Ról na Roinne Cosanta
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2023
Is é príomhról na Roinne Cosanta tacú leis an Aire mar cheann na roinne agus go háirithe comhairle agus tacaíocht beartais a chur ar fáil maidir le cúrsaí Cosanta, lena n-áirítear cúnamh le ceapadh beartais agus cur i bhfeidhm beartais de réir mar a threoraíonn an tAire.
Tá roinnt ról ar leith ag an ngné shibhialta freisin, lena n-áirítear:
• beartas dlí, rialála agus dlíthíochta agus nithe gaolmhara thar ceann an Aire a bhainistiú
• acmhainní daonna agus caidreamh tionsclaíoch na roinne a bhainistiú
• comhordú ar sholáthar seirbhísí slándála, éigeandála agus pobail ag Óglaigh na hÉireann
Ina theannta sin, cuireann an ghné shibhialta idirchaidreamh idir Óglaigh na hÉireann agus ranna rialtais eile, údaráis phoiblí, an AE agus ionadaithe poiblí.
Tá beartas maidir le hoibríochtaí thar lear, chun gealltanais na hÉireann i réimse na slándála agus na síochánaíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn, á chomhordú ag an ngné shibhialta a bhfuil freagracht straitéiseach thábhachtach uirthi, i gcomhar leis an arm, maidir le comhordú agus maoirseacht pleanála éigeandála.
Comhlíonann státseirbhísigh bainistíocht airgeadais agus feidhmeanna iniúchóireachta i dtaca le ról an Ard-Rúnaí mar Oifigeach Cuntasaíochta agus cuireann siad seirbhísí tacaíochta riaracháin ar fáil d’Óglaigh na hÉireann, lena n-áirítear riarachán pá, bainistiú mórsholáthar agus cláir bhonneagair agus bainistiú tailte a úsáideann an t-arm. Tá méid suntasach de tharmligean údaráis airgeadais chuig Óglaigh na hÉireann, go háirithe i réimse an tsoláthair earraí agus seirbhísí.
Ar deireadh, tá an ghné shibhialta freagrach as pinsin mhíleata a riar agus a dheonú agus tá réimse freagrachtaí uirthi maidir le Cosaint Shibhialta agus Cumann Croise Deirge na hÉireann.