English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Bearta Meán Sóisialta na Roinne Cosanta

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 10 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 4 Nollaig 2024


Beartas Twitter


@IRLDeptDefence

Is í Preasoifig na Roinne a bhainistíonn láithreacht Twitter na Roinne Cosanta: defencepressoffice@defence.ie

Má leanann tú sinn, is féidir leat a bheith ag súil le tvuíteanna a chlúdaíonn cuid nó gach ceann díobh seo a leanas:

• fógrófar preasráitis trí Twitter i dteannta le gnáthbhealaí dáilte

• foláirimh faoi ábhar nua ar ár láithreán gréasáin agus naisc le foilseacháin oifigiúla a bhaineann le hobair na roinne

• eolas faoi imeachtaí

• nuashonruithe ón roinn

• foláirimh faoi ábhar nua ar ár láithreán gréasáin

• eolas praiticiúil eile faoi sheirbhísí atá ar fáil tríd an roinn


Cé a leanaimid

Leanfaidh an roinn gníomhaireachtaí rialtais eile, chomh maith le haon chuntas a leanann ár lucht féachana, nó cuntais ar díol spéise iad dár lucht leanta.

Forchoimeádann an Phreasoifig an ceart chun a chinneadh ar cheart cuntas a leanúint nó nár cheart.


Atvuíteannna

Ní tacaíocht do thuairim nó do thrácht iad atvuíteanna.

Déanann An Roinn Cosanta triú páirtithe a atvuíteáil más roinn nó oifig rialtais iad (lena n-áirítear rialtas idirnáisiúnta nó iltaobhach), nó eagraíocht ghaolmhar.

Ní féidir triú páirtithe eile a atvuíteáil ach in imthosca eisceachtúla agus chun leasa díreach ár leantóirí. Cinnfidh an Phreasoifig é seo ar bhonn cás ar chás.


@Tvuíteanna/Freagraí agus Teachtaireachtaí Díreacha

Fáiltíonn an roinn roimh rannpháirtíocht lenár dtvuíteanna, ach is é an bealach is fearr le teagmháil a dhéanamh ná trí ríomhphost a sheoladh chuig defencepressoffice@defence.ie Níor cheart breathnú ar theip dul i dteagmháil le tvuít triú páirtí mar dhiúltiú trácht ar shaincheist áirithe.


Sonraí Príobháideacha/Pearsanta

Ná cuir aon eolas pearsanta/príobháideach i do tvuít nó Teachtaireacht Dhíreach (DM) chugainn.


Tuairisciú/Blocáil

Forchoimeádann an roinn an ceart na rudaí seo a leanas a thuairisciú do Twitter agus an cuntas ábhartha a bhlocáil:

• cuntais a dhéanann aithris ar An Roinn Cosanta ar bhealach ar bith

• tvuíteanna maslacha nó turscair


Infhaighteacht

D’fhéadfadh nach mbeadh ár gcuntas Twitter ar fáil ó am go chéile. Ní ghlacann an Phreasoifig aon fhreagracht as easpa seribhíse mar gheall ar aga neamhfhónaimh Twitter.