English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíochtaí leathnaithe do ghnólachtaí chun infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh agus i dtéamh inathnuaite

  • Fógraíonn an tAire Ryan athruithe fadréimseacha ar an Scéim le haghaidh Teas Inathnuaite agus ar Scéim EXEED de chuid SEAI
  • leis an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas Inathnuaite agus leis an Scéim um Shármhaitheas i nDearadh atá Éifeachtúil ar Fhuinneamh (EXEED), tugadh tacaíocht arbh fhiú níos mó ná €50 milliún í do 300 gnólacht ar fud roinnt earnálacha éagsúla cheana féin
  • tá tacaíochtaí méadaithe ar fáil anois le haghaidh suiteálacha éifeachtúlachta fuinnimh, teaschaidéil agus bithmhaise – chun tacú le gnólachtaí éifeachtúlacht a fheabhsú agus aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise
  • tá tacaíocht deontais caipitil ar fiú suas le €3 mhilliún í agus taraif bithmhaise ar fiú suas le €3.5 milliún í thar thréimhse 15 bliana ar fáil anois – do thionscadail teasa inathnuaite agus do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh agus in earnáil na tionsclaíochta

Rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) leathnú inniu ar na deontais agus na tacaíochtaí taraife atá ar fáil chun cabhrú le tuilleadh gnólachtaí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh agus i dtéamh inathnuaite, mar chuid d’athruithe ar na tacaíochtaí gnó atá ar fáil ó SEAI. Ba in Óstán Ghairdín Uíbh Eachach a seoladh na tacaíochtaí breisithe sin. D’infheistigh an t-óstán i réiteach téimh inathnuaite le blianta beaga anuas, a fhágann go bhfuil sé ar cheann amháin de na hóstáin is ísle lorg carbóin san Eoraip anois. Tháinig laghdú ollmhór 78% ar úsáid fuinnimh an fhoirgnimh óstáin agus tháinig laghdú 82% ar a lorg carbóin.

Féadfaidh gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí leas a bhaint as tacaíocht deontais ar fiú suas le €3 mhilliún í agus as tacaíocht taraife ar fiú suas le €3.5 milliún í chun tabhairt faoi raon beart ardtionchair ar mhaithe le húsáid breoslaí iontaise a laghdú go práinneach i bhfoirgnimh thráchtála agus in earnáil na tionsclaíochta.

Cuirfidh SEAI sraith leathan athruithe ar an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas Inathnuaite chun feidhme láithreach chun leibhéil tacaíochta a mhéadú, chun spriocdhíriú ar mhórúsáideoirí fuinnimh agus chun a chinntiú go mbeidh tacaíocht chuí ar fáil lena himscaradh i bhfoirgnimh agus in earnáil na tionsclaíochta. Tá na hathruithe seo a leanas á gcur chun feidhme ar an scéim, agus roinnt díobh faoi réir ceadú deiridh Státchabhrach a fháil:

  • an tacaíocht do shuiteálacha teaschaidéil a mhéadú go 40% ar a mhéad de chostais, ón leibhéal reatha 30%
  • an tacaíocht uasta d’fheidhmeanna bithmhaise a chothabháil ag €3.5 milliún thar thréimhse 15 bliana
  • an scéim a leathnú chuig earnáil na Scéime Trádála Astaíochtaí, a chuimsíonn tionscail mhóra agus mórúsáideoirí breoslaí iontaise, faoi réir ceadú Státchabhrach a fháil
  • tacaíocht a áireamh do theaschaidéil lena n-úsáidtear foinsí dramhtheasa agus feidhmeanna ardteochta, agus tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh teaschaidéil a úsáid ar bhonn níos leithne i bhfoirgnimh agus i scéimeanna téimh ceantair
  • tacaíocht do bhearta breise uasghrádúcháin i bhfoirgnimh chun suiteáil teaschaidéal a éascú

Leis an Escéim um Shármhaitheas i nDearadh atá Éifeachtúil ar Fhuinneamh (EXEED), méadófar láithreach an méid uasta cistiúcháin deontais atá ar fáil agus athrófar na tairseacha meastóireachta chun a chinntiú go spriocdhíreofar cistiú deontais go cuí. Tá na hathruithe seo a leanas á gcur chun feidhme ar an scéim:

  • tacaíocht do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh ardtionchair agus do thionscadail fuinnimh inathnuaite ardtionchair a mhéadú go €3 mhilliún ar a mhéad, ón leibhéal reatha €1 mhilliún
  • tairseacha simplithe meastóireachta agus tairseacha feabhsaithe eacnamaíocha deontais a thabhairt isteach, agus tairbhe mhéadaithe á soláthar do thionscadail a bhfuil leictriú teasa/dícharbónú i gceist leo
  • próiseas feabhsaithe agus breisithe iarratais, agus ceaduithe níos tapa

Soláthraíodh taraifí tacaíochta bithmhaise 15 bliana do 90 suiteáil leis an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas Inathnuaite go dtí seo. Coimisiúnaíodh 30 suiteáil agus tá siad ag fáil íocaíochtaí tráthrialta cheana féin. Tá sé sin cothrom le tacaíocht gheallta iomlán €35 mhilliún thar thréimhse 15 bliana, agus 90 GWh de theas inathnuaite á gcruthú gach bliain. Soláthraíodh leis an Scéim tacaíocht deontais arbh fhiú níos mó ná €500,000 í do thionscadail teaschaidéil freisin. Áirítear leis na tionscadail ar tacaíodh leo cheana féin tionscadail in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na tionsclaíochta, óstáin, tithe altranais, ionaid fóillíochta, agus foirgnimh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Is féidir cás-staidéir mhionsonraithe ar roinnt tionscadal atá ann cheana a rochtain ar shuíomh gréasáin SEAI.

Leis an scéim um Shármhaitheas i nDearadh atá Éifeachtúil ar Fhuinneamh (EXEED), soláthraíodh tacaíocht do bhreis agus 200 cuideachta cheana féin – cothrom le tacaíocht gheallta iomlán €15.6 milliún. Baineadh 190 GWh de choigiltí fuinnimh phríomhúil, 34.7 ktCO2 de choigiltí agus €8.5 milliún de choigiltí bliantúla costais amach faoi na tionscadail EXEED go dtí seo, idir thionscadail atá críochnaithe agus thionscadail atá á gcur chun feidhme faoi láthair. Chuaigh an clár i dteagmháil le raon éagsúil earnálacha, lenar áiríodh cógaisíocht, bia agus deoch, miondíol, fáilteachas, talmhaíocht, mianadóireacht/cairéalacht agus déantúsaíocht. Is féidir cás-staidéir mhionsonraithe ar roinnt tionscadal atá ann cheana a rochtain ar shuíomh gréasáin SEAI.

Rinneadh Óstán Iveagh Garden a dhearadh agus a uasghrádú ina cheann amháin de na hóstáin is ísle lorg carbóin san Eoraip. Agus leas á bhaint as an bpróiseas EXEED de chuid SEAI, rinneadh feidhmíocht fuinnimh an óstáin a idirnascadh le húsáid fuinnimh chun leibhéal nua ar fad a bhaint amach i ndearadh fuinnimh inathnuaite agus ísealcharbóin. Úsáideadh an screamhuisce faoi bhun an óstáin chun teas inathnuaite a ghabháil, mar aon le hard-aisghabháil shuntasach teasa ón gcistin agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe eile. Tríd an bpróiseas EXEED de chuid SEAI, tháinig laghdú 78% ar úsáid fuinnimh an fhoirgnimh, tháinig laghdú 82% ar a lorg carbóin, agus méadaíodh an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh ó E1 go A3.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Ar aon dul le spriocanna agus uaillmhianta an Phlean Gnímh don Aeráid 2023, tairgfimid tacaíochtaí breisithe spriocdhírithe do ghnólachtaí atá ag iarraidh a bhfoirgnimh agus a bpróisis a dhícharbónú go mear. Cinnteoidh na hathruithe seo go mbeidh tuilleadh tacaíochta ar fáil le haghaidh tionscadail teaschaidéil, bhithmhaise, bhithmheatáin agus éifeachtúlachta fuinnimh a imscaradh chuig raon níos leithne gnólachtaí. A bhuí leis na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu ar an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas Inathnuaite agus ar Scéim EXEED, ailíneofar na scéimeanna níos gaire do riachtanais mhargaidh agus beidh gnólachtaí de gach cineál in ann infheistíochtaí níos mó agus níos éifeachtaí a dhéanamh. Is féidir le gnólachtaí ceannaireacht a léiriú agus iad féin a chosaint ar mhéaduithe i bpraghsanna fuinnimh trí infheistiú i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh agus i mbearta fuinnimh inathnuaite ag a n-áitribh."

Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:

"Cosúil le gach earnáil eile den tsochaí, chuir na méaduithe i bpraghsanna fuinnimh le déanaí as dár bpobal gnó. San fhadtéarma, beidh gnólachtaí a ghlacfaidh cleachtais láidre inbhuanaitheachta in ann iad féin a chosaint ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise agus a n-iomaíochas agus a mbranda a fheabhsú ag an am céanna. Thacaigh SEAI leis na mílte gnólachtaí ar a n-aistear inbhuanaitheachta go dtí seo, agus é ag tabhairt níos mó ná €50 milliún san iomlán do 2,500 gnólacht sa bhliain 2022 amháin. Agus iad ailínithe leis an tiomantas leanúnach atá againn dár dtacaíochtaí a bhreisiú agus a mhéadú, agus mar fhreagairt do riachtanais ár ngeallsealbhóirí, cuirfidh na hathruithe atá á bhfógairt inniu ar ár gcumas tacaíocht a thabhairt sna háiteanna ina bhfuil gá léi agus ina mbeidh an tionchar is mó aici. Mholfainn go láidir do gach gnólacht a n-aistear inbhuanaitheachta a thosú inniu chun tairbhe dá ngnólacht féin, d’Éirinn agus don phláinéad."

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas Inathnuaite agus faoi scéim EXEED, téigh chuig https://www.seai.ie/business-and-public-sector/renewable-heating/ agus https://www.seai.ie/business-and-public-sector/business-grants-and-supports/exeed-certified-grant/

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibríonn sé i gcomhar leis an Rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

An feachtas 'Úsáid Níos Lú' agus tacaíochtaí rialtais

Tá roinnt tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ón rialtas chun cabhrú le gnólachtaí tionchar na méaduithe i bpraghsanna fuinnimh a mhaolú agus chun bheith níos éifeachtúla ar fhuinneamh – is cuma cé acu atá siad ag tosú a n-aistir i dtreo na hinbhuanaitheachta nó atá siad ag ardchéim den obair sin.

Téigh chuig gov.ie/ReduceYourUse, áit ar féidir leat raon leathan acmhainní a rochtain, lena n-áirítear rannán ar a bpléitear go sonrach le tacaíochtaí agus comhairle gnó.

Féadfaidh gnólachtaí ar imir na méaduithe suntasacha i bpraghsanna gáis nó leictreachais tionchar orthu éileamh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí freisin. Chun faisnéis a fháil faoi conas clárú don Scéim sin agus éileamh a dhéanamh fúithi, téigh chuig www.revenue.ie.