Déan iarratas ar Dheimhniú Phróiseas Kimberley
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 26 Bealtaine 2021
Ní mór do na rannpháirtithe uile sa Phróiseas Kimberley Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley (KPCS) a chur i bhfeidhm ina reachtaíocht náisiúnta.
Údarás Aontais KP is ea an tÚdarás um Phróiseas Kimberley agus Mhianraí Freagracha (KPRMA) agus tá údarás aige allmhairí agus onnmhairí de dhiamaint gharbha a cheadú in Éirinn.
Ní bhaineann an KPCS ach le diamaint gharbha amháin (Cóid HS 71021000, 71022100 agus 71023100). Ní bhíonn diamaint ghearrtha agus snasta, diamaint shintéiseacha nó diamaint atá curtha i seodra á rialú ag KPCS.
Ní bhaineann an KPCS ach le trádáil idir rannpháirtithe KP. Dá bhrí sin, ní bhíonn an trádáil ar dhiamaint gharbha laistigh den AE á rialú ag an KPCS.
Faoin KPCS:
- ní féidir diamaint gharbha a thrádáil ach le rannpháirtithe KP eile
- ní mór lastais de dhiamaint gharbha a bheith á dtionlacan ag Deimhniú Phróiseas Kimberley atá bailíochtaithe ag údarás cuí
- ní mór lastais de dhiamaint gharbha a bheith faoi shéala i málaí/coimeadáin atá crioscaíldíonach
Iarratas
Chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le: KPRMA@decc.gov.ie