Tuarascálacha ó Chuideachtaí Taiscéalaíochta
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Coimeádann an Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta (RTM) agus Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (SGÉ) Tuarascálacha ó Chuideachtaí Taiscéalaíochta (Taifid Comhad Oscailte SGÉ) maidir le go leor Limistéir Cheadúnais Sirtheoireachta (CS) atá ann faoi láthair nó a cuireadh as feidhm. Ní chuirtear Tuarascálacha maidir le Ceadúnais Sirtheoireachta atá faoi bhun sé bliana d’aois ar fáil don phobal.
Tá tuilleadh uirlisí ar fáil ón RTM le haghaidh limistéir CS: an t-amharcóir idirghníomhach léarscáile agus an uirlis chuardaigh Limistéir CS.
Tá doiciméid Comhad Oscailte ar fáil ag SGÉ chomh maith sa chartlann doiciméad GOLDMINE agus sa bhunachar sonraí GeoData maidir le Comhaid Oscailte agus Fosuithe Mianraí.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin an gcóras ceadúnúcháin sirtheoireachta féach an tseirbhís um iarratais ar Cheadúnas Sirtheoireachta.
Mura bhfuil an Uimhir Limistéir CS ar eolas agat, déan peanáil agus zúmáil ar an léarscáil seo chun uimhreacha na Limistéar CS a aimsiú, ansin cuir an uimhir Limistéir CS sin isteach sa chuardach thíos. Déan cliceáil ar an léarscáil chun tuilleadh faisnéise a thaispeáint faoin Limistéar CS.
- Ciallaíonn gorm na Limistéir CS atá ann faoi láthair
- Ciallaíonn dearg na Limistéir CS a cuireadh as feidhm