English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Teagmhas a thuairisciú (Soláthraithe Seirbhísí Digiteacha)

Soláthraithe Seirbhísí Digiteacha faoi réir ceangaltas tuairiscithe teagmhais agus beart slándála sa chaoi is nach mór dóibh bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh chun na rioscaí slándála a shainaithint agus a bhainistiú i dtaca leis na córais a úsáideann siad chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil.

Murab ionann agus Oibritheoirí Seirbhísí Riachtanacha, ní shainaithníonn an rialtas cuideachtaí mar Sholáthraithe Seirbhísí Digiteacha. Ina ionad sin, is ar na corparáidí atá an fhreagracht a dheimhniú an dtagann siad faoi raon na Treorach agus, más amhlaidh go dtagann, na bearta slándála agus na treoirlínte tuairiscithe teagmhais a chomhlíonadh.

Tá sé tábhachtach go dtabharfar faoi deara nach gcumhdaítear micrifhiontair agus fiontair bheaga sa Treoir – mar sin díolmhaítear ó cheanglais na Treorach fiontar ar bith a fhostaíonn níos lú ná 50 fostaí agus gur lú ná €10 milliún iomlán a láimhdeachais bhliantúil agus nó a chláir chomhordaithe bhliantúil.


Teagmhas a thuairisciú

Líon isteach an fhoirm thíos ó shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála, agus seol í chuig incident@ncsc.gov.iecertreport@decc.gov.ie