English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Iarratas a dhéanamh chuig an RCAC ar Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Tugann na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC) 2007 go 2018 an ceart do shaoránaigh rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Cuir in iúl i do litir le do thoil go bhfuil d’iarratas á chur isteach faoi na Rialacháin RFC 2007-2018. Ar mhaithe leis an bpróiseas iarratais RFC a chuíchóiriú agus ar mhaithe le freagra tráthúil ar gach iarratas a áirithiú, tá foirm iarratais RFC forbartha againn.

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá á coimeád ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC), nó atá á coimeád ar son na Roinne, ní gá ach an fhoirm thuas a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig:

AIE Unit

Seoladh:
Access to Information on the Environment, AIE Unit, Department of the Environment, Climate and Communications, Elm House, Earlsvale Road, Cavan, H12 A8H7
Ríomhphost:

aie.unit@decc.gov.ie

Chomh maith leis sin is féidir iarratas a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist chuig corporatesupport.unit@decc.gov.ie

Ní mór a chur in iúl san iarratas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC.

Cuirfidh an RCAC ar an eolas thú faoin gcinneadh maidir le d’iarratas laistigh de mhí amháin ón tráth a gheofar é.

Nuair a gheofar iarratas RFC, cuirfidh an RCAC litir admhála chugat ina shonrófar an dáta a fuarthas an t-iarratas agus an dáta deiridh faoina gcuirfear cinneadh amach.

Ní ghearrtar aon táille ar iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin RFC. Ach tugann na rialacháin cead d’údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as an gcostas a bhaineann leis an bhfaisnéis maidir leis an gcomhshaol a chur ar fáil.

Tá na táillí seo a leanas socraithe ag an RCAC:

  • taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil: €20 an uair
  • fótachóipeáil: €0.04 an bhileog
  • CD Rom: €10
  • radagraf: €6

Cuirfear sonraí in iúl maidir le cibé táillí a bheidh i gceist i litir an chinnidh deiridh.

Tabhair faoi deara go bhféadfar an táille a tharscaoileadh i gcás ina measfar gur lú an costas ná €100.

Féadfar go gcuirfear táillí ar leataobh chomh maith mura bhfuil sa taifead ach faisnéis phearsanta agus, ag féachaint d’acmhainn an iarratasóra, mura mbeadh sé réasúnta táille a chur i bhfeidhm.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh i gcás inar diúltaíodh do d’iarratas ar rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol go hiomlán nó i bpáirt, nó i gcás ina gcreideann tú nár déileáladh leis i gcomhréir le forálacha na Rialachán RFC. Ba cheart duit an t-iarratas sin ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de mhí amháin i ndiaidh duit an cinneadh deiridh a fháil. Ba cheart iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach chuig corporatesupport.unit@decc.gov.ie

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú a iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCFC) an cheist a athbhreithniú. Ba cheart duit iarratas ar achomharc a dhéanamh chuig an OCFC laistigh de mhí amháin i ndiaidh duit cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh a fháil. Tá tuilleadh faisnéise maidir le hiarratas a chur isteach chuig an CFC ar fáil anseo.