English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuarascálacha ar Aerthionscadal Chéim II den Chlár ObSERVE

  • Aershuirbhéanna ar mhíolta móra, deilfeanna, muca mara agus éin mhara in uiscí na hÉireann

Is é atá sa lá inniu ná pointe tábhachtach den dul chun cinn ar chur leis an tuiscint atá againn ar an limistéar amach ó chósta na hÉireann agus ar an mbeatha mhuirí atá istigh ann ós é inniu an lá a foilsíodh na tuarascálacha ar Aerthionscadal Chéim II den Chlár ObSERVE.

Tá uiscí muirí na hÉireann ar mhórán bithéagsúlachta agus is iontu a chónaíonn raon iontach speiceas, lena n-áirítear speicis neamhchoitianta amhail an míol mór gorm agus an míol mór socach domhainfharraige, mar aon le speicis níos coitianta amhail an píolótach agus an deilf bholgshrónach. Chomh maith leis sin, tá ár bhfarraigí ina dtalamh tábhachtach foráiste don turtar droimleathair agus do na dosaenacha speiceas éan mara amhail an puifín, an fhoracha, an guairdeall, an gainéad agus an chánóg.

Is é is ObSERVE ann ná clár eolaíoch ceannródaíoch a bunaíodh sa bhliain 2014 agus atá ceaptha chun feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint atá againn ar na speicis sin agus ar a ngnáthóga. Baintear an tuiscint níos fearr sin amach trí shonraí ardchaighdeáin a bhailiú agus a anailísiú go tráthrialta ar dháileadh agus flúirse na gcéiticeach (míolta móra, deilfeanna agus muca mara), na n-éan mara, na dturtar agus na speiceas muirí eile atá timpeall chósta na hÉireann agus inár n-uiscí Atlantacha fiáine.

I mí an Mheithimh 2021, d’fhógair an rialtas an dara céim den Chlár ObSERVE. Ba iad na comhpháirtithe sa chéim sin ná an Rannán Beartais Geo-eolaíochta agus an Rannán Fuinnimh Idirnáisiúnta agus Amach ón gCósta de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Rannán Timpeallachta Muirí de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), a sholáthair cistiú ab fhiú €1.6 milliún san iomlán i dteannta a chéile le haghaidh an tionscadail aershuirbhéanna. Fágann sé sin gurb ionann an infheistíocht iomlán sa Chlár ObSERVE go dtí seo agus €4.5 milliún.

Cuimsítear sna tuarascálacha ar Aerthionscadal Chéim II den Chlár ObSERVE na fionnachtana ó aershuirbhéanna a ndearna foireann taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, iad thar dhá bhliain ar tharlú, dáileadh agus flúirse na bpríomhspeiceas muirí amhail céiticigh agus éin, mar aon le staidéar mínscála ar dháileadh agus flúirse shéasúrach na n-éan mara, na gcéiticeach agus na n-ainmhithe muirí móra eile amach ó chósta theas agus cósta thiar theas na hÉireann. Sna haershuirbhéanna sin, sampláladh cuid mhór de limistéar muirí na hÉireann, arb ionann é agus 490,000 ciliméadar cearnach, beagnach.

Is féidir le timpeallacht mhuirí nádúrtha na hÉireann agus a hacmhainní rannchuidiú lenár spriocanna aeráide a chomhlíonadh, ach is gá ár mbeatha mhuirí ríthábhachtach agus ár dtimpeallacht mhuirí ríthábhachtach a thuiscint agus a chosaint le linn fuinneamh inbhuanaithe amach ón gcósta nó gníomhaíochtaí muirí eile a fhorbairt. Is í seo an dara huair a measúnaíodh flúirse agus dáileadh na n-éan mara sa chuid is mó de Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann. Is í an dara huair a measadh flúirse na gcéiticeach agus na n-éan mara i míonna an gheimhridh í freisin. Leis na torthaí sin, cabhrófar le heolas a dhéanamh don mheasúnú ar an riosca do speicis faoi chosaint, soláthrófar sonraí le haghaidh measúnú a dhéanamh ar stádas caomhantais na speiceas céiticeach agus éan mara in uiscí na hÉireann, agus rannchuideofar le bainistíocht inbhuanaithe limistéar muirí na hÉireann.

Ag labhairt dó ar ócáid fhoilsiú na dTuarascálacha ar Aerthionscadal Chlár ObSERVE II, dúirt Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:

"Le hAerthionscadal Chlár ObSERVE II, bailíodh sonraí tábhachtacha lenar cuireadh feabhas mór ar ár n-eolas ar an timpeallacht amach ó chósta na hÉireann. Leis an bhfaisnéis sin, cabhrófar le heolas a dhéanamh don bhealach ar aghaidh le haghaidh rialáil agus bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh sa todhchaí ar limistéar muirí na hÉireann, i gcomhthráth le dul chun cinn a dhéanamh ar speicis faoi chosaint a chaomhnú agus ar limistéir thábhachtacha a shainaithint le haghaidh a n-éiceolaíochta nádúrtha agus le haghaidh chaomhnú na héiceolaíochta nádúrtha sin."

Ag déanamh ionadaíocht dó don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, dúirt Malcolm Noonan, an tAire Stáit le freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin:

"Is é atá sna sonraí éiceolaíocha a bailíodh trí Aerthionscadal ObSERVE II ná rud a chuireann go mór leis an tuiscint atá againn ar ár dtimpeallacht mhuirí. A bhuí leis sin, beifear in ann cineálacha fianaisebhunaithe cur chuige a fhorbairt le haghaidh bithéagsúlacht na hÉireann a chaomhnú."

Chun amharc ar na tuarascálacha, tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Forbhreathnú ar ObSERVE II

Is é is ObSERVE ann ná mórchlár eolaíoch muirí státurraithe a bhfuil mar aidhm leis feabhas mór a chur ar an eolas agus an tuiscint atá againn ar speicis amach ón gcósta atá faoi chosaint agus ar ghnáthóga íogaire amach ón gcósta trí shonraí úrscothacha ardchaighdeáin a bhailiú ó áiteanna ar fud Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann.

Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide formhaoirseacht ar ObSERVE i gcomhpháirt leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) mar chuid den ról atá ag an Rialtas maidir le bainistíocht inbhuanaithe gníomhaíochtaí amach ón gcósta agus maidir le straitéisí cuí caomhantais mhuirí.

Dámhadh an conradh le haghaidh an Aerthionscadail seo do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a rinne sraith aershuirbhéanna leathanscála agus mínscála ar limistéir amach ó chósta na hÉireann. Ar na comhpháirtithe sa Ghrúpa Oibre ObSERVE atá ag déanamh formhaoirseacht ar an tionscadal i gCéim II bhí ionadaithe ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ó SEAI, mar aon le rannpháirtíocht comhairleora shaineolaíoch neamhspleách.

Le ObSERVE II, cuirtear leis an bhfaisnéis a bailíodh le linn ObSERVE I, agus táthar ag súil go mbainfear leas as na fionnachtana chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí amach ón gcósta agus ar straitéisí cuí caomhantais mhuirí, lena n-áirítear tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Leis na torthaí sin, cabhrófar le heolas a dhéanamh don mheasúnú ar an riosca do speicis faoi chosaint agus soláthrófar sonraí le haghaidh measúnú a dhéanamh ar stádas caomhantais na speiceas céiticeach agus éan mara in uiscí na hÉireann.

Leis na fionnachtana ó ObSERVE II, cabhrófar leis na rioscaí féideartha do speicis agus gnáthóga faoi chosaint agus na tionchair fhéideartha orthu a shainaithint agus cuirfear ar chumas forbróirí bearta maolúcháin a phleanáil. Is féidir freisin go dtacóidh sonraí ó ObSERVE leis an bpróiseas ceadúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí amach ón gcósta trína thaispeáint go gcomhlíonann na tionscadail na rialacháin chomhshaoil.

Fionnachtana ó na Tuarascálacha ar Aerthionscadal Chéim II den Chlár ObSERVE

Thar na trí shuirbhé leathanscála (samhradh na bliana 2021 agus samhradh agus geimhreadh na bliana 2022), breathnaíodh éin mhara a chuimsigh 24 speiceas éan mara 39,400 uair, beagnach, agus breathnaíodh 17 speiceas céiticeach 2,200 uair, beagnach. Ar na speicis a breathnaíodh bhí speicis choitianta éan mara amhail an gainéad tuaisceartach, an saidhbhéar dubhchosach, an fulmaire tuaisceartach agus an fhoracha choiteann. I measc na gcéiticeach a breathnaíodh bhí an deilf choiteann, an deilf bholgshrónach, an mhuc mhara agus an droimeiteach beag, agus breathnaíodh speicis amhail an chráin dhubh agus an míol mór socach líon níos lú uaireanta. Ar na speicis eile a breathnaíodh bhí an t-iasc gréine, an liamhán gréine agus an siorc gorm.

Bhain tábhacht ar leith le huiscí cósta d’éin mhara ar fud na bliana. Taifeadadh an fhoracha, an puifín, an crosán, an guairdeall, an gainéad agus an chánóg dhubh sa samhradh den chuid is mó, agus breathnaíodh an fulmaire agus an saidhbhéar dubhchosach ina líonta níos mó sa gheimhreadh. Measadh go dtacaíonn an limistéar ar fad le breis agus 1.5 milliún éan mara sa samhradh agus sa gheimhreadh araon, agus ‘teophointí’ i Muir Éireann agus in uiscí cósta amach ón gcósta thiar theas agus ón gcósta thiar d’éin mhara á léiriú sna suirbhéanna leathanscála. Leagadh béim i suirbhéanna mínscála freisin ar a thábhachtaí atá uiscí an chósta thiar theas d’éin mhara, agus thart ar 200,000 éan mara ann sa samhradh, thart ar 320,000 éan mara ann san fhómhar agus thart ar 40,000 éan mara ann sa gheimhreadh. De bhreis air sin, cumasaíodh le suirbhéanna mínscála i bhfómhar na bliana 2022 a mheas gurbh ionann agus thart ar 3,000 ainmhí aonair agus an líon gainéad tuaisceartach a cailleadh mar gheall ar an bhFliú Éanúil Ardphataigineach (an fliú éanúil) i gcoilíneachtaí amach ón gcósta thiar theas.

Tharla difríochtaí séasúracha agus difríochtaí ó bhliain go bliain i bhflúirse roinnt de na speicis chéiticeacha, rud a léiríonn difríochtaí i bpatrúin ghluaiseachta agus imirce. Taifeadadh trí speiceas ar a laghad den mhíol mór socach atá le fáil sa domhainfharraige agus atá measartha anaithnid, agus thart ar 2,000 ainmhí aonair díobh ann sa samhradh agus thart ar 3,700 ainmhí aonair díobh ann sa gheimhreadh, agus iad comhchruinnithe den chuid is mó feadh bhriseadh na scairbhe ilchríochaí feadh chósta thiar na hÉireann. Breathnaíodh speicis níos neamhchoitianta amhail an chráin dhubh bhréige freisin. Ba í an deilf choiteann an speiceas céiticeach ab fhlúirsí, agus í níos flúirsí anois ná a bhí sí i gCéim I den Chlár ObSERVE sa tréimhse 2015-2016. Bhí siad flúirseach go háirithe sa bhliain 2021 (thart ar 600,000 ainmhí aonair ann sa samhradh agus thart ar 250,000 ainmhí aonair ann sa gheimhreadh). Ba í an deilf bholgshrónach an dara céiticeach ab fhlúirsí in uiscí na hÉireann, agus 35,000 ainmhí aonair ann sa samhradh agus 24,000 ainmhí aonair ann sa gheimhreadh. Leagadh béim ar an Muir Cheilteach agus ar limistéir chósta amach ón gcósta thiar mar limistéir atá tábhachtach don dá speiceas deilfeanna. Breathnaíodh an mhuc mhara, an céiticeach is lú in uiscí na hÉireann, líon an-íseal uaireanta sa bhliain 2022 (7,500 ainmhí aonair sa samhradh agus 6,600 ainmhí aonair sa gheimhreadh) i gcomparáid le Céim I den Chlár ObSERVE, agus a bhformhór breathnaithe i Muir Éireann. Ba é an droimeiteach beag an speiceas míol mór bailíneach ba mhinice breathnú agus ab fhlúirsí (idir 2,000 ainmhí aonair agus 4,600 ainmhí aonair ann sa samhradh agus 500 ainmhí aonair ann sa gheimhreadh) agus taifeadadh iad den chuid is mó in uiscí cósta. Taifeadadh an droimeiteach agus an míol mór dronnach, ar speicis níos mó iad, freisin. Breathnaíodh an droimeiteach sa samhradh agus sa gheimhreadh araon, rud a leagann béim ar an scairbh ilchríochach mar limistéar tábhachtach le haghaidh an speicis sin, b’fhéidir mar chonair imirceach nó le haghaidh foráiste.