Tapaíonn baill de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC) an deis stairiúil chun dlús a chur le haistriú na hEorpa i dtreo neamhspleáchas fuinnimh
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2022
Inniu, d’fhógair Airí Fuinnimh na mball de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC) agus an Coimisiún Eorpach méadú suntasach ar an uaillmhian chomhchoiteann atá acu fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a imscaradh. Ag Cruinniú na nAirí i mBaile Átha Cliath, a tionóladh faoi Chomh-Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhar Fuinnimh, rinne Airí an Chomhair Fuinnimh, den chéad uair riamh, spriocanna comhiomlána neamhcheangailteacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a chomhaontú do limistéar muirí réigiún NSEC ar fad.
Chomhaontaigh na naoi dtír de NSEC 260 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta ar a laghad a bhaint amach faoin mbliain 2050. Beidh sé sin cothrom le níos mó ná 85% d’uaillmhian an Aontais Eorpaigh ar fad atá leagtha amach sa straitéis ón Aontas Eorpach maidir le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta, is é sin: 300 GW a bhaint amach faoin mbliain 2050.
D'athdhearbhaigh na hAirí agus an Coimisiún an gealltanas uathu gur trí chomhar laistigh de NSEC a bhainfí amach na huaillmhianta méadaithe atá acu ó thaobh fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta de.
Ag labhairt dó ag cruinniú na nAirí, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"I gcás na hÉireann amháin, tá ár limistéar mara seacht n-uaire níos mó ná ár mórchríoch. Tá an tAtlantach Thuaidh agus an Mhuir Thuaidh i measc na láithreacha is gaofaire ar domhan. Tá siad ar an acmhainn chomhchoiteann is mó fuinnimh leanúnaigh atá againn, agus is suntasach an rud é gur mar aonad comhchoiteann a chomhaontaíomar spriocanna uaillmhianacha inniu. Tá ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin, agus an suaitheadh ar phraghsanna fuinnimh agus géarchéim shlándáil an tsoláthair a tháinig as sin, ina léiriú ar a ríthábhachtaí atá sé go mbogfaimis ar shiúl, a luaithe is féidir, ón spleáchas atá againn ar bhreoslaí costasacha fuascailte iontaise. Tá sé ina léiriú freisin ar a thábhachtaí atá aontacht ar fud an Aontais Eorpaigh agus sinn ag freagairt don ghéarchéim. Maidir le hacmhainneacht na gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach, is é an rogha is fearr arís ná obair i gcomhar lena chéile, spriocanna comhaontaithe a leagan síos agus oibriú mar aonad comhchoiteann. Tríd an gcur chuige sin a ghlacadh, is féidir linn sealbhóirí tí agus gnólachtaí – inár dtír féin agus ar fud na hEorpa araon – a chur ar a suaimhneas go mbeidh an Eoraip neamhspleách ó thaobh fuinnimh de ar an gcéad dul síos agus, ar an dara dul síos, go gcomhroinnfear go cothrom na foinsí nua fuinnimh inathnuaite sin agus an hidrigin a chruthófar inár mara ansin agus, rud ba thábhachtaí fós, go mbeidh siad inacmhainne."
Ag fáiltiú di roimh na spriocanna nua, dúirt Kadri Simson, an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh:
"Sárshampla den chineál comhair réigiúnaigh a samhlaíodh sa Straitéis ón gCoimisiún maidir le Fuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta is ea an gealltanas a tugadh inniu. Is iontach an rud é go bhfuil an sprioc a chomhaontaigh na naoi dtír de NSEC cothrom le níos mó ná 85% den uaillmhian a leagamar amach dhá bhliain ó shin don Aontas Eorpach ar fad. Tá an t-aistriú i dtreo fuinneamh glas níos práinní anois i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá luasghéarú an imscartha foinsí fuinnimh inathnuaite ar cheann amháin de na trí cholún atá sa Phlean REPowerEU, rud a bhfuil mar aidhm leis deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis. Ní hé amháin go gcabhróidh an méadú i bhfuinneamh inathnuaite le hinbhuanaitheacht ár n-earnála fuinnimh a fheabhsú, ach feabhsóidh sé freisin slándáil ár soláthair agus inacmhainneacht an fhuinnimh – dhá dhúshlán atá le sárú againn san Aontas Eorpach faoi láthair."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC)
Is é atá i gComhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC) ná creat réigiúnach um chomhar neamhcheangailteach deonach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é an aidhm atá leis forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a chur ar aghaidh i limistéar geografach na Mara Thuaidh, lena n-áirítear Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach. Tá NSEC bunaithe ar dhearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016. Is iad na baill den Chomhar Fuinnimh ná an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an tSualainn agus an Coimisiún Eorpach.
Sa dearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016 agus lenar bunaíodh an grúpa, leagtar béim ar a thábhachtaí atá comhar deonach maidir le soláthar fuinnimh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú do thíortha na Mara Thuaidh. Síníodh dearbhú polaitiúil nuashonraithe i mí na Nollag 2021 chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a léiriú.
Uachtaránacht na hÉireann ar NSEC sa bhliain 2022
Sealbhaíonn an Coimisiún Eorpach Comh-Uachtaránacht ar NSEC ar bhonn buan. Comhroinneann sé an ról le ballstát amháin de NSEC ar feadh tréimhse 12 mhí ar bhonn uainíochta. Tá an ról Comh-Uachtaránachta sin á shealbhú ag Éirinn sa bhliain 2022.
Ag gníomhú di sa ról sin, d’fhéach Éire leis na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
- spriocanna uaillmhianacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta don bhliain 2050 a bhunú do Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar fad
- comhar a fheabhsú idir na tíortha de NSEC, lena n-áirítear comhar i ndáil le heangacha amach ón gcósta a fhorbairt agus i ndáil le Pleanáil Spásúil Mhuirí
- socruithe margaidh a bhunú chun forbairt tionscadal hibrideach fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a spreagadh, ar tionscadail iad a chuimsíonn meascán de ghiniúint amach ón gcósta agus d’idirnasc
- caidreamh dearfach amach anseo idir NSEC agus an Ríocht Aontaithe a chur ar bhonn foirmiúil
Is ionann tionscadail hibrideacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta, nó idirnascairí hibrideacha, agus tionscadail ina gcomhcheanglaítear giniúint leictreachais agus an cumas chun leictreachas a sholáthar do dhá mhargadh dhifriúla nó níos mó – mar shampla, feirm ghaoithe amach ón gcósta a bhfuil naisc aici leis an mBeilg agus leis an Danmhairg.
Ócáid Airí NSEC – Dún Laoghaire
Mar chuid den ról atá aici mar Chomh-Uachtarán, rinne Éire ócáid le haghaidh airí fuinnimh NSEC agus le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh a óstáil i mBaile Átha Cliath Dé Luain an 12 Meán Fómhair. Mar aon le tosaíochtaí na hÉireann a phlé, áiríodh leis an gcruinniú freisin díospóireacht le hionadaithe don earnáil fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta maidir le srianta reatha sa slabhra soláthar foinsí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta agus maidir leis na gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na srianta sin.
Ag labhairt dóibh faoin Rialachán athbhreithnithe ón Aontas Eorpach maidir le Gréasán Fuinnimh Tras-Eorpach, dúirt na hAirí agus an Coimisiún go ndéanfaí leis an Rialachán rannchuidiú ríthábhachtach le forbairt a dhéanamh ar eangacha amach ón gcósta, ar idirnaisc thrasteorann agus ar na tionscadail hibrideacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a theastaíonn chun na huaillmhianta méadaithe atá acu ó thaobh fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta de a bhaint amach.
Athdhearbhaítear sa Chomh-Ráiteas ó chruinniú Bhaile Átha Cliath gur gá dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a imscaradh, á chinntiú ag an am céanna go dtarlóidh sé, le linn an chuid is fearr a bhaint as ár n-acmhainn choiteann amach ón gcósta, go dtabharfar aird chuí ar chosaint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, ar fholláine eacnamaíoch pobal áitiúil, ar tháirgeadh bia atá inmharthana agus inbhuanaithe, agus ar ghníomhaíochtaí malartacha a sheoltar laistigh dár spás comhroinnte muirí.