English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar an gCiste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail

Cuireann an Ciste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail forbairt inbhuanaithe chun cinn trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail chomhshaoil ar scála beag ag leibhéal áitiúil.

Oibríonn pobail agus grúpaí áitiúla i gcomhar leis na húdaráis áitiúla chun bearta a dhéanamh i réimsí amhail dramhaíl, bithéagsúlacht, athrú aeráide, aer agus uisce.

Bíonn tionscadail a n-éiríonn leo á gcomhchistiú ag údaráis áitiúla i gcomhar leis an roinn seo. Féadfar cistiú a fháil ó fhoinsí eile chomh maith, amhail an earnáil phríobháideach, chun barr feabhais a chur ar na tionscadail.

De bharr na srianta a cuireadh i bhfeidhm le linn na paindéime COVID19 tá síneadh ama curtha ag an RCAC leis an dáta críochnaithe do thionscadail an Chiste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail 2019 ó mhí Lúnasa 2020 go deireadh mhí na Nollag 2020. Tá féidearthacht na Scéime don bhliain 2020 á meas againn faoi láthair agus na treoirlínte agus na srianta sláinte poiblí atá ann faoi láthair á gcur san áireamh. Táthar ag súil go gcuirfear iarratais don chéad bhabhta eile den Chiste Gníomhaíochta Comhshaoil Pobail siar go dtí an chéad ráithe den bhliain 2021.