English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh ar an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC)

Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann í an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (CEIGS), scéim atá faoi stiúir na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC).

Is é is cuspóir leis an scéim deontas seo tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail i spás an Gheilleagair Chiorclaigh agus é mar aidhm aige sin an Geilleagar Ciorclach a chur chun cinn in Éirinn agus feasacht a mhúscailt faoin ngá atá ann aistriú chuig an nGeilleagar Ciorclach.

Trí thionscadail agus fhiontair an gheilleagair chiorclaigh a mhaoiniú, tabharfaidh CEIGS tacaíocht dhíreach d’fhás an gheilleagair chiorclaigh in Éirinn agus cuirfidh sé samplaí ardphróifíle dea-chleachtais ar fáil.

Tá an glao ar iarratais le haghaidh 2022 ar oscailt anois.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas 5 i.n. ar an 16 Nollaig 2022

Má tá ceisteanna agat faoi CEIGS, le do thoil seol ríomhphost chuig circulareconomy@decc.gov.ie

Cé nach bhfuil CEIGS teoranta d’fhiontair shóisialta agus d’eagraíochtaí deonacha agus pobalbhunaithe amháin, tá suim ar leith ag an RCAC in aighneachtaí ó eagraíochtaí den chineál sin. Léigh go cúramach an Treoir d’Iarratasóirí sula gcomhlánóidh tú d’iarratas. Tá tuilleadh sonraí sa Treoir d’Iarratasóirí maidir leis an scéim agus maidir leis na cineálacha tionscadal atá incháilithe do mhaoiniú.

Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach - Cáipéisí na Scéime agus Treoir d'Iarratasóirí 2022
Amharc amharc
Scéim Deontas Nuálaíochta maidir leis an nGeilleagar Ciorclach (CEIGS) - Foirm Iarratais 2022
Amharc amharc