English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite (gaoth, grian) agus fuinneamh pobail le cur chun cinn agus Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite na hÉireann faofa ag an AE

D’fhógair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., inniu go bhfuil faomhadh an Aontais Eorpaigh maidir le cúnamh stáit faighte ag Éirinn chun Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite a fheidhmiú suas go dtí an bhliain 2025.

Dúirt an tAire Ryan:

“Mar an tAire um Ghníomhú ar son na hAeráide, tá lúcháir orm go bhfuil an fógra seo déanta inniu ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh. Daingníonn sé coimitmint an rialtais i dtaca leis an gComhaontú Glas agus anois go bhfuil an faomhadh faighte, tá réabhlóid fuinnimh in-athnuaite linn in Éirinn. Leis an Scéim seo, beidh ardán againn chun tionscadail ghaoithe agus ghréine ar tír agus amach ón gcósta den scála cuí agus ar an gcostas is lú a chur i bhfeidhm go pras, agus fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach in áit breoslaí iontaise ar an ngreille fuinnimh. Tugann sé deis do phobail freisin a gcumhacht féin a ghiniúint agus páirt a bheith acu i reabhlóid fuinnimh na hÉireann.

“Mar atá luaite sa Chlár Rialtais, Ár dTodhchaí Chomhroinnte, tá coimitmint déanta againn na hastaíochtaí foriomlána de gháis cheaptha teasa a laghdú ar 7% in aghaidh na bliana ó 2021 go 2030 (laghdú 51% thar na deich mbliana go léir) agus a bheith neodrach ó thaobh astaíochtaí de faoin mbliain 2050. Tá an Scéim seo ar cheann de na príomhbhearta a chuideoidh le hÉirinn a sprioc a bhaint amach.”

Beidh ról lárnach ag an Scéim sna céimeanna i dtreo na sprice ardmhianaí 70% de leictreachas theacht ó fhuinneamh in-athnuaite faoi 2030, faoi mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais. Beidh an Scéim tábhachtach freisin maidir le hionchur na hÉireann sa sprioc 32% de chuid an AE maidir le fuinneamh in-athnuaite faoi 2030. Beidh ról ag an Scéim chun an méid sin a bhaint amach de réir creata iomaíoch, ceantbhunaithe atá éifeachtach ó thaobh costais de.

Na príomhghnéithe:

  • Is scéim iomaíoch, cheantbhunaithe í an Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite ina gcuirtear cuireadh roimh thionscadail leictreachais in-athnuaite tairiscintí a dhéanamh maidir le toilleadh agus praghas ráthaithe a fháil ar an leictreachas a ghinfidh siad go ceann 16 bliana ar an méid.
  • Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana suas go 2025 (agus beidh rogha ann síneadh a chur leis sin ach measúnú a bheith déanta). Tá sraith ceant beartaithe freisin agus beidh siad sin ag brath ar na tionscadail leictreachais in-athnuaite a bheidh beartaithe. Cuirfear conairí ar fáil d’fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite, tionscadail ghaoithe amach ón gcósta san áireamh. Leagfar amach na hamlínte agus toillte táscacha do na ceantanna sa tréimhse seo amach romhainn agus beidh soiléireacht ann d’fhorbróirí maidir leis an méid a chaithfidh siad a dhéanamh le go mbeidh a gcuid tionscadal réidh do na ceantanna.
  • Tá an Scéim Tacaíochta um Fhuinneamh In-athnuaite á cur i bhfeidhm le comhoibriú an Choimisiúin um Rialú Saoráidí agus EirGrid. Déanfaidh EirGrid na ceantanna a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú. Tabharfaidh an Coimisiún comhairle iomaíochta agus déanfaidh siad iniúchóireacht agus monatóireacht le linn an phróisis ceantála.
  • Éagsúlacht teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú. Tá an Scéim oscailte do réimse teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a leathnóidh an meascán d’fhuinneamh in-athnuaite agus a fheabhsóidh slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.
  • Rogha catagóirí: Bíonn rogha catagóirí ag an Scéim chun go mbeidh éagsúlacht teicneolaíochtaí ann. Tá catagóir shonrach ghréine sa chéad cheant de cuid na Scéime a bhainfidh le thart ar 10% den cheant ina iomláine.
  • An chatagóir phobail: Tá rogha catagóirí in úsáid sa Scéim maidir le tionscadail phobail. Tá catagóir shonrach phobail suas go 30 GWh i gcéim 1. Ligfidh sé sin do phobail a dtionscadail fuinnimh in-athnuaite féin a fhorbairt agus fuinneamh a dhíol ar ais leis an ngreille.
  • Rannpháirtíocht phobail: Aithnítear sa Chlár Rialtais, "Ár dTodhchaí Chomhroinnte”, an tábhacht atá le rannpháirtíocht an phobail i dtionscadail fuinnimh. Tá an Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite ceaptha sa dóigh go mbeidh pobail páirteach inti. Tá cistí leasa éigeantacha pobail do gach tionscadal san áireamh sa chéad cheant sa Scéim agus tá catagóir shonrach tionscadail phobail ann. Tá beartais agus tacaíochtaí breise san áireamh sa chúnamh Stáit: tacaíocht airgeadais do thionscadail phobail, cistí leasa pobail éigeantacha, deiseanna infheistíochta do phobail agus saoránaigh, agus catagóirí breise pobail do cheantanna de chuid na Scéime amach anseo.
  • Beidh measúnú de chuid an AE ann ar chúnamh stáit sa tréimhse cúig bliana chun na cuspóirí atá luaite leis an Scéim a imscrúdú agus a mheasúnú.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Ryan:

“Go dtí seo, is é fuinneamh gaoithe ar an gcladach an teicneolaíocht is éifeachtaí ó thaobh costais de atá ar fáil do mhuintir na hÉireann. Mar sin féin, d’fhonn na hardmhianta atá againn maidir le fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn agus a fhíorú, beidh ról criticiúil ag teicneolaíochtaí eile amhail fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe amach ón gcósta chun go mbeidh éagsúlacht inár bpunann ginte fuinnimh in-athnuaite as seo go 2030.”

CRÍOCH


Nótaí d’eagarthóirí

Ceantanna na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite: Cuireadh an chéad chéim cháilithe de chuid na Scéime i gcrích i mí Aibreáin na bliana seo agus tá tús le cur leis an gcéim tairisceana sa cheant ar an 21 Iúil 2020. Beidh minicíocht na gceantanna Scéime amach anseo ag brath ar phíblíne soláthair an tionscadail leictreachais in-athnuaite. Samhlaítear go mbeidh ceithre cheant ar a laghad ann idir 2020 agus 2025 chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Cuirfear conairí ar fáil d’fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite, tionscadail ghaoithe amach ón gcósta san áireamh, mar leagtar amach ann na hamlínte agus toillte táscacha maidir le ceantanna sa deich mbliana atá romhainn, agus tugtar soiléireacht d’fhorbróirí maidir le cá huair ar gá a gcuid tionscadal a bheith ag an staid go bhfuil siad réidh do na ceantanna. Beidh Éire in ann leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua freisin de réir mar a thagann siad chun cinn. Chomh maith leis sin, féadfaidh sé go gcuirfear leis an Scéim le go mbeidh ceantanna ann i ndiaidh 2025, rud a ndéanfar cinneadh faoi trí mheasúnú a dhéanamh ar an Scéim.

Tá an phreaseisiúint faoi chúnamh stáit ar fáil ar shuíomh gréasáin DG COMP.