Éigeandálacha
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2021
Baineann na héigeandálacha is coitianta a thagann chun cinn le teagmhais nach rabhthas ag súil leo a éilíonn freagra tapa ó na seirbhísí éigeandála - an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an tseirbhís dóiteáin. Bíonn freagra marthanach níos gearrthéarmaí ó na seirbhísí éigeandála agus na gníomhaireachtaí Stáit ag teastáil d’éigeandálacha eile.
Móréigeandálacha
D’fhéadfadh na tarlúintí seo a leanas bheith ina móréigeandáil:
Aimsir throm
Cé gur annamh go dtarlaíonn siad in Éirinn, rinne éigeandálacha aimsire troime mar stoirmeacha agus hairicíní dochar do mhaoin san am atá thart. I gcás éigeandálacha den sórt sin, freagróidh Met Éireann láithreach do rabhaidh aimsire idirnáisiúnta agus eiseoidh sé foláirimh aimsire seirbhíse poiblí d’údaráis áitiúla. Beidh socruithe ar bun ag d’údarás áitiúil leis na foláirimh seo a fháil agus iad a fhreagairt go tapa.
De réir an Chreat um Bainistiú Éigeandálacha ní mór go mbeadh fo-phlean ag gach údarás áitiúil le héigeandálacha aimsire troime a fhreagairt. Ta creat náisiúnta um fhreagra ar éigeandálacha aimsire troime á fhorbairt le cinntiú go bhfuil gach plean aimsire troime áitiúil reatha comhordaithe agus nasctha go cuí.
Tuile
Tá tuilte ina gcuid nádúrtha den saol in Éirinn, mar atá éigeandálacha aimsire troime eile.
De ghnáth bíonn meascán imeachtaí, mar bhainc abhann screite, stoirmeacha cósta nó díoga draenála blocáilte nó róphlódaithe freagrach as tuile. Bhí roinnt tuilte troma ar fud na tíre na deichniúr seo caite. D’fhéadfadh tionchar millteanach bheith ag tuile ar phobal, mar sin tá sé tábhachtach go nglacann daoine a bhféadfadh a maoin bheith i mbaol gníomh chuí lena dtithe a chosaint ó éigeandáil den sórt sin.
D’fhéadfadh athruithe ar phátrúin báistí agus ardú leibhéil farraige mar thoradh ar athrú aeráide cur le teaghmhais tuilte níos minicí agus níos troime sa todhchaí.
Is féidir bearta éifeachtacha a ghlacadh le réitiú i gcomhair teagmhas den sórt sin agus an dochar agus deacrachtaí ina ndiaidh a íoslaghdú. Bíonn réiteacháin den sórt sin riachtanach ach go háirithe má chónaíonn tú i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte.
Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí leabhrán eolais ar na réiteacháin a fhéadann tú a dhéanamh, ar ar cheart bheith i bPlean Tuile Teaghlaigh, ceisteanna árachais, comhairle do dhaoine aosta agus iadsan a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, agus na comharthaí le breathnú amach dóibh a thabharfadh le fios go bhfuil tuile le teacht.
Is féidir an leabhrán seo a léamh anseo.
Doirteadh ceimeacán
D’fhéadfaí gortú trom nó marfach tarlú mar thoradh ar nochtadh do cheimeacáin ghuaiseacha a doirteadh nó a scaoileadh. I gcás tarlúna den sórt sin aithneoidh na seirbhísí éigeandála nádúr agus leibhéal na contúirte agus inseoidh siad don phobal cad atá le déanamh.
D’fhéadfadh go n-iarrfaí ort fanacht i do theach nó láthair oibre agus fuinneoga agus doirse a shéalú, nó an ceantar a fhágáil. Má tá dlús níos airde ná aer ag na ceimiceáin, d’fhéadfadh go n-iarrfadh na seirbhísí éigeandála ort bogadh go talamh níos airde. Ar mhaithe le do shábháilteacht, ar na cúinsí go léir, glac le comhairle na seirbhísí éigeandála.
Má tharlaíonn doirteadh nó scaoileadh eile ceimeacán tá sé tábhachtach:
- Glaoch a chur ar 999 nó 112 agus insint do na seirbhísí éigeandála.
- Fanacht amach ón bhfód.
- Iarraidh dul in aghaidh gaoithe ón gceantar éillithe.
Má iarrtar ort fanacht istigh tar éis doirteadh ceimeacán:
- Fan istigh agus dún agus cuir glas ar gach fuinneog agus doras seachtrach.
- Cinntigh go bhfuil eochracha ar fáil go héasca, nó go bhfuil bealach éalaithe inrochtana agat más gá duit aslonnú.
- Má mholann na seirbhísí éigeandála duit, cas as gach gaothrán, córas teasa agus aerchóirithe.
- Dún aon ghaothairí teallaigh.
- Dún doirse laistigh le gluaiseacht aeir a laghdú.
- Bailigh do phaca éigeandála agus cinntigh go bhfuil an raidío ag oibriú.
- Téigh chuig seomra laistigh, chuig seomra ag leibhéal an talaimh gan aon fhuinneoga go hideálach.
- Má mholtar duit, úsáid téip duchta nó téip leathan eile le gach scoilteadh thart ar dhoirse agus aon ghaothairí isteach sa seomra a shéalú agus séalaigh fuinneoga le plaisteach.
- Lean ort ag déanamh monatóireachta ar fheasacháin raidío nó teilifíse go dtí go n-insítear duit go bhfuil gach rud slán arís nó go moltar duit aslonnú – d’fhéadfadh seirbhísí éigeandála aslonnú ceantar faoi leith i do phobal a fhógrú níos déanaí agus saintreoracha a eisiúint.
Má cheapann tú gur scaoileadh ceimeacán tocsaineach i spás dúnta mar thollán, iarnród faoi thalamh nó foirgneamh:
- Fág an ceantar éillithe tríd an mbealach is tapa – go ginearálta bíonn sé seo i dtreo uilleach ar dheis chun na gaoithe. Ansin smaoinigh ar bhogadh chuig ionad atá in aghaidh na gaoithe ón gceantar éillithe.
- Glaoigh ar 999 nó 112 agus inis do na seirbhísí éigeandála.
- Má tá an ceimiceán ar do chorp nó do chuid éadáí, seachain do bhéal ná do shúile a thadhall, bain as do chuid éadaí seachtracha agus ná fág an ceantar. Ar mhaithe le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile beidh gá leat a dhí-éilliú ag na seirbhísí éigeandála sula bhfaigheann tú aon chóireáil míochaine eile a d’fhéadfadh bheith riachtanach.
- Le cabhrú leis na seirbhísí éigeandala leis an gceimeacán a aithint, coimeád rian ar do chuid airíonna lena n-áirítear d’análú, croíráta, allas, meadhrán, radharc geamhach, ton craicinn agus tabhair tuairisc orthu chomh luath agus is féidir.
- Bí cúramach agus tú ag cabhrú le daoine eile a d’fhéadfadh bheith éillithe toisc go bhféadfadh éifeacht bheith aige ort.
Tionóiscí iompair (timpistí aeir, farraige, iarnróid, bóthair)
Is iad tionóiscí iompair na cásanna éigeandála is rialta, agus iarrtar freagra tapa agus comhordaithe ó na seirbhísí éigeandála mar gheall ar a nádúr tobann agus toisc nach bhfeictear ag teacht iad.
Tharla imeachtaí in Éireann mar thuairt Air India ar chósta na hÉireann i 1985, tuairteanna iarnróid mar iadsan ag Buttevant i 1982 agus Cherryville i 1983 agus mórthionóiscí bóthair mar an tuairt bus ag Kentstown i 2005.
Le blianta beaga anuas, ghlac Éire, cosúil leis an gcuid is mó de thíortha an AE, páirt ina socruithe móréigeandála nó cosanta sibhialta a athbhreithniú agus a fhorbairt. Mar thoradh ar seo rinneadh cáipéis nua, an Creat um Bainistiú Móréigeandálacha.
Is é cuspóir na cáipéise seo ná socruithe a chur ar bun le cur ar chumas na dtrí príomhghníomhaireachtaí freagra – na húdaráis áitiúla, An Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a gcuid iarrachtaí a chomhordú nuair a tharlaíonn móréigeandáil. Rialaíonn an cháipéis an freagra ar mhórthionóiscí iompair chomh maith le héigeandálacha eile.
Tionóiscí san fharraige
Déantar teagmhas truaillithe san fharraige a shainiú mar aon uair a iarrann árthach cabhair (seachas cuardach agus tarrtháil) mar gheall ar dhochar ar nó teip ar innealra agus doirteadh nó doirteadh bagartha ola nó substaintí guaiseacha díobhálacha eile.
De ghnáth tarlaíonn sé mar thoradh ar thaismeach mara m.sh. talmhú, imbhualadh, dóiteán nó dul faoi uisce. D’fhéadfadh an gníomh freagra cúnamh tarrthálais don árthach a áireamh agus clúdóidh sé doirteadh nó doirteadh bagartha ola nó substainte eile san fharraige, agus/nó glanadh cladaigh.
Gníomh Freagra
Is iad Gardaí Cósta na hÉireann an t-údarás atá freagrach as teagmhais éigeandála mara a bhainistiú trí mhonatóireacht, idirghabháil agus ceannas agus rialú deireanach ar an teagmhas a chleachtadh. Áiríonn sé seo freagra taismí d’árthaigh a bhfuil gá acu le cúnamh agus freagra truaillithe ag éirí as bagairt doirte nó doirteadh nó cailleadh ola nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha, a bhagraíonn cósta na hÉireann nó leasanna bainteacha.
Cad ba cheart a dhéanamh (i gcás éigeandála)
Déan teagmháil le Gardaí Cósta na hÉireann trí 999 nó 112 a dhiailiú. Déanfaidh na Gardaí Cósta an teagmhas a mheas agus freagróidh siad dá réir ag brath ar nádúr an teagmhais.
Mórtharlúintí truaillithe san fharraige
Déantar teagmhas truaillithe san fharraige a shainiú mar aon uair a iarrann árthach cabhair (seachas cuardach agus tarrtháil) mar gheall ar dhochar ar nó teip ar innealra agus doirteadh nó doirteadh bagartha ola nó substaintí guaiseacha díobhálacha eile.
De ghnáth tarlaíonn sé mar thoradh ar thaismeach mara m.sh. talmhú, imbhualadh, dóiteán nó dul faoi uisce. D’fhéadfadh an gníomh freagra cúnamh tarrthálais don árthach a áireamh agus clúdóidh sé doirteadh nó doirteadh bagartha ola nó substainte eile san fharraige, agus/nó glanadh cladaigh.
Gníomh Freagra
Is iad Gardaí Cósta na hÉireann an t-údarás atá freagrach as teagmhais éigeandála mara a bhainistiú trí mhonatóireacht, idirghabháil agus ceannas agus rialú deireanach ar an teagmhas a chleachtadh. Áiríonn sé seo freagra taismí d’árthaigh a bhfuil gá acu le cúnamh agus freagra truaillithe ag éirí as bagairt doirte nó doirteadh nó cailleadh ola nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha, a bhagraíonn cósta na hÉireann nó leasanna bainteacha.
Cad ba cheart a dhéanamh (i gcás éigeandála)
Déan teagmháil le Gardaí Cósta na hÉireann trí 999 nó 112 a dhiailiú. Déanfaidh na Gardaí Cósta an teagmhas a mheas agus freagróidh siad dá réir ag brath ar nádúr an teagmhais.
Pléascthaí buama/ pacáistí amhrasacha
Pléascadh Buama
- Fág an ceantar/an foirgneamh chomh tapa agus chomh calma agus is féidir.
- I gcás smionagair titime, faigh fothain faoi bhord nó deasc daingean go dtí go bhfuil an cás seasta go leor le himeacht go sábháilte. Nuair atá sé sábháilte, fág go tapa, ag breathnú amach d’úrláir agus staighrí lagaithe.
- Cinntigh go bhfuil tú sábháilte sula n-iarrann tú cabhrú le daoine eile.
- Má tá tú sáinnithe i smiongar, ná las lastán. Clúdaigh do bhéal le ciarsúr nó éadaí. Tapáil go rithimeach ar phíob nó balla ionas go mbeidh an lucht tarrthála in ann cloisteáil áit a bhfuil tú.
Ag fáil pacáiste amhrasta
Bí ar an airdeall má fhaigheann tú pacáiste ó dhuine nach bhfuil aithne agat air nó uirthi. Tarraing aird faoi leith ar phacáiste ar cosúil gur clúdaíodh go dona é nó go bhfuil cruth neamhghnách air. NÁ HOSCAIL an pacáiste ach má tá tú muiníneach go bhfuil a fhios agat cad atá ann agus cé a sheol é. Má tá tú amhrasach ar chor ar bith:
- Fág an pacáiste áit a bhfuil sé.
- Cuir gach duine as an seomra agus dún an doras. Scar amach an seomra agus coimeád daoine eile ó dhul isteach ann.
- Glaoigh ar 999 nó 112 agus iarr ar na Gardaí.
- Déan liosta de na daoine a bhí sa seomra le tabhairt do na húdaráis nuair a thagann siad.
- Má bhaineann, cuir foireann slándála an fhoirgnimh san airdeall.
- Fan in áit shábháilte go dtí go dtagann na seirbhísí éigeandála agus lean a gcuid treoracha.
Má d’oscail tú pacáiste amhrasta – fág an pacáiste áit a bhfuil sé agus más féidir cuir clúdach air.
- Cuir gach duine amach ón seomra agus dún an doras. Scar amach an seomra agus coimeád daoine éile ó dhul isteach ann. Más féidir, cas as an t-aerchóiriú.
- Má tá rochtain agat ar sheomra folctha, nigh do lámha nó tóg cith le gallúnach agus uisce. Ná tadhaill do bheál ná do shúile le do lámha.
- Má fhulaingíonn tú aon airíonna fisiciúla láithreach glaoigh ar 999 agus iarr ar otharcharr.
- Glaoigh ar 999 or 112 agus iarr ar na Gardaí.
- Déan liosta de na daoine a bhí sa seomra le tabhairt do ha húdaráis nuair a thagann siad.
- Má bhaineann, cuir foireann slándála an fhoirgnimh san airdeall.
- Fan in áit shábháilte go dtí go dtagann na seirbhísí éigeandála agus lean a gcuid treoracha.
Tarlúintí núicléacha
Áiríonn teagmhais núicléacha thar lear a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar Éirinn tionóisc ag planda núicléach, ionsaí sceimhlitheora ar phlanda núicléach nó pléascadh núicléach i dtír eile.
Torthaí d’Éirinn
- Bheadh an tionchar ar Éirinn ag brath ar nádúr an teagmhais, treo na gnáthghaoithe agus an aimsir.
- Dá mbainfí radaighníomhaíocht ó theagmhas sa RA nó áit eile thar lear Éire amach, ciallaíonn an fad ó phlandaí núicléacha thar lear go mbeadh an méadú ar leibhéil radaighníomhaíochta (thar ghnáthleibhéil cúlra) réasúnta beag ach tharlódh sé thar cheantar leathan.
- Cé nach cosúil go mbeadh aon éifeachtaí díreacha ar an tsláinte mar thoradh ar dáileoga radaíochta a fháil, d’fhéadfaí líon mór daoine bheith nochtaithe go méadú gearrtéarmach ach beag ar nochtadh radaíochta. D’fhéadfadh baol méadaithe ailse ar feadh a saoil bheith mar thoradh ar seo.
- Is é an bealach is tábhachtaí a d’fhéadfaí dáileog radaíochta a fháil ná bia éillithe a chaitheamh. Ach d’fhéadaí an nochtadh seo a chosaint beagnach go hiomlán trí rialaithe cuí ar dháileadh agus caitheamh bia a thabhairt isteach.
- D’fhéadfadh go gcuirfí isteach go mór ar an eacnamaíocht.
Cad ba cheart a dhéanamh (i gcás teagmhais núicléigh)
- Téigh isteach, Fan isteach, Éist. I bhfocail eile, téigh isteach agus éist leis an raidío agus an teilifís araon le haghaidh eolais agus treoracha.
- Nuair atá eolas ar fáil ar an tionóisc agus ar na torthaí uirthi, tabharfar sainchomhairle, Áireoidh é seo comhairle ar an gá fanacht istigh, caitheamh bia a fhástar go háitiúil a sheachaint agus aon chéimeanna eile a ghlacadh.
- Ní mholtar aslonnú don chineál seo éigeandála. Nochtfadh sé daoine do dháileog radaíochta níos mó le linn do cleitín radaíochta dul thart toisc nach dtugann feithiclí mórán cosanta.
- Mar chodarsnacht beart cosanta éifeachtach le nochtadh do radaíocht le linn don chleitín radaíochta dul thart atá i bhfanacht istigh. Níor cheart go mbeadh gá fanacht istigh ach ar feadh cúpla uair an chloig.
Agus eolas nuashonraithe ar fáil ónár gcompháirtithe idirnáisiúnta trí chomhlachtaí mar an International Atomic Energy Agency agus Coimisiún na hEorpa, beidh sé ar chumas ag na húdaráis ábhartha an pobal a choimeád ar a n-eolas i gcónaí ar an gcás agus an comhairle is déanaí.
Treoir don Phobal
D’fhoilsigh an Roinn Cumársaide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) an Oifig um Chosaint Raideolaíoch eolas ar an bPlean Éigeandála Náisiúnta um Thionóiscí Núicléacha ar a suíomhanna gréasáin.
Paindéamach fliú
Is é atá san fhliú ná tinneas riospráide géar a tharlaíonn mar thoradh ar ionfhabhtú lé víreas fliú. D’fhéadfadh sé bheith ina thinneas trom agus níor cheart é a mheascadh suas leis an slaghdán.
Nuair a scaipeann eipidéimeach fliú thar réigiún nó ar fud an domhain tugtar paindéamach air. Mar sin is é atá i bhfliú paindéamaigh ná eipidéamach fliú ar fud an domhain a tharlaíonn mar thoradh ar chineál nua fliú a scaipeann go héasca idir daoine agus a bhíonn freagrach as tinneas trom.
Stair Paindéamach
Imeachtaí a tharlaíonn go nádúrtha atá i bpaindéamaigh fliú, tharla trí acu go nádúrtha sa 20ú Aois - i 1918, 1957 agus 1968. As na cinn seo ba é paindéamach 1918 an ceann ba throime agus 40 milliún bás ar fud an domhain mar thoradh air. Tarlóidh paindéamaigh eile, ach ní féidir a thuar cathain a tharlóidh siad, a throime is a bheidh siad, agus na grúpaí aoise a bhféadfadh tionchar bheith acu orthu.
Ag Réitiú i gcomhair Paindéamaigh
D’fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Plean Fliú Paindéamaigh Náisiúnta chomh maith le comhairle sainghrúpa ar fhliú paindéamaigh in Eanáir 2007.
Tá príomhról le glacadh ag an bpobal i bpaindéamach a bhainistiú agus i gcás gur léir go bhfuil ceann le teacht iarrfar orthu a bpleananna pearsanta féin a réitiú leis an gcás a bhainistiú. Áireoidh iad seo socruithe le haire a thabhairt do bhaill teaghlaigh breoite, carnadh soláthar riachtanacha agus scaipeadh an víris a íoslaghdú. Tá sé beartaithe go bhféadfadh líon mór den fhórsa oibre éirí an-tinn laistigh de thréimhse dhlúth mar thoradh ar phaindéamach.
Treoir don Phobal
Laistigh den chuid Léitheoireacht Bhreise, gheobhaidh tú pleananna níos sonraithe le haghaidh paindéamach.
Ráig de ghalar ainmhí
Tá pleananna teagmhasachta i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia chun déileáil le ráigeanna de ghalair thromchúiseacha ainmní ar nós Ghalar Crúb is Béal, Fliú na n-Éan, Galar Newcastle, Fiabhras Muc, agus Galar Gormtheanga.
Is é atá i nGalar Crúb is Béal ná galar víreach an-tógálach ar féidir a bheith marfach uaireanta agus a tharlaíonn d’eallaigh agus do mhuic. Freisin is féidir leis ainmhithe eile a bhfuil crúba scoilte orthu a bhualadh ar nós gabhar, fianna agus caorach.
Mar gheall ar scaipeadh tapa an víris agus an cumas atá aige ina dhiaidh sin dochar a dhéanamh don tionscal beostoic glactar gníomh láithreach má thagtar ar an ngalar in áit ar bith. Nuair a tharla ráig mhór sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann i 2001, scaip an víreas go Contae Lú. Mar gheall ar bheartais dhéine Rialtas na hÉireann i leith bhogadh beostoic chomh maith le cur ar ceal roinnt imeachtaí móra, áfach, rinneadh cinnte gur cuireadh srian ar an ráig agus nár scaip an galar chuig níos mó áiteanna sa Phoblacht.
Is é atá i bhFliú na n-Éan ná galar a bhuaileann éin agus roinnt mamach. Tugann an fhianaise go léir go dtí seo le tuiscint nach scaiptear an galar go héasca ó éin go daoine. Bhain an chuid is mó de chásanna i ndaoine le teagmháil dhíreach le héanlaith ionfhabhtaithe, nó le dromchlaí agus rudaí a bhí éillithe ag a bhfaecas. Ba ghnách gur tharla siad in áiteanna faoin tuath nó in áiteanna ina gcoimeádann go leor teaghlach ealtaí beaga éanlaithe. I gcásanna den sórt sin fuarthas gur minic go mbíonn na healtaí éanlaithe ag dul thart go saor, agus uaireanta iad ag dul isteach i dtithe nó ag roinnt áiteanna lasmuigh áit a mbíonn leanaí ag spraoi.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, go scriostar an víreas in uibheacha agus in éanlaith nuair a dhéantar iad a chócaráil, agus mar sin go bhfuil sé go hiomlán sábháilte an dá cheann a ithe agus iad cócaráilte.
Is é atá i nGalar Newcastle ná galar víreach an-tógalach in éin a mbíonn sicíní go háirithe ina mbaol. Braitheann déine an ghalair ar an tréithchineál den víreas (tá go leor tréithchineálacha ann) a bhí freagrach as an ngalar. Tá sé forleathan in áiteanna áirithe sa domhan áit nach ndéantar ráigeanna galair a chosc nó a rialú ag vacsaíniú. D’fhéadfadh go dtabharfaí an galar isteach go hÉirinn ag éin imirceacha, colúir rásaíochta nó trádáil in éin pheata nó éanlaith agus a gcuid táirgí. Cé gur tharla ráigeanna de ghalar Newcastle in Éirinn san am atá thart, tá rialuithe ar thrádáil, vacsaíniú agus dea-chleachtais bithshlándála i bhfeidhm chun ár gcuid ealtaí gnó a choimeád saor ó ionfhabhtú.
Is é atá san Fhiabhras Muc ná galar víreach i muca a fhéadann bheith idir géar agus ainsealach agus ar féidir leis a bheith freagrach as bás, teip atáirgthe, breoiteacht a thagann ar ais arís nó ionfhabhtú ó bhroinn. Bíonn impleachtaí díreacha ag gabháil leis d’fheirmeoirí ós rud é gur féidir an galar a scaipeadh trí theagmháil dhíreach le hainmhithe, ábhair éillithe, nó ó cránacha ionfhabhtaithe dá mbainbh. Is é an t-aon bhealach leis an ngalar a dhíbirt ná gach ainmhí ionfhabhtaithe agus a gcuid táirgí a scrios. Freisin is féidir leis an víreas teacht slán i bhfeoil nach bhfuil cócaráilte i gceart nó i roinnt táirgí leasaithe. Tá plean teagmhasachta i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun an tréad náisiúnta muc a chosaint.
Is é atá i nGalar Gormtheanga ná galar in athchogantaigh ar nós caorach, eallaigh, fianna agus gabhar. Déantar é a aistriú den chuid is mó ag plaiceanna Culiocoides, míoltóga atá le fáil go forleathan ar fud an chuid is mó den Eoraip i ngnáthóga éagsúla a bhfuil ina measc feirmeacha. Ní scaiptear é trí theagmháil dhíreach idir ainmhithe agus ní scoitear isteach sa timpeallacht é áit a bhféadfadh sé tithe, trealamh, coisbheart nó éadaí a éilliú. Ní iompraítear i mbainne ná feoil é ach an oiread agus ní dhéantar daoine a ionfhabhtú aige. Is féidir leis dul i bhfeidhm go mór ar thrádáil ainmhithe beo mar go mbíonn áiteanna an-mhóra srianta mar thoradh ar na bearta rialaithe. Chonacthas an galar i dtuaisceart na hEorpa den chéad uair i bhfómhar 2006 agus níor tharla sé riamh in Éirinn. Mar gheall ar théamh domhanda, áfach, is féidir go dtarlódh sin anois. Tá plean teagmhasachta forbartha ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia chun déileáil le ráig galair i gcás go dtarlódh a léithéid.
I gcás fhliú na n-éan, an galar crúb is béal nó galar tromchúiseach ainmhí eile, inseofar don phobal faoi nádúr agus scála na faidhbe agus coimeádfar go hiomlán ar a n-eolas iad de réir mar a thiocfaidh forbairt ar an scéal.
Gheobhaidh tú eolas agus comhairle níos sonraí agus ina measc bearta teagmhasachta, comhairle faoi thaisteal, láimhseáil éan marbh, treoirlínte um choimeádaithe éanlaithe agus éan etc. ar láithreán gréasáin an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag: www.agriculture.gov.ie
Is iad an Roinn Sláinte agsu Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte atá freagrach as na gnéithe sláinte poiblí den víreas. Is féidir eolas faoin mbaol do shláinte an duine a fháil ar a gcuid láithreán gréasáin ag: www.health.gov.ie agus www.hse.ie.
Is é atá i móréigeandáil ná tarlúint, a chuireann le nó a bhagraíonn gortú nó bás, cur isteach trom ar sheirbhísí riachtanacha nó dochar ar mhaoin nó ar an gcomhshaol nó bonneagar thar ghnáthchumais na bpríomhsheirbhísí éigeandála de ghnáth agus é gan aon nó gan ach beagán rabhaidh. Teastaíonn cur i bhfeidhm acmhainní breise uaidh le freagra éifeachtach agus comhordaithe a chinntiú.
Pleananna Móréigeandála
Tá plean móréigeandála aonair ag gach Príomhghníomhaireacht Freagra (An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus údaráis áitiúla), a leagann amach a socruithe le freagrú ar mhóréigeandálacha. Comhréitíonn pleananna na ngníomhaireachtaí seo faoi seach leis na socruithe ata leagtha amach sa Chreat um Bainistiú Móréigeandálacha. Freisin tá sainphleananna ar bun le freagrú ar chineálacha eile éigeandálacha, mar theagmhas núicléach nó paindéamach fliú.
Eolas Breise
Foilsíodh an Creat um Bainistiú Móréigeandálacha anuraidh tar éis athbhreithnithe ar Chreat um Freagra Comhordaithe ar Mhóréigeandálacha 1984. Tá na príomhghníomhaireachtaí freagra ag oibriú anois leis an gcreat nua a chuimsiú ina bpleananna éigeandála reatha féin. Ar leathanaigh eile ar an tsuíomh seo gheobhaidh tú sonraí ar conas réimse leathan éigeandálacha a fhreagairt.