'Tús Maith Leath na hOibre' – cuireann na sonraí is déanaí ón Scéim Aisíoca Éarlaise ríméad ar an Aire Smyth
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Bhain an Scéim Aisíoca Éarlaise ráta bailiúcháin míosúil ab ionann agus 73% amach tar éis an chéad 200 lá den scéim, rud a fhágann go bhfuil Éire ar an mbóthar ceart chun a sprioc Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh
- Tugadh 635 mhilliún coimeádán ar ais go dtí seo, agus éarlaisí is fiú €110 milliún aisíoctha le tomhaltóirí
- Bailíodh €70,000 le haghaidh an tionscnaimh carthanachta 'Return for Children'
Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as an nGeilleagar Ciorclach, d’fháiltigh sé inniu roimh na sonraí is déanaí a sholáthair Re-turn, oibritheoir na Scéime Aisíoca Éarlaise, dó faoi fheidhmíocht na Scéime Aisíoca Éarlaise.
Is an-dearfach go dtí seo atá an glacadh leis an Scéim Aisíoca Éarlaise agus, ó seoladh an scéim an 1 Feabhra 2024 i leith, tugadh níos mó ná 635 mhilliún coimeádán ar ais agus aisíocadh éarlaisí is fiú €110 milliún le tomhaltóirí. Sroicheadh an mhór-gharsprioc arb éard í leathbhilliún coimeádán i lár mhí Mheán Fómhair, agus bíonn na meánrátaí míosúla níos mó ná 100 milliún coimeádán anois ar bhonn tráthrialta.
Thug Re-turn an t-eolas is deireanaí don Aire Smyth faoin scéim, agus díriú á leagan ar an bhfeidhmíocht ó tháinig an idirthréimhse nuathionscanta chun deiridh i mí na Bealtaine. Dar leis an eolas is deireanaí sin, tá an ráta bailiúcháin míosúil ag méadú go seasta agus, ag deireadh mhí Lúnasa, b’ionann é agus 73%, rud a fhágann go bhfuil Éire ar an mbóthar ceart chun a sprioc bailiúcháin Aontais Eorpaigh arb éard í 77% a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2025, ar sprioc í a bheidh ag méadú go 90% faoin mbliain 2029.
Dúirt an tAire Smyth:
"Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil pobal na hÉireann ag dul i dtaithí chomh tapa sin ar an Scéim Aisíoca Éarlaise agus ar an nós arb éard é a gcoimeádáin fholmha a thabhairt ar ais chuig miondíoltóirí. Is mór-éacht é na rátaí tugtha ar ais sin a shroicheadh agus is léiriú é ar an iontaoibh atá ag muintir na hÉireann sa scéim.
"B’eol dúinn go n-éireodh leis an Scéim Aisíoca Éarlaise, agus is é atá sna sonraí seo ná léiriú an-luath ar an dul chun cinn. Tá dea-thionchar á imirt aige ar thimpeallacht na hÉireann cheana féin tríd an mbruscar a laghdú agus trína chinntiú nach seolfar na coimeádáin in-athchúrsáilte sin chuig an líonadh talún. Is scéim bhuan í seo, áfach, agus ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth. Is gá dúinn sprioc bhliantúil 77% a bhaint amach sa bhliain 2025 agus sprioc bhliantúil 90% a bhaint amach faoin mbliain 2029. Nílim réchúiseach faoin dua a theastaíonn chun na figiúirí sin a shroicheadh ach is é tús maith leath na hoibre!
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do thionscal deochanna na hÉireann, an 260 táirgeoir agus na 7,000 miondíoltóir a d’oibrigh le chéile faoi cheannaireacht Re-turn chun go n-éireodh leis an Scéim Aisíoca Éarlaise chomh maith sin."
Dúirt Ciaran Foley, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Re-turn:
"Taispeántar sa gharsprioc shuntasach i mí Lúnasa go bhfuil an pobal ag glacadh páirt sa scéim cheana féin agus léirítear inti cé chomh maith agus atá ag éirí léi ó thaobh rannpháirtíochta agus tacaíochta de. Is rud deas ar leith é a fheiceáil cé chomh mór agus atá an pobal ag glacadh leis an scéim, agus eagraíochtaí pobail agus carthanachta ag baint úsáid aisti le haghaidh cistí a chruinniú. Nílimid ach ag an tús go fóill, áfach, agus tá i bhfad níos mó le déanamh fós. Tá gealladh faoin móiminteam luath, ach táimid dírithe ar rath fadtéarmach a thógáil. Táimid ag súil le tuilleadh éifeachtaí dearfacha de chuid na scéime aisíoca éarlaise a fheiceáil i gcosc an bhruscair, i dtionscnaimh phobail agus ina rannchuidiú le tír níos inbhuanaithe a dhéanamh d’Éirinn."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ráta bailiúcháin
- Príomhchuspóir de chuid na Scéime Aisíoca Éarlaise is ea an sprioc bailiúcháin ar leithligh a shocraigh an tAontas Eorpach d’Éirinn le haghaidh buidéil phlaisteacha dí a bhaint amach, mar a shainordaítear leis an Item was unpublished or removed – agus an sprioc cothrom le 90% faoin mbliain 2029, agus sprioc eatramhach arb éard í 77% ann faoin mbliain 2025
- Ríomhtar an ráta bailiúcháin bliantúil ar bhonn an lín coimeádán a bhailítear lena n-athchúrsáil mar chéatadán den líon iomlán coimeádán a chuirtear ar mhargadh na hÉireann gach bliain. Gabhtar leis na sonraí faoin líon coimeádán a chuirtear ar an margadh an líon buidéal agus cannaí a chuireann táirgeoirí ar fáil le díol nó le dáileadh, agus ní figiúirí díolacháin iad
- Cé go soláthraítear leis na torthaí eatramhacha seo léiriú dearfach ar an bhfeidhmíocht, beidh sé róluath tátail chríochnaitheacha a bhaint as na sonraí sin go dtí go mbeidh an chéad bhliain d’oibriú na scéime thart. Is gá an tréimhse chéad bhliana sin chun ligean don scéim cobhsú agus teacht in aibíocht
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí uile faoin Scéim Aisíoca Éarlaise go dtí go gcuirfear staitisticí oifigiúla arna dtáirgeadh ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoi bhráid an Aontais Eorpaigh. Soláthraíonn an tAontas Eorpach amlíne tuairiscithe 18 mí chun aitheantas a thabhairt do na castachtaí a bhaineann leis an gcineál sonraí sin a bhailiú, a thiomsú agus a fhíorú. Rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an chéad tuarascáil uainn, a bhain leis an mbliain 2022, a chur isteach i mí an Mheithimh 2024, agus an ráta bailiúcháin cothrom le 49%
- Tá an ráta bailiúcháin míosúil ag méadú go seasta agus, ag deireadh mhí Lúnasa, b’ionann é agus 73%, rud a fhágann go bhfuil Éire ar an mbóthar ceart chun a sprioc bailiúcháin Aontais Eorpaigh arb éard í 77% a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2025
Mí | Coimeádáin a tugadh ar ais | Ráta bailiúcháin | Éarlaisí a aisíocadh |
Feabhra | 2 mhilliún | 2% | €0.4 milliún |
Márta | 21 mhilliún | 15% | €4 mhilliún |
Aibreán | 52 mhilliún | 35% | €9 milliún |
Bealtaine | 78 milliún | 47% | €13 mhilliún |
Meitheamh | 92 mhilliún | 56% | €16 mhilliún |
Iúil | 103 mhilliún | 64% | €18 milliún |
Lúnasa | 112 mhilliún | 73% | €19 milliún |
Tionchar na Scéime Aisíoca Éarlaise ar an gcomhshaol
- Ba é a bhí i dtabhairt isteach na Scéime Aisíoca Éarlaise ná ceann de na tionscnaimh iompraíochta tomhaltóirí ba dhearfaí a tharla sa tír seo leis na cianta. Tá dhá rud ríthábhachtacha á ndéanamh ag an scéim – tá sí ag laghdú an bhruscair agus ag comhrac an tionchair a bhíonn ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol trína chinntiú go mbailítear na coimeádáin sin ar leithligh lena n-athchúrsáil
- Is an-dearfach go dtí seo atá an rannpháirtíocht sa Scéim Aisíoca Éarlaise agus, ó seoladh an scéim an 1 Feabhra i leith, tugadh 635 mhilliún coimeádán, beagnach, idir bhuidéil agus channaí, ar ais, agus bítear ag bailiú níos mó ná 3 mhilliún coimeádán ar an meán gach lá anois ar bhonn tráthrialta. Is ionann é sin agus éarlaisí is fiú €110 milliún a aisíocadh le tomhaltóirí
- Is comhpháirt ollmhór den bhruscar i gcónaí iad buidéil agus cannaí. Sna torthaí is déanaí ó Irish Business Against Litter (IBAL), a foilsíodh i mí an Mheithimh, tugtar léiriú luath go bhfuil an Scéim Aisíoca Éarlaise ag rannchuidiú le leibhéil bhruscair níos ísle ar fud na tíre. Léiríodh sna torthaí sin laghdú 30% sa líon cannaí dí a chaitear amach agus laghdú 20% sa líon buidéal plaisteach atá ar ár sráideanna. Tá an-ghealladh faoi na torthaí, go háirithe ós rud é go raibh an Scéim Aisíoca Éarlaise sa chéim idirthréimhse fós le linn thréimhse an tsuirbhé (Aibreán/Bealtaine 2024)
- Thuairiscigh CoastWatch torthaí cosúla. D’aimsigh CoastWatch go bhfuil laghdú ollmhór ann sa líon buidéal plaisteach agus cannaí alúmanaim atá ag teacht i dtír ar líne chladaigh na hÉireann ó thabhairt isteach na Scéime Aisíoca Éarlaise i leith. Foilseofar na torthaí ar shuirbhé fómhair CoastWatch amach sa bhliain
Re-turn – oibritheoir na Scéime Aisíoca Éarlaise
- Is scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora í an Scéim Aisíoca Éarlaise. Is cineál scéime é sin ina leagtar freagracht ar tháirgeoirí as a dtáirgí a bhailiú agus a dhiúscairt. Faoi mar atá amhlaidh i gcás scéimeanna eile Freagrachta Leathnaithe Táirgeora, is ar tháirgeoirí atá an fhreagracht as an Scéim Aisíoca Éarlaise a bhunú agus as oibritheoir na scéime a ainmniú lena cheadú ag an Aire
- I mí Iúil 2022, cheadaigh an tAire iarratas ó Deposit Return Scheme Ireland (ag trádáil mar Re-turn), thar ceann thionscal deochanna na hÉireann, mar oibritheoir na Scéime Aisíoca Éarlaise. Ní bhfuair an tAire aon iarratais eile
- Cistítear Re-turn, agus an Scéim Aisíoca Éarlaise dá réir, trí tháillí táirgeora, tríd an ábhar a bhailítear a dhíol agus trí éarlaisí neamhfhuascailte. Oibríonn Re-turn ar bhonn neamhbhrabúis, rud a fhágann nach mór aon bhrabús a dhéanann an chuideachta a athinfheistiú go heisiach le haghaidh an Scéim Aisíoca Éarlaise a fhorbairt
- Tá freagracht ar Re-turn as na nithe oibriúcháin agus cistiúcháin uile a bhaineann leis an Scéim Aisíoca Éarlaise. Cé nach bhfuil aon fheidhm ag an Aire maidir le hoibríochtaí laethúla gnó na cuideachta, tá raon rialuithe rialála agus riaracháin i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an scéim, agus faigheann an roinn an t-eolas is deireanaí faoi fheidhmíocht na cuideachta ar bhonn tráthrialta