreacha uasghrádaithe fuinnimh tí/oibreacha iarfheistithe fuinnimh tí a dhéanamh
  • Ní mór an réadmhaoin chónaithe atá á huasghrádú a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann
  • Ní mór na hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh tí cáiliú le haghaidh deontas fuinnimh tí ó SEA agus ní mór é a bheith réamh-mheasta go bhfeabhsófar feidhmíocht fuinnimh (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh – "RFF") na réadmhaoine faoi 20% dá mbarr
  • Ní mór na hoibreacha a bheith á ndéanamh ag Ionad Ilfhreastail nó Comhordaitheoir Tionscadail Pobal atá cláraithe le SEAI. Tairgeann na conraitheoirí cláraithe sin de chuid SEAI na seirbhísí uile a theastaíonn le haghaidh uasghrádú fuinnimh tí iomlán d’úinéirí tí agus is féidir leo a chur in iúl cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hoibreacha beartaithe na ceanglais le haghaidh na scéime iasachta agus eolas a thabhairt maidir leis na deontais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó SEAI
  • Féadfar suas le 25% den mhéid a fhaightear ar iasacht a chaitheamh ar oibreacha nach mbaineann le héifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla oibreacha feabhsaithe tí eile a dhéantar i gcomhthráth le hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh (cé is moite d’aon chineál suiteála coirí breosla iontaise)
  • Tá iasachtaí ar fáil lena dtarraingt anuas suas go dtí an 31 Nollaig 2026 nó go dtí go mbeidh an scéim lán-suibscríofa (cibé acu is túisce)
  • Tá na hiasachtaí faoi réir ghnáthchritéir iasachtaithe agus ghnáth-théarmaí agus coinníollacha iasachtaithe na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha

Na rátaí úis atá ar fáil agus láthair na gcomhar creidmheasa iomchuí

Ainm Láithreacha Ballraíocht Leabhar Iasachta Ráta Úis faoin Scéim
Cluain Meala Tiobraid Árann Theas, Cill Chainnigh Theas agus Port Láirge Thiar – brainsí i gCluain Meala, i bhFiodh Ard agus i Muileann na hUamhan. 32,000 €71.5 milliún 3.25%
Connect Lú Thoir – brainsí i nDún Dealgan, ar na Creagacha Dubha agus i dTearmann Feichín. 16,000 €33.9 milliún 3.14%
First South Cathair Chorcaí agus Cionn tSáile – brainsí i mBaile Féitheán, i mBaile an Locha, i gCrois an Díolúnaigh, i gCionn tSáile agus ar an Meal Theas. 39,500 €67.3 milliún 4.2%
Lios Tuathail Ciarraí – brainsí i Lios Tuathail agus i mBaile an Bhuinneánaigh. 16,700 €21 mhilliún 4.5%
Naomh Breandán Gaillimh Thoir – brainsí i mBaile Locha Riach agus ar an nGráig 14,500 €32.7 milliún 2.99%
An Lár Tíre Thuaidh An Longfort agus an Iarmhí – brainsí ar an Muileann gCearr, i mBaile na gCros, i gCionn Átha Gad, ar an Longfort, i nDroichead Chaisleán Loiste agus i mBéal Átha Liag. 64,500 €121 mhilliún 4.2%
Progressive Baile Átha Cliath Thuaidh – brainsí i mBaile Brigín, i mBaile Dúill, ar an bPort Thoir, i bhFionnradharc, ar an Ros, i Sord (Gleann na hAbhann) agus i mBaile Munna. 61,000 €73.7 milliún 4.2%

An Plean Náisiúnta Iarfheistithe

Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Iarfheistithe conas a chomhlíonfaidh an rialtas ár spriocanna iarfheistithe. Tá an plean ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar iarfheistiú ar fud ceithre phríomhcholún: éileamh agus gníomhaíocht a bhrú chun cinn; maoiniú agus cistiú; slabhra an tsoláthair, scileanna agus caighdeáin; agus rialachas. I gcás gach colúin, sainaithníodh bacainní agus cuireadh beartais, bearta agus gníomhartha atá faoi theorainn ama i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt orthu.

Is é atá i leathnú na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ná an gealltanas is déanaí a tugadh faoin bPlean atá comhlíonta.

Áirítear iad seo a leanas le roinnt de na tionscnaimh eile a tugadh isteach faoin bplean:

  • Scéimeanna breisithe deontais de chuid SEAI, lena ngabhann incháilitheacht leathnaithe agus deontais níos airde
  • Próisis shimplithe le haghaidh iarratais a dhéanamh ar dheontais, agus iarratais á gceadú ar bhealach níos tapa
  • Líonra Ionad Ilfhreastail
  • Tacaíochtaí athchóirithe do theaghlaigh fhuinneamhbhochta faoin Scéim um Thithe Níos Teo (incháilitheacht leathnaithe, doimhneacht mhéadaithe iarfheistithe, tús áite a thabhairt do na tithe is measa feidhmíocht, méadú ar an líon tithe a uasghrádaítear)
  • Tacaíochtaí nua do thionscadail iarfheistithe limistéarbhunaithe
  • Treoirchlár le haghaidh foirgnimh thraidisiúnta
  • Tacaíochtaí breisithe do choimpléisc árasán
  • Dreasacht chánach chun iarfheistiú a bhrú chun cinn san earnáil cíosa
  • CBL ar theaschaidéil a laghdú go 9%
  • CBL ar ghrianphainéil a laghdú go 0%

Iarfheistithe cónaithe: Na príomhstaitisticí don bhliain 2024

Scéimeanna cónaithe agus pobail SEAI

  • Caitheadh caiteachas caipitil €421 mhilliún (méadú 30% ar an bhfigiúr don bhliain 2023)
  • Rinneadh beagnach 54,000 uasghrádú fuinnimh tí (méadú 13% ar an bhfigiúr don bhliain 2023)
  • Cuireadh beagnach 22,000 uasghrádú B2 i gcrích (méadú 24% ar an bhfigiúr don bhliain 2023)
  • Rinneadh breis agus 7,700 uasghrádú fuinnimh lánchistithe (faoin Scéim um Thithe Níos Teo) do theaghlaigh ísealioncaim (gan aon chostas don teaghlach) (méadú 31% ar an bhfigiúr don bhliain 2023)

Clár Iarfheistithe na nÚdarás Áitiúil

I dteannta an mhéid thuas, rinneadh breis agus 2,600 teach a uasghrádú go B2 faoi Chlár Iarfheistithe na nÚdarás Áitiúil.

Maidir le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ)

Bhunaigh an Roinn Airgeadais Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) i mí Mheán Fómhair 2014 chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn ar roghanna cistiúcháin a bheadh cobhsaí, fadtéarmach agus ar chostas níos ísle. Trí mhargadh éifeachtach creidmheasa a chothú agus a fhorbairt le haghaidh maoiniú fiontar beag agus meánmhéide, cabhraíonn CBSÉ le fiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar an maoiniú a theastaíonn uathu chun dul faoi bhláth agus gníomhaíocht gheilleagrach a spreagadh in Éirinn.

Ó uair a thionscnaimh i leith, tá CBSÉ ag leathnú an raoin tacaí a sholáthraíonn sé, agus leachtacht agus scéimeanna ráthaíochta comhroinnte riosca á soláthar aige do raon leathan soláthraithe maoiniúcháin. A bhuí leis an leathnú sin, tá níos mó roghanna ag fiontair bheaga agus mheánmhéide Éireannacha agus iad ag iarraidh maoiniú inacmhainne a rochtain le haghaidh a ngnó. Sna deich mbliana atá imithe thart, sholáthair CBSÉ cistiú is fiú breis agus €4 billiún do níos mó ná 60,000 gnólacht Éireannach ar fud earnálacha éagsúla.

Sa bhliain 2024, sheol CBSÉ an chéad scéim iasachta tomhaltóirí dá chuid riamh, eadhon an Scéim Iasachta Éifeachtúlachta Fuinnimh Tí, thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chun uasghráduithe fuinnimh cónaithe a dhéanamh níos sorochtana d’úinéirí tí incháilithe agus chun costas na n-uasghráduithe sin a laghdú.

Maidir le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Is é SEAI údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibríonn SEAI i gcomhar leis an Rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus leis an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI)

Is é BEI foras iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil le haghaidh infheistíocht fhónta chun rannchuidiú le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh. Is cuid de Ghrúpa BEI é an Ciste Eorpach Infheistíochta.

Maidir le Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa

Is é Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa an comhlacht ionadaíoch is mó do Chomhair Chreidmheasa ar oileán na hÉireann. Bunaíodh sa bhliain 1960 é ar mhaithe le hionadaíocht, ceannaireacht, comhar, tacaíocht agus forbairt a sholáthar do Chomhair Chreidmheasa i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann araon, agus tá ballraíocht chleamhnaithe aige de níos mó ná 270 Comhar Creidmheasa sa lá atá inniu ann.