Tosóidh breis agus 2.2 milliún teaghlach ag fáil an chéad chreidmheasa leictreachais €200 eile ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh
- Foilsithe: 31 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Gheobhaidh breis agus 2.2 milliún teaghlach, lena n-áirítear custaiméirí 'íoctar mar a úsáidtear', an chéad íocaíocht creidmheasa leictreachais €200 (CBL san áireamh) eile ón lá amárach (an Domhnach an 1 Eanáir) ar aghaidh. Ag brath ar thimthriall billeála aonair an teaghlaigh, feicfidh daoine an creidmheas i mí Eanáir nó i mí Feabhra.
Is é seo an dara ceann de thrí chreidmheas leictreachais €200 (CBL san áireamh) a fógraíodh mar chuid de shraith beart faoi Bhuiséad 2023. Cuireadh an chéad chreidmheas €200 le cuntais roimh Nollaig (timthriall billeála mhí na Samhna/mhí na Nollag); beidh feidhm ag an tríú tráinse i dtimthriall billeála mhí an Mhárta/mhí Aibreáin. Tháinig an idirghabháil €600 sin sna sála ar chreidmheas leictreachais breise €200 (CBL san áireamh) a íocadh amach ní ba luaithe sa bhliain 2022.
Cosnóidh an idirghabháil €600 sin níos mó ná €1.2 billiún. Tá sí sin mar chuid de mhórphacáiste beart aonuaire ab fhiú €4.1 billiún. Fógraíodh an pacáiste i mBuiséad 2023 agus tá sé ag tabhairt tacaíocht do theaghlaigh agus do ghnólachtaí fud fad na tíre anois le linn na tréimhse seo de phraghsanna arda fuinnimh, atá ag teacht as ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Cuireadh socruithe sonracha le haghaidh na gcreidmheasanna leictreachais i bhfeidhm do chustaiméirí atá ag úsáid méadair réamhíoctha nó méadair 'íoctar mar a úsáidtear'. Mar shampla, thug soláthraithe treoir do na custaiméirí sin maidir le conas is féidir leo an creidmheas a fháil. Glacfaidh formhór na méadar réamhíoctha leis an gcreidmheas ina iomláine. Mar sin féin, tá líon beag seanmhéadar réamhíoctha ann ar ina leith a bheidh ar an gcustaiméir, mar gheall ar aois an mhéadair agus ar na teorainneacha airgeadaíocha ionsuite atá acu, a c(h)reidmheas a fhuascailt thar thrí idirbheart leithleacha thar dhornán laethanta.
I gcás tionóntaí atá i gcóiríocht ar cíos agus a dhéanann íocaíocht lena dtiarna talún as a leictreachas, tá an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe ag tabhairt treoir do thiarnaí talún agus do thionóntaí chun a chinntiú go gcuirfear an creidmheas ar aghaidh chuig tionóntaí.
Ag labhairt dó faoi chur i bhfeidhm na gcreidmheasanna is déanaí sa tráinse tacaíochtaí seo, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá an rialtas an-eolach ar na méaduithe atá tagtha ar an gcostas maireachtála le déanaí agus ar an tionchar atá á imirt ag boilsciú méadaitheach ar fud an gheilleagair. Tá costais mhéadaithe fuinnimh ag imirt ról suntasach ansin mar gheall ar chostais fuinnimh a bhíonn ag méadú ar fud an domhain agus, rud ba ghéire fós, mar gheall ar an ngéarchéim san Úcráin. Is eol dúinn go bhfuil gach duine ag déanamh a ndíchill freastal ar a dteaghlach agus go bhfuil sé ag éirí níos costasaí anois ná am ar bith riamh an tsiopadóireacht sheachtainiúil a dhéanamh, an carr a líonadh agus na billí a íoc de dheasca na gcostas méadaitheach – go háirithe de réir mar a théimid isteach sa Bhliain Nua.
"D’aimsigh ESRI gurb é an toradh atá ar na bearta aonuaire a tugadh isteach mar chuid de Bhuiséad 2023 ná go bhfuiltear ag cosaint an chuid is mó de theaghlaigh ar phraghsanna méadaitheacha an geimhreadh seo. Táimidne sa Rialtas agus inár ngníomhaireachtaí Stáit ag leanúint ar aghaidh ag déanamh dlúthfhaireachán ar an staid.
"Is eol dúinn ónár suirbhéanna tráthrialta rianaire 'Úsáid Níos Lú' go bhfuil imní ar dhaoine nach mbeidh siad in ann a mbillí fuinnimh a íoc nó nach mbeidh siad in ann a dteach a théamh nó a chumhachtú go leordhóthanach, go háirithe le linn tréimhsí fuara ar nós na tréimhse a ndeachamar tríthi le déanaí. Is é sin an fáth, mar shampla, ar chuireamar ciste €10 milliún i bhfeidhm chun cur leis na cistí cruatain atá á soláthar ag a lán soláthraithe fuinnimh cheana féin mar chuid de Phlean Gníomhaíochta nua um Bochtaineacht Fuinnimh.
"Táimid ag moladh do dhaoine idirchaidreamh a dhéanamh lena soláthraithe fuinnimh agus tacaíocht bhreise a iarraidh uathu ar an gcéad dul síos. Is féidir le daoine a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise (a soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí í). Áirítear leo sin custaiméirí a úsáideann méadar ‘íoctar mar a úsáidtear’ ar féidir go mbeidh cúnamh airgeadais ag teastáil uathu lom láithreach chun a bhfuinneamh a choinneáil ar siúl. Déanfar dianiarracht a chinntiú go bhfaighidh daoine a bhfuil fadhbanna airgeadais acu Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise, má cháilíonn siad lena haghaidh, ar an aon lá amháin nó a luaithe is féidir, chomh fada agus a bhaineann an staid sin le leictreachas agus le téamh."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
is ionann €200 gan CBL a áireamh agus €183.49, arb í an tsuim a fheicfidh tomhaltóirí mar mhír líne creidmheasa ar a mbillí í. Gheobhaidh gach sealbhóir cuntais leictreachais baile an tsuim ina bhfuil CBL ar áireamh, is é sin, €200. Beidh an líne chreidmheasa le feiceáil ar bhillí den chéad uair ón lá amárach (an Domhnach an 1 Eanáir 2023) agus thar thréimhse mhí Eanáir/mhí Feabhra (ag brath ar thimthriall billeála agus soláthraí leictreachais an teaghlaigh).
Cuirfear an creidmheas le cuntais go huathoibríoch. Ní gá do theaghlaigh iarratas a dhéanamh ar an gcreidmheas. Ní gá dóibh teagmháil a dhéanamh lena soláthraí leictreachais. Beidh mír líne creidmheasa le feiceáil ar bhillí, agus ‘Creidmheas Leictreachais an Rialtais’ nó leagan giorraithe den teideal sin a bheith á léiriú mar aitheantóir. Agus úsáid á baint as an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN), ar uimhir uathúil í, cuirfear an íocaíocht do shochar gach cuntais leictreachais baile, lena n-áirítear cuntais custaiméirí ‘íoctar mar a úsáidtear’. Tá an scéim á cur i bhfeidhm ar an mbealach sin chun a chinntiú go rachaidh sí chun tairbhe don oiread daoine agus is féidir a luaithe is féidir.
Formhaoirseacht ar an scéim
Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) a dhéanfaidh formhaoirseacht ar an Scéim Sochar Éigeandála Costais Leictreachais. Tá an scéim á hoibriú ag an Oibritheoir Córais Dáilte (Líonraí BSL) agus ag soláthraithe leictreachais. Cuirfidh Líonraí BSL na cistí ar aghaidh chuig na soláthraithe fuinnimh. Cuirfidh na soláthraithe fuinnimh an creidmheas do shochar na gcuntas leictreachais baile dá réir sin.
Treoir do thionóntaí – i gcásanna nach é an tionónta sealbhóir an chuntais leictreachais baile
Tá sé mar aidhm leis an gcreidmheas ranníocaíocht lena mbillí leictreachais a sholáthar do gach sealbhóir cuntais leictreachais baile. I roinnt cásanna, déanann tionóntaí i gcóiríocht ar cíos íocaíocht lena dtiarna talún as a leictreachas (agus níl cuntas leictreachais baile faoina n-ainm féin acu). Táthar ag súil leis sna cásanna sin go gcuirfidh tiarnaí talún an creidmheas ar aghaidh chuig a dtionóntaí. Chuaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhpháirt leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe chun a chinntiú go gcuirfí é sin in iúl do dhaoine ar fud na hearnála cíosa, idir thiarnaí talún agus thionóntaí. Ba cheart do na daoine sin a úsáideann leictreachas, agus a íocann as sa deireadh (bíodh sé ina mbillí leictreachais nó mar chuid dá n-íocaíochtaí cíosa), a bheith ar na daoine a bhaineann tairbhe as an scéim.
I gcás go dtiocfaidh díospóid chun cinn, moltar do thionóntaí agus do thiarnaí talún féachaint leis an ní a réiteach le chéile ar an gcéad dul síos trí línte cumarsáide a choinneáil ar oscailt. I gcás nach féidir an díospóid a réiteach idir na páirtithe, is féidir go dtarchuirfear an ní chuig an tseirbhís idirghabhála saor in aisce a reáchtálann an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe í, áit a gcabhraíonn idirghabhálaí neamhspleách leis an dá pháirtí teacht ar réiteach a théann chun tairbhe don dá pháirtí. De rogha air sin, is féidir leis na páirtithe iarratas a dhéanamh ar bhreithiúnas chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, áit a ndéanann breithneoir neamhspleách cinneadh ar bhonn na fianaise atá bainteach leis an gcás.
Ba cheart do thionóntaí agus do thiarnaí talún aird a thabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha atá ar leathanach Scéim Sochar Éigeandála Costais Leictreachais II ar an gcéad dul síos. Má tá tuilleadh faisnéise ag teastáil maidir le díospóid a tharchur le haghaidh idirghabhála nó breithiúnais, is féidir í a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe.
Custaiméirí atá ag úsáid méadair réamhíoctha
Cuirfear an creidmheas leictreachais €200 leis an méadar thar thrí cinn leithleacha de bhreisithe creidmheasa nó de dhíolacháin do chustaiméirí atá ag úsáid méadair réamhíoctha. Tá teorainn creidmheasa €300 ag na méadair sin, agus d’fhéadfadh an creidmheas rialtais an méadar a chur os cionn na teorann sin. Mar réiteach, miondealófar an creidmheas ina thrí chreidmheas bheaga dar luach €90, €90 agus €20 a mbeidh an custaiméir in ann iad a fhuascailt thar dhornán laethanta trí íocaíocht €10 a dhéanamh i dtaca lena mbille leictreachais. Molfar do chustaiméirí gan ach €10 a íoc ar gach ócáid chun a gcreidmheas a fháil agus molfar dóibh lá amháin a fhágáil idir gach íocaíocht.
An 1ú díol | Creidmheas €10 (ceannachán custaiméara) | Cuirtear creidmheas rialtais €90 leis an dearbhán breisithe creidmheasa go huathoibríoch |
An 2ú díol | Creidmheas €10 (ceannachán custaiméara) | Cuirtear creidmheas rialtais €90 leis an dearbhán breisithe creidmheasa go huathoibríoch |
An 3ú díol | Creidmheas €10 (ceannachán custaiméara) | Cuirtear creidmheas rialtais €20 leis an dearbhán breisithe creidmheasa go huathoibríoch |
An feachtas 'Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin'
Is é atá san fheachtas 'Úsáid Níos Lú / Fan Te agus Folláin' ná tionscnamh rialtais a bhfuil mar aidhm leis faisnéis phraiticiúil a thabhairt do theaghlaigh maidir le conas is féidir leo a n-úsáid fuinnimh a laghdú thar thréimhse an gheimhridh agus maidir le conas is féidir leo tacaíochtaí airgeadais a rochtain.
Tá an rialtas ag iarraidh ar dhaoine coinneáil te agus folláin an geimhreadh seo agus a bheith ar an eolas go mbeidh cabhair ar fáil dóibh má bhíonn sí ag teastáil uathu thar na seachtainí agus na míonna atá romhainn.
Nuair is sábháilte agus is féidir déanamh amhlaidh, táthar ag iarraidh ar dhaoine cur amú fuinnimh a laghdú. Má úsáideann teaghlaigh agus gnólachtaí níos lú fuinnimh, cabhrófar leo airgead a shábháil.
Is iad an Coimisiún um Rialáil Fóntais, MABS, ALONE agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann na príomh-chomhpháirtithe a bhfuil baint acu leis an bhfeachtas.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha cabhrach agus tacaíochta a bheidh ar fáil an geimhreadh seo a léamh ar internal-link 220453 | leathanach an fheachtais 'Úsáid Níos Lú'. ]
Tacaíochtaí atá mar chuid de Bhuiséad 2023
Áiríodh le pacáiste an bhuiséid coimirce sóisialaí don bhliain 2023 ocht n-íocaíocht chnapshuime ab fhiú €1.2 billiún san iomlán, chomh maith le méadú €12 sa ráta seachtainiúil ó mhí Eanáir 2023 i leith.
Tá sé mar aidhm leis na bearta sin cabhrú le teaghlaigh agus daoine aonair ar fud an Stáit an costas maireachtála a sheasamh.
An Liúntas Breosla
De bhreis ar an íocaíocht chnapshuime le faighteoirí an Liúntais Breosla, fágfaidh mórleathnú na Scéime go bhfaighidh 81,000 teaghlach nua tacaíocht lena gcostais breosla den chéad uair riamh. Tiocfaidh an beart sin in éifeacht i mí Eanáir 2023.
Gheobhaidh teaghlach atá ag fáil Liúntas Breosla an geimhreadh seo sochar iomlán is fiú beagnach €2,000, rud a bheidh comhdhéanta de na nithe seo a leanas:
- íocaíocht Liúntais Breosla €924 do gheimhreadh na bliana 2022/2023
- cnapshuim Liúntais Breosla €400
- creidmheas leictreachais €600 (CBL san áireamh)
An Pacáiste Sochar Teaghlaigh
Tá an Pacáiste Sochair Teaghlaigh ar fáil chun cabhrú leat freastal ar chostais do bhillí leictreachais agus gáis. Áirítear do cheadúnas teilifíse leis freisin. Níl ach Pacáiste Sochair Teaghlaigh amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
Tá an pacáiste ar fáil do gach duine os cionn 70 bliain d’aois. Ní sochar de réir tástáil acmhainne é agus ní gá go bhfuil tú ag fáil pinsin. Má tá tú idir 66 bliana d’aois agus 70 d’aois, is féidir go bhfaighidh tú an pacáiste fós má chomhlíonann tú na coinníollacha riachtanacha. Is féidir go gcáileoidh tú freisin más rud é go bhfuil tú faoi bhun 66 bliana d’aois agus go bhfaigheann tú Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean Dall nó Liúntas Cúramóra (má tá tú i do chónaí leis an duine a bhfuil tú ag tabhairt cúram dó/di).