English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Fógra Príobháideachais um Chosaint Sonraí

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 21 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Bealtaine 2024


Cé sinn féin

Sinne an Roinn Cosanta, Roinn Rialtais láir arb é a sprioc ardleibhéil chun soláthar a dhéanamh do chosaint mhíleata an Stáit, cur le síocháin agus slándáil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus gach ról eile a shannann an Rialtas a chomhlíonadh.

Is iad ár bpríomhfheidheanna an méid seo a leanas a dhéanamh:

• comhairle thráthúil agus ábhartha faoi bheartas agus cúrsaí míleata a sholáthar

• cur le slándáil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus beartas cosanta

• barr feabhais a chur ar chomhoibriú beartais thrasghearrthaigh

• plé le ceisteanna riaracháin don Roinn Cosanta agus na Fórsaí Cosanta

• an Páipéar Bán um Chosaint 2015 a chur i bhfeidhm

Caitheann an Roinn Cosanta le príobháideachas do shonraí pearsanta mar ábhar tromchúiseach agus tá sí tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus a phróiseáil ar bhealach cothrom agus trédhearcach. Soláthraíonn an Fógra Príobháideachais seo faisnéis duit faoi na saghsanna sonraí pearsanta a phróiseálaimid agus conas a phróiseálaimid iad faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí.


Saghsanna sonraí pearsanta a phróiseáiltear, na cuspóirí agus an bunús dlí chun sonraí an phróiseáil agus conas a roinntear sonraí

Nuair a dhéanann tú comhfhreagras linn

Próiseálfaimid do shonraí nuair a sholáthraíonn tú dúinn iad, mar shampla, fad a dhéantar fiosrúcháin, gearáin, iarratais nó aighneachtaí i rith comhairliúchán poiblí.

I measc na saghsanna sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, Uimhir PSP, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, aitheantas grianghraif, sonraí cárta leighis, sonraí bainc, sonraí sláinte.

Beidh an bunús dlí le sonraí a phróiseáil ar na cuspóirí seo ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.

B’fhéidir gur gá dúinn do shonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais agus eagraíochtaí faoi mar is gá chun freagairt ar do chomhfhreagras nó chun cinneadh a dhéanamh faoi d’iarratas.

Nuair a chomhfhreagraíonn duine linn thar do cheann

Próiseálfaimid do shonraí nuair a chomhfhreagraíonn duine eile linn thar do cheann, mar shampla, i gcás Uiríoll Aire nó i gcaitheamh éileamh dlíthiúil.

I measc na saghsanna sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, Uimhir PSP, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, aitheantas grianghraif, sonraí bainc, sonraí sláinte.

Beidh an bunús dlí le sonraí a phróiseáil ar na cuspóirí seo ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.

B’fhéidir gur gá dúinn do shonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais agus chun freagairt ar an gcomhfhreagras.

Nuair a dhéanann tú iarratas / nuair a liostáiltear thú nó nuair cheaptar thú leis na Fórsaí Cosanta

Próiseálfaimid do shonraí, i gcomhar leis na Fórsaí Cosanta, ó iarratas go céim na liostála / an cheapacháin chun ceisteanna pá, pinsin agus fostaíochta a phróiseáil.

I measc na saghsanna sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, Uimhir PSP, náisiúntacht, dáta breithe, inscne, aitheantas grianghraif, sonraí bainc, cáilíochtaí acadúla, sonraí sláinte, uimhir sheirbhíse.

Toiliú a bheidh sa bhunús dlí le sonraí a phróiseáil ar na cuspóirí seo ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil ag céim na liostála nó an cheapacháin.

B’fhéidir gur gá dúinn do shonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais agus chun ceisteanna pá, pinsin agus fostaíochta a phróiseáil.

Nuair a dhéantar oibrí deonach Chosanta Sibhialta díot le hÚdarás Áitiúil

Próiseálfaimid do shonraí, faoi mar a sholáthraíonn an tÚdarás Áitiúil ábhartha agus trí úsáid a bhaint as a gClár, chun grinnfhiosrúchán slándála, oiliúint agus athdheimhniúchán a shocrú. Is féidir do shonraí a phróiseáil chomh maith, ó phíosa scannáin / íomhánna dróin i rith cleachtadh oiliúna nó oibríochta.

I measc na saghsanna sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, Uimhir PSP, dáta breithe, inscne, sonraí fostóra, taifeadadh fuaime, píosa scannáin dróin, cáilíochtaí acadúla, sonraí sláinte.

Beidh an bunús dlí le sonraí a phróiseáil ar na cuspóirí seo ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.

B’fhéidir gur gá dúinn do shonraí a roinnt le tríú páirtithe ábhartha, ar nós an Gharda Síochána, Údaráis Áitiúla agus soláthraithe oiliúna.

Nuair a úsáidtear ár maoin

Ó thráth go chéile, úsáidtear ár maoin agus/nó trealamh do chuspóirí ar nós innilte, ligean talún, imeachtaí, socruithe rochtana agus mar áit chónaithe.

I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, uimhir thréada, uimhir fóilió maoine, sonraí árachais, stádas pósta, sonraí bainc.

Beidh an bunús dlí le sonraí a phróiseáil ar na cuspóirí seo, ag brath ar chuspóir na próiseála, ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh nó chun conradh a fheidhmiú.

Mura soláthraítear sonraí a theastaíonn chun conradh nó réamhchonradh a chomhlíonadh, b’fhéidir nach mbeifí in ann an conradh a thabhairt chun críche.

B’fhéidir gur gá dúinn sonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile agus eagraíochtaí earnála príobháidí chun úsáid maoine a bhainistiú.

Nuair a dhéanann tú nochtadh cosanta dúinn

Má dhéanann tú nochtadh cosanta dúinn, féadtar na sonraí a úsáid chun tabhairt faoi imscrúdú faoin Acht um Nochtadh Cosanta (2014).

I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, sonraí sláinte.

Beidh an bunús dlí le sonraí a phróiseáil ar an gcuspóir seo ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.

B’fhéidir gur gá dúinn sonraí a roinnt, i gcomhréir le forálacha Acht 2014, le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna agus Gníomhaireachtaí nó Comhlachtaí Rialtais eile agus an Gharda Síochána chun an cheist a imscrúdú.

Nuair a iontrálann tú isteach i gconradh nó i rith na céime réamhchonartha linn chun earraí nó seirbhísí a sholáthar

Próiseálfar do shonraí i rith na céime réamhchonartha agus i rith an chonartha chun teagmháil a dhéanamh leat, imréiteach slándála a chríochnú agus íocaíocht a shocrú.

I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, uimhir CBL, náisiúntacht, sonraí árachais, sonraí bainc.

Beidh an bunús dlí chun do shonraí a phróiseáil chun conradh a fheidhmiú.

Mura soláthraítear sonraí a theastaíonn chun conradh nó réamhchonradh a chomhlíonadh, b’fhéidir nach mbeifí in ann an conradh a thabhairt chun críche.

B’fhéidir gur gá dúinn sonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile chun an conradh a bhainistiú, ar mhaithe le bearta cuntasachta poiblí agus chun comhlíonadh aon oibleagáidí reachtúla a chinntiú a bhaineann leis an gconradh.

Nuair a fhreastalaíonn tú ar imeachtaí áirithe

I rith imeachtaí áirithe a d’eagraigh sinn agus eagraíochtaí eile, féadtar do shonraí a phróiseáil.

I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, inscne, íomhá, sonraí sláinte.

Beidh an bunús dlí le do shonraí a phróiseáil, ag brath ar an gcuspóir, ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis nó toilithe oifigiúil.

B’fhéidir gur gá dúinn sonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla agus eagraíochtaí eile earnála príobháidí mar chuid de d’fhreastal ar an imeacht a bhainistiú.

Nuair a thugann tú cuairt ar cheann dár n-áitribh nó maoin

Próiseálfaimid do shonraí ar chúiseanna slándála chun do rochtain ar ár n-áitreabh nó maoin a shocrú.

I measc na gcatagóirí sonraí a bhailítear, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh: ainm, seoladh, éirchód, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, aitheantas grianghraif, píosa scannáin / íomhá CCTV, sonraí feithicle.

Beidh an bunús dlí le sonraí a phróiseáil ar na cuspóirí seo ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha.

B’fhéidir gur gá dúinn do shonraí a roinnt le pearsanra na bhFórsaí Cosanta agus tríú páirtithe ábhartha, ar nós Ranna Rialtais eile chun do rochtain ar ár n-áitreabh nó maoin a chumasú.


Aistriu sonraí chuig tríú tíortha

Sa chás gur gá dúinn sonraí a aistriú chuig tríú tír lasmuigh den AE/LEE nach ndearnadh cinneadh leordhóthanachta ina thaobh, cinnteoimid go bhfuil cosaintí cuí i bhfeidhm nuair a thugtar faoi aon aistriú den sórt sin.


Cé chomh fada a choimeádaimid sonraí?

Braitheann an fad ama a choimeádfaimid do shonraí ar an gcuspóir a bhíonn leis an bpróiseáil agus tosca, ar nós an mhéid seo a leanas:

• ceanglais Reachtúla

• ceanglais dhlíthiúla

• riachtanais chonarthacha


Do Chearta

Ceart Rochtana

Tá an ceart agat cóip a iarraidh de do shonraí agus a bheith curtha ar an eolas faoi conas a úsáidtear na sonraí. Is féidir leat Iarraidh ar Rochtain ag Ábhar a dhéanamh linn tríd ‘an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ag Ábhar’ atá ar fáil thíos, a líonadh.

Ceart chun ceartú

Tá an ceart agat a iarraidh go ndéantar aon sonraí míchruinne a cheartú agus a nuashonrú. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart chun ceartú atá agat tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.

Ceart chun scriosta

Tá an ceart agat a iarraidh go scriostar do shonraí. Tá roinnt srianta ann ar an gceart chun scriosta, mar shampla, má bhaineann bunús dlí eile leis an bpróiseáil. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart chun scriosta atá agat tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.

An ceart chun próiseáil a shrianadh

Tá an ceart agat chun srianadh a chur ar phróiseáil sonraí a iarraidh. Baineann roinnt coinníollacha leis an gceart seo. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart chun próiseáil a shrianadh atá agat tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.

An ceart i dtaobh iniomparthacht sonraí

Tá an ceart agat i dtaobh iniomparthacht sonraí, go ndéantar sonraí a tharchur, má dhéantar an bunús dlí chun na sonraí a phróiseáil le do thoiliú nó mar chuid de chonradh. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart chun iniomparthachta sonraí atá agat tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.

An ceart chun agóide

Tá an ceart agat agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil do shonraí. Tá srianta ar an gceart seo, lena n-áirítear nuair a bhíonn ceist dlí ar siúl ina measc siúd. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart atá agat cur in aghaidh próiseála tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.

An ceart gan bheith faoi réir próiseáil nó próifíliú uathoibrithe

Tá an ceart agat gan bheith faoi réir próiseáil nó próifíliú uathoibrithe a tháirgeann éifeachtaí dlíthiúla a bhaineann leat. Tá srianta ar an gceart seo, lena n-áirítear próiseáil mar chuid de chonradh nó sa chás gur thug tú toiliú soiléir. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart atá agat gan bheith faoi réir próiseáil nó próifíliú uathoibrithe tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.

An ceart chun toiliú a aistarraingt

Tá an ceart agat chun toiliú a aistarraingt chun úsáid a bhaint as do shonraí sa chás go raibh toiliú ar an mbunús dlí chun na sonraí a phróiseáil. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn faoin gceart atá agat toiliú a aistarraingt tríd ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’, atá ar fáil thíos, a líonadh.


Iarrataí Rochtana ag Ábhar

Tá an ceart agat cóip a iarraidh de do shonraí pearsanta trí iarratas duine ar a sonraí a dhéanamh.

Tá an t-eolas seo a leanas le cur ar fáil freisin mar chuid den fhreagairt:

• cuspóir na próiseála

• saghsanna na sonraí pearsanta a phróiseáiltear

• faighteoirí nó catagóirí an fhaighteora ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta

• sa chás gur féidir, an tréimhse a bheartaítear na sonraí pearsanta a stóráil, nó mura féidir sin a dhéanamh, na critéir a úsáidtear leis an tréimhse sin a dheimhniú

• an ceart atá ann iarraidh ar an rialaitheoir go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta nó go gcuirtear srian le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí nó chun agóid a dhéanamh leis an bpróiseáil sin

• an ceart chun gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta

• nuair nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon eolas atá ar fáil maidir lena bhfoinse

• aon chinnteoireacht uathoibrithe a dhéantar, próifíliú agus, ar a laghad sna cásanna siúd, eolas bríoch san áireamh faoin loighic atá i gceist, chomh maith le tábhacht agus iarmhairtí beartaithe na próiseála i leith an ábhair shonraí

Is féidir Iarraidh ar Rochtain ag Ábhar a dhéanamh tríd ‘an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ag Ábhar’ a líonadh atá ar fáil ag an nasc thíos nó tríd ‘an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ag Ábhar’, atá ar fáil in aon chinn dár n-oifigí, a líonadh.

Foirm Iarrata ar Rochtain ag Ábhar
Amharc amharc

Ba cheart ‘an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ag Ábhar’ líonta, anuas ar chóip d’aitheantas grianghraif agus cóip de bhille fóntais nó litir a d’eisigh an rialtas duit le déanaí (dar dáta laistigh de 6 mhí), a sheoladh chuig:

An tOifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Cosanta, Bóthair an Stáisiúin, Droichead Nua, Contae Chill Dara, W12 AD93

Nó ar ríomhphost chuig: dataprotection@defence.ie

Cuirfear tús leis an iarraidh nuair a dheimhneofar d’aitheantas. Ní bheimid in ann tús a chur le d’iarraidh mura mbímid go hiomlán sásta maidir le d’aitheantas. Déantar seo lena chinntiú nach ndéantar sonraí pearsanta a nochtadh trí thimpiste don duine mícheart.

Níl sé éigeantach úsáid a bhaint as ‘an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ag Ábhar’ chun iarratas duine ar a sonraí a dhéanamh.

Eiseofar freagairtí ar iarratais duine ar a sonraí sa phost cláraithe.


Iarrataí um Chearta Ábhar Sonraí

Tá ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ ar fáil anseo.

Foirm Iarrata um Chearta Ábhar Sonraí
Amharc amharc

Ba cheart ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ líonta, anuas ar chóip d’aitheantas grianghraif agus cóip de bhille fóntais nó litir a d’eisigh an rialtas duit le déanaí (dar dáta laistigh de 6 mhí), a sheoladh chuig:

An tOifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Cosanta, Bóthair an Stáisiúin, Droichead Nua, Contae Chill Dara, W12 AD93

Nó ar ríomhphost chuig: dataprotection@defence.ie

Cuirfear tús leis an iarraidh nuair a dheimhneofar d’aitheantas. Ní bheimid in ann tús a chur le d’iarraidh mura mbímid go hiomlán sásta maidir le d’aitheantas. Déantar seo lena chinntiú nach ndéantar sonraí pearsanta a nochtadh trí thimpiste don duine mícheart.

Níl sé éigeantach úsáid a bhaint as ‘an Fhoirm um Chearta Ábhar Sonraí’ chun iarraidh um chearta ábhar sonraí a dhéanamh.

Eiseofar freagairtí ar iarrataí um chearta ábhar sonraí sa phost cláraithe.


Freagairt ar iarrataí

Tá dualgas orainn freagairt ar d’iarraidh laistigh de mhí féilire amháin. Mura féidir linn freagairt ar d’iarraidh laistigh den tréimhse seo, féadfaimid dhá mhí bhreise a chur leis an tréimhse. Seolfaimid míniú scríofa chugat ar na cúiseanna atá le haon síneadh.


An ceart chun gearán a dhéanamh

Tá an ceart agat chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

Seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin Chosanta Sonraí:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28

Tá foirmeacha gréasáin ar fáil ag: www.dataprotection.ie

Riomhphost: info@dataprotection.ie

Guthán: +353 578 684 800 nó +353 761 104 800


Teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí

Má bhíonn ceisteanna agat maidir leis an mbealach a úsáidimid d’fhaisnéis nó más maith leat teacht ar do shonraí, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí i scríbhinn chuig;

Data Protection Office

Seoladh:
Department of Defence, Station Road, Newbridge, Co. Kildare, W12 AD93
Ríomhphost:

dataprotection@defence.ie

Teileafón:
+353 (45) 452190

Athruithe ar an bhfógra seo

Féadfaimid an Fógra Príobháideachais seo a nuashonrú ó thráth go chéile agus lena chinntiú go bhfuil ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh.