Comhairliúchán maidir leis an Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí atá beartaithe
Tá an Roinn Cosanta ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe agus ó ghrúpaí leasmhara maidir le Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí nua na hÉireann.
Dáta deiridh
Is é an dáta deiridh i gcomhair aighneachtaí an 11 Iúil 2025.
Conas d’aighneacht a chur isteach:
Cliceáil ar an nasc suirbhé agus freagair na ceisteanna réamhshocraithe. Nuair a bheidh an suirbhé críochnaithe agat, brúigh 'cuir isteach' ag bun an leathanaigh. Cuirfear do chuid freagraí go díreach chuig an Roinn Cosanta.
Cúlra
Tá ceann de na Limistéar Eacnamaíocha Eisiacha (EEZ) muirí is mó san Aontas Eorpach ag Éirinn, le limistéar muirí atá seacht n-oiread níos mó ná ár n-achar talún. Tá neart iascaireacht mhara, aerthráchta, línte farraige, cáblaí faoin bhfarraige agus acmhainn agus bonneagar táirgthe fuinnimh suite sna huiscí timpeall ár dtíre. Déantar thart ar 78% dár riachtanais fuinnimh a allmhairiú ar longa nó trí phíblínte agus iompraítear 90% de thoirt trádála na hÉireann ar muir. Déantar breis is 95% d’aistriú sonraí agus gutha idirnáisiúnta a ródú trí cháblaí snáthoptaice faoin bhfarraige agus téann formhór na sonraí trasatlantacha trí cháblaí atá suite i limistéar eacnamaíoch eisiach na hÉireann. Ábhar suntais eile is ea go bhfuil thart ar 80% dár ndaonra ina gcónaí i gcontaetha cósta.
Fuair an tAthbhreithniú ar an mBeartas Cosanta is déanaí, a ullmhaíodh in 2024, go bhfuil gá le haird ar leith a dhíriú ar shlándáil mhuirí i bhfianaise na nithe a leanas: an leibhéal bagartha measta; ár suíomh geografach; agus ár bhfreagracht agus ár dtiomantas chun tacú le slándáil agus cosaint na hEorpa. Leag an tAthbhreithniú ar an mBeartas Cosanta béim ar an méadú aitheanta ar ghníomhaíocht amhrasach a théann i bhfeidhm ar shlándáil cáblaí snáthoptaice faoin bhfarraige agus bonneagair fuinnimh in uiscí na hÉireann. Tá an bonneagar sin ríthábhachtach i bhfianaise oileánachas na hÉireann agus na bpleananna atá ann i dtaca le forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Tugtar faoi deara freisin gur baol sa réimse muirí é úsáid réimse muirí na hÉireann mar chainéal do ghníomhaíochtaí aindleathacha ag grúpaí coireachta eagraithe. Aithnítear i gClár Rialtais 2025 freisin go bhfuil ag méadú ar an tábhacht a bhaineann le slándáil mhuirí i bhfianaise ár mbonneagair cáblaithe sonraí faoin bhfarraige atá suntasach agus ag leathnú agus i bhfianaise na hearnála fuinnimh amach ón gcósta atá i mbéal forbartha.
Ina theannta sin, i Measúnacht Priacal Náisiúnta is déanaí de chuid na hÉireann, arna chomhordú ar bhonn uile-rialtais ag an Roinn Cosanta, aithníodh Damáiste do Bhonneagar faoi bhFarraige mar cheann de 22 phríomhriosca atá roimh an tír. I measc na bpríomhrioscaí eile a bhaineann le slándáil mhuirí a bhfuil aird tarraingthe orthu sa mheasúnacht sin tá: Cur isteach ar Sholáthar Ola mar gheall ar theagmhas i gCalafort Bhaile Átha Cliath; Cur isteach ar Sholáthar Leictreachais/Gáis, atá nasctha leis an riosca criticiúil bonneagair faoin bhfarraige; agus Teagmhas Muirí, arb é an cás is measa ná tine ar bord bád farantóireachta paisinéirí/gluaisteán in uiscí na hÉireann le neart taismeach agus tarrtháil mhór ag teastáil ina leith.
Agus teannas geopolaitiúil ann a bhfuil ag méadú air agus na rioscaí atá sainaitheanta cheana féin, féachfaidh an Straitéis Slándála Muirí Náisiúnta le measúnacht níos cruinne a dhéanamh ar aon leochaileacht agus ar na bagairtí atá ar thimpeallacht slándála muirí na hÉireann agus le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin d’fhonn leasanna muirí na hÉireann a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a thiocfaidh chun cinn ar bhonn éifeachtach.
Obair go dtí seo
Leagadh amach san Athbhreithniú ar an mBeartas Cosanta go gcomhordóidh agus go gcuirfidh an Roinn Cosanta an Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí nua seo i gcrích. Iarrtar san Athbhreithniú freisin go n-ullmhófaí an straitéis seo i gcomhar le páirtithe leasmhara ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mar thoradh air sin, bhunaigh an Roinn Cosanta Aonad Slándála Muirí ag deireadh 2024.
Tá taighde fairsing déanta ag an Aonad Slándála Muirí ó bunaíodh é. Áirítear leis sin iniúchadh ar straitéisí agus ar bheartais atá ann cheana i réimse na slándála muirí, teagmháil leis an tionscal muirí agus le húdaráis mhuirí, cruinnithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun deiseanna féideartha a bhaineann le comhoibriú maidir le bonneagair ríthábhachtach faoin bhfarraige a chosaint a shainaithint, agus teagmháil le tíortha máguaird chun foghlaim óna dtaithí agus chun deiseanna comhoibrithe a shainaithint.
Ón obair sin, is léir go gcaithfidh ardú feasachta maidir le réimse muirí agus le bonneagar muirí ríthábhachtach a chosaint, go háirithe bonneagar ríthábhachtach faoin bhfarraige, a bheith ar na príomhchuspóirí straitéiseacha sa Straitéis Náisiúnta Slándála Muirí nua.
An méid a iarraimid ort
Is leas náisiúnta ríthábhachtach é réimse muirí na hÉireann, agus leagann na bagairtí atá roimhe béim ar an tábhacht a bhaineann le straitéis slándála muirí atá láidir, oiriúnaitheach agus comhoibríoch. Dá bhrí sin, ba mhaith leis an Roinn Cosanta aighneachtaí a lorg ón bpobal maidir le múnlú na straitéise seo. Is deis ríthábhachtach é an comhairliúchán seo chun cur chuige na hÉireann maidir le cosaint ár n-uiscí a mhúnlú. Molaimid idirphlé oscailte, cuiditheach agus cuirfidh sé sin ar ár gcumas comhthuiscint a thógáil maidir leis na bagairtí, na rioscaí, na dúshláin agus na deiseanna éagsúla atá roimh an tír.
Ba mhaith linn cloisteáil uait.
Eolas tábhachtach
- Ní féidir glacadh le haighneachtaí gan ainm agus diúltófar dóibh.
- Is próiseas poiblí é aighneacht a dhéanamh agus féadfaidh faisnéis a fhaightear, go páirteach nó go hiomlán, a bheith faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
- Tá sé beartaithe ag an Roinn Cosanta ábhar na n-aighneachtaí uile a fhaightear ón gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a cheilt roimh fhoilsiú. Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir aon áit ina bhfreagraí a bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis íogair tráchtála nó faisnéis rúnda nach mian leo a scaoileadh faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar shlí eile.
Príobháideachas
Sula ndéanfaidh tú d’aighneacht, iarrtar ort ár ráiteas príobháideachais a léamh.
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Meitheamh 2025