English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Ryan aitheasc os comhair an tionóil is mó maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite san Eoraip

  • Leagann an tAire béim ar an dul chun cinn atá déanta ag Éirinn i dtreo a éirí ina príomhghníomhaí fuinnimh in-athnuaite san Eoraip

Inniu, thug Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, aitheasc os comhair na bpríomhphearsan gnó san earnáil fuinnimh gaoithe in-athnuaite ag Imeacht Bliantúil WindEurope 2024 in Bilbao. Tá an chomhdháil trí lá seo ar an imeacht bliantúil is mó maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite san Eoraip, agus breis agus 12,000 duine i láthair.

I ‘Seisiún Iomlánach Aireachta ar Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta’, labhair an tAire Ryan faoin dóigh a bhfuil Éire ar tí a éirí ina príomhghníomhaí maidir lena bhfuil i ndán d’fhuinneamh in-athnuaite san Eoraip. Is é an seisiún aireachta ar fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta an t-imeacht is mó tóir ag an gcomhdháil; áirítear leis rogha Airí Eorpacha, oifigigh ón gCoimisiún Eorpach, agus príomhphearsana ó dhomhan an ghnó. Ag an díospóireacht, cuireadh in iúl léargais ar raon réimsí éagsúla a bhaineann le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, lena n-áirítear méideanna agus infheistíochtaí, eangacha, slabhraí soláthair, agus teicneolaíocht shnámhach gaoithe.

Dúirt an tAire Ryan:

"Scéal ratha is ea scéal an fhuinnimh gaoithe in Éirinn cheana féin. Faighimid 35% dár leictreachas ó fheirmeacha gaoithe ar talamh. Is mó an figiúr sin ná an figiúr in aon áit eile san Eoraip. Táimid inár gceannairí domhanda maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú isteach inár n-eangach leictreachais, áit ar minic is le fuinneamh ó fheirmeacha gaoithe a fhreastalaítear ar 75% den éileamh iomlán ar leictreachas. Thógamar tionscal bisiúil náisiúnta fuinnimh gaoithe ar talamh le breis agus 20 bliain anuas, agus táimid ag breathnú ar ár bhfarraigí anois. Tá ag Éirinn ceann amháin de na hacmhainní is fearr fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan, agus táimid ag bogadh i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar go mear. Ba mhó an toilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a tháinig isteach sa chóras pleanála anuraidh ná ag an ar bith riamh, agus tá píblíne láidir mhéadaitheach tionscadal i bhfeidhm againn.

"Leagamar amach cheana féin conair shoiléir i dtreo ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta don bhliain 2030 a bhaint amach. Ina theannta sin, sainaithnítear inár gCreat Todhchaíoch nua um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta, atá le foilsiú an mhí seo chugainn, na príomhghníomhartha a dhéanfaidh Éire chun 20 gigeavata ar a laghad d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2040 agus chun 37 ngigeavata ar a laghad a sholáthar faoin mbliain 2050. Chuireamar a lán ama agus acmhainní isteach chun an bonn riachtanach reachtach agus rialála a chothú chun tionscal inbhuanaithe a fhorbairt a bhaineann dea-thorthaí amach d’Éirinn agus don Eoraip araon. Táimid ag tnúth le hobair i gcomhar leis na príomhphearsana tionscail atá anseo inniu ag comhdháil WindEurope, de réir mar a bhogaimid níos gaire i dtreo ról na hÉireann amach anseo mar cheannaire domhanda i réimse an fhuinnimh gaoithe in-athnuaite."

Ní raibh sa díospóireacht painéil aireachta ach ceann amháin de roinnt imeachtaí ardphróifíle a bhaineann le hÉirinn ag comhdháil WindEurope 2024. Áiríodh iad seo a leanas le himeachtaí eile:

  • 'Seisiún ar Mhargaí na hÉireann', ar sheisiún tiomnaithe é inar díríodh ar na forbairtí is déanaí ó thaobh rialála, ceantanna, forbairtí beartais agus deiseanna gnó do chuideachtaí a bhfuil spéis acu i margadh na hÉireann. Bhí Matt Collins, Rúnaí Cúnta um Leictreachas, Hidrigin agus Eangach In-athnuaite ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ar dhuine de na haoichainteoirí ag an seisiún sin
  • seisiún líonraithe agus faisnéise ar óstáil comhaltaí de Thascfhórsa trasrannach na hÉireann um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar é ag pailliún na hÉireann. Ag an imeacht sin, thug an tascfhórsa tús eolais ar an doiciméad dar teideal ‘Rathúnas a Chumhachtú – Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta’ a foilsíodh le déanaí agus leag sé amach freisin prionsabail an Ráitis Beartais maidir le Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta atá le foilsiú an mhí seo chugainn. Thug oifigigh ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann an t-eolas is deireanaí ar an Treochlár le haghaidh Teicneolaíocht Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta freisin
  • díospóireacht painéil maidir le rochtain eangaí le haghaidh feirmeacha gaoithe, rud a raibh Michael Mahon, Príomhoifigeach Bonneagair EirGrid, páirteach ann

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Na huaillmhianta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann

Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. I lár na bliana 2021, sheol an Rialtas an Item was unpublished or removed Is é sin an chéad chreat cuimsitheach de chuid na hÉireann riamh le haghaidh pleanáil spáis mhuirí. Achtaíodh an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, i mí na Nollag 2021. Bunaíodh leis córas nua ceadúnúcháin agus bainistíochta forbartha sa limistéar muirí atá le riar ag gníomhaireacht nua darb ainm an [external-link an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, | tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, ] ag obair di i gcomhar leis an mBord Pleanála, atá ag cabhrú le fuinneamh amach ón gcósta a fhorbairt.

Sa bhliain 2022, bunaíodh an córas Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta, rinne an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint chuig seacht dtionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta i mí na Nollag 2021. Mar thoradh air sin, bhí na tionscadail sin in ann idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBord Pleanála roimh iarratas pleanála a chur isteach. Bhí siad in ann freisin páirt a ghlacadh sa chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.

I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona faoin mbliain 2030.

Tá cur chuige pleantreoraithe chun ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a chomhlíonadh á chur chun feidhme ag Éirinn. Tá ár n-uaillmhianta aeráide agus fuinnimh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta á gcomhlíonadh ag an Rialtas trí roinnt céimeanna forluiteacha:

  • Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear don chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
  • Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach, agus
  • an Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán (féach thíos)

An Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar

Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, atá ag déanamh comhordú ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú. Ar na gníomhartha faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann leis an slabhra soláthair, le calafoirt, le beartas, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.

An Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

Tugtar an ‘Creat Todhchaíoch’ ar an tsamhail agus ar an bhfís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Leagfar amach sa bheartas sin creat le haghaidh 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Tá an fhís sin le haghaidh ár spriocanna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach i réim ar fud an Rialtais, agus cinnteofar leis an gcreat rialála a chuirfear i bhfeidhm go réadófar na tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha le haghaidh gach duine dár saoránaigh agus dár ngeallsealbhóirí san am i láthair agus as seo amach.

Rinneadh dréacht-Chreat Todhchaíoch le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a imscaradh tar éis na bliana 2030 a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin i mí Eanáir 2024. Foilseofar leagan deiridh i mí Aibreáin 2024, faoi réir ceadú a fháil ón Rialtas.