English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán maidir leis an Treoir atá beartaithe chun seasmhacht eintiteas criticiúil atá ag soláthar seirbhísí bunriachtanacha san Aontas Eorpacha a fheabhsú

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 10 Meitheamh 2021
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

Tá aighneachtaí i scríbhinn á lorg ag An Roinn Cosanta ó dhaoine nó ó ghrúpaí leasmhara maidir leis an Treoir AE atá beartaithe chun seasmhacht eintiteas criticiúil a fheabhsú.

Dáta deiridh

Is é an spriocdháta atá luaite le haighneachtaí a fháil 5 pm, Dé Céadaoin, an 14 Iúil 2021.

Conas d’aighneacht a sheoladh ar aghaidh

Seol doiciméad leictreonach (PDF/MS Word inchuardaithe nó a chomhionann) trí ríomhphost chuig @defence.ie" OEPConsultations@defence.ie

An méid atá le cur ar fáil i d’aighneacht

Ba cheart go mbeadh doiciméad na haighneachta agus litir chumhdaigh ar leith le fáil i d’aighneacht. Ciallaíonn sé seo gur féidir d’aighneacht a fhoilsiú gan do shonraí teagmhála a fhoilsiú.

Bíodh an t-eolas seo a leanas le fáil sa litir chumhdaigh:

• D’ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin.

• Má tá aighneacht á déanamh agat thar ceann eagraíochta, sonraigh an post atá agat san eagraíocht

• Déan cur síos gonta ar an gcúis a bhfuil an aighneacht á déanamh agat

Bíodh an t-eolas seo a leanas le fáil i ndoiciméad na haighneachta:

• Réamheolas gonta, do réimse saineolais a mhíniú, mar shampla

• Aon fhaisnéis fhíorasach is féidir leat a chur ar fáil a d’fhéadfaí a phlé le páirtithe leasmhara eile chun a dtuairimí a fháil

• Naisc le haon fhoilseacháin dá dtagraíonn tú - ní gá a leithéid seo d’fhoilseacháin a sheoladh mar cheangaltáin

• Maidir le haon mholtaí atá á gcur faoi bhráid na Roinne Cosanta - bí chomh sonrach agus is féidir agus soláthair achoimre de do mholtaí ag deireadh an doiciméid

• Má tá níos mó ná cúig leathanach i do dhoiciméad, soláthair achoimre fheidhmeach de na príomhphointí a rinneadh san aighneacht

Faisnéis thábhachtach

• Ní ghlacfar le haighneachtaí a sheolfar chuig aon seoladh ríomhphoist eile.

• Ní ghlacfar le haighneachtaí anaithnide agus diúltófar glacadh leo.

• Is próiseas poiblí é aighneacht a dhéanamh agus d’fhéadfaí faisnéis a fhaightear a bheith faoi réir, ina hiomláine nó i bpáirt, fhorálacha Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF), Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007- 2014 (AIE) agus Acht um Chosaint Sonraí 2018.

• Tá sé beartaithe ag an Roinn Cosanta ábhar na n-aighneachtaí ar fad a fhaightear i ndáil leis an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Bainfidh an Roinn sonraí pearsanta as aighneachtaí roimh iad a fhoilsiú. Nuair a bhíonn páirtithe ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart dóibh a léiriú cá bhfuil faisnéis phearsanta le fáil ina bhfreagairtí, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda nár mhaith leo a bheadh ar fáil faoi SF, AIE nó á foilsiú ar shlí éigin eile.

Príobháideachas

Sula ndéanann tú aighneacht, léigh ár bpolasaí príobháideachais.

Faisnéis Chúlra

Ar an 16 Nollag 2020, mhol Coimisiún na hEorpa treoir nua atá beartaithe chun seasmhacht eintiteas criticiúil atá ag soláthar seirbhísí bunriachtanacha san Aontas Eorpacha a fheabhsú. Is é cuspóir na Treorach seo, ar a dtugtar Treoir CER, soláthar leanúnach seirbhísí bunriachtanacha do shaoránaigh a chinntiú trí sheasmhacht eintiteas criticiúil a fheabhsú.

Tá modheolaíocht rioscabhunaithe uile-ghuaise á moladh sa Treoir chun seasmhacht a fhorbairt ionas go mbeidh eintitis chriticiúla in ann teagmhais shuaiteacha a chosc, cur ina gcoinne, a ionsú agus téarnamh ina ndiaidh a chinntiú, beag beann ar an gcúis a bhíonn lena leithéid, guaiseacha nádúrtha, timpistí, sceimhlitheoireacht, bagairtí cos istigh, nó éigeandálaí sláinte poiblí.

Cé go bhfuil sé mar aidhm leis an Treoir CER atá molta seasmhacht eintiteas criticiúil a fheabhsú, tá an Treoir ag tacú freisin leis an ngaol idir infreastruchtúr bainistíochta éigeandála straitéisí Ballstát agus pleanáil leanúnachais gnó eintiteas criticiúil a neartú.

Tá athrú suntasach tagtha ar an timpeallacht ina bhfuil eintitis chriticiúla ag feidhmiú le blianta beaga anuas. Tá an tírdhreach riosca níos casta anois ná mar a bhí. Cruthaíonn an idirnascacht mhéadaithe idir eintitis chriticiúla, idir thrasearnálach agus thrasteorann, trí línte soláthair chomhtháite, teicneolaíocht agus soláthar seirbhíse, breis dúshlán do leanúnachas gnó agus do bhainistíocht géarchéime. Éilíonn an reachtaíocht nua seo atá beartaithe maidir le seasmhacht eintitis chriticiúil cumais mhéadaithe i réimsí an mheasúnaithe riosca agus an mhaolaithe náisiúnta, pleanáil éigeandála, socruithe comhordaithe agus comhoibrithe feabhsaithe trasteorann ag leibhéal AE, agus rialachán feabhsaithe leasanna tionsclaíocha agus leasanna de chuid na hearnála poiblí.

Seachas damáiste a dhéanamh d’fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh, d’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí diúltacha tromchúiseacha ag suaitheadh, cur isteach, go háirithe iad siúd lena mbaineann impleachtaí trasteorann agus tras-Eorpacha, ar shaoránaigh, gnó, rialtais agus an timpeallacht.

Rinneadh foráil i dTreoir 2008/114/EC17 roimhe seo le haghaidh nós imeachta chun infreastruchtúir chriticiúla Eorpacha a ainmniú na hearnálacha fuinnimh agus iompair, a mbeadh tionchar suntasach trasteorann ag cur isteach nó scriosadh a leithéid ar dhá Bhallstát, ar a laghad. Tagann an Treoir CER seo atá molta in áit Threoir 2008/114/EC17 agus déanann sé cuntas ar agus cuireann sé le hionstraimí reatha eile agus le hionstraimí eile a shamhlaítear.

Is ionann Treoir CER agus athrú suntasach i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Tá scóip earnálach i bhfad níos leithne luaite leis an Treoir CER atá molta, ina gclúdaítear deich n-earnáil, eadhon:

• Fuinneamh, leithéidí – táirgeoirí leictreachais, oibreoirí ainmnithe margaidh leictreachais, rannpháirtithe sa mhargaidh leictreachais, téamh agus fuarú ceantair, sealbhú lárnach stoc ola, hidrigin

• Iompar

• Baincéireacht

• Infreastruchtúr an Mhargaidh Airgeadais

• Sláinte, leithéidí – saotharlanna tagartha, taighde agus forbairt táirgí íocshláinte, déantúsaíocht cógaisíochta agus feistí leighis

• Uisce Óil

• Bainistíocht fuíolluisce

• Bonneagar digiteach cosúil le – ionaid sonraí, soláthraithe líonra soláthair inneachair, soláthraithe teileachumarsáide agus seirbhísí iontaoibhe

• Riarachán poiblí

• Spás

Beidh eintitis a bhaineann leis na hearnálacha agus seirbhísí seo, a chomhlíonann critéir atá sonraithe, laistigh de scóip rialachais, bainistíochta riosca, slándála agus tuairiscithe na Treorach seo. Pointe tábhachtach, áfach, is ea sa chás go gceanglaíonn forálacha gníomhartha dlí earnáilsonracha an Aontais ar eintitis chriticiúla bearta a chur i gcrích a bhaineann le Measúnú Riosca, Seasmhacht, Seiceálacha agus Fógraí Cúlra, atá ar a laghad comhionann leis na hoibleagáidí atá leagtha síos sa Treoir atá molta, nach mbeidh feidhm le forálacha ábhartha na Treorach seo atá molta.

Tá an Treoir CER atá molta comhsheasmhach agus bunaítear leis dlúthshineirgí leis an Treoir atá molta maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (NIS 2) agus an Rialachán atá molta maidir le seasmhacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (DORA).

Tá an togra seo mar bhonn leis an idirbheartaíocht le hÉirinn agus le Ballstáit eile maidir le reachtaíocht nua seasmhachta trí Threoir atá á bunú sa Bhruiséil faoi láthair. Tá an doiciméadacht ábhartha ar fad, lena n-áirítear an Treoir, Iarscríbhinní agus measúnú tionchair tionlacain nua atá molta le fáil ar líne ar leathanach gréasáin Threoir CER an Choimisiúin.