English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Comhlachtaí faoi choimirce na Roinne Cosanta

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 6 Nollaig 2024

Bord Pinsean an Airm

Is é Bord na nArm-Phinsean an t-aon Chomhlacht Stáit atá faoi choimirce na Roinne Cosanta faoi láthair. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é Bord na nArm-Phinsean, a bunaíodh faoin Acht Arm-Phinsean 1927, agus tá sé lonnaithe in Ospidéal Míleata Naomh Bricin i mBaile Átha Cliath.

Sonraítear san Acht gur cathaoirleach agus beirt ghnáthchomhaltaí a bheidh ar an mBord. Ní mór don bheirt ghnáthchomhalta a bheith ina lia-chleachtóirí cáilithe agus caithfidh duine acu a bheith ina oifigeach de Chór Liachta an Airm. Is é an tAire Cosanta a cheapann an cathaoirleach agus an gnáthchomhalta neamh-mhíleata le comhthoiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is é an tAire Cosanta, ar mholadh Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann, a cheapann gnáthchomhalta Chór Liachta an Airm.

Is é Rúnaí an Bhoird, ar státseirbhíseach lánaimseartha é atá fostaithe ag an Roinn Cosanta, a dhéanann obair laethúil a bhaineann leis an mBord. Ní fhostaíonn an Bord aon fhoireann go díreach.