English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

BÍ AR AN EOLAS FAOI DHÓITEÁIN


D’fhéadfadh tréimhsí fada triomaigh san earrach tacú le falscaithe a d’fhéadfadh pobail tuaithe a chur i mbaol agus gnáthóga ar thalamh ard a scriosadh. Tarlaíonn formhór na bhfalscaithe in Éirinn mar thoradh ar ghníomhaíochtaí daonna agus, dá réir sin, tá siad inseachanta.


BÍODH NA RIOSCAÍ AR EOLAS AGAT

• Bí airdeallach ar an riosca a bhaineann le dóiteán rith thréimhsí triomaigh an earraigh agus an gheimhridh.

• Go hiondúil, tá an riosca dóiteáin níos airde i rith an earraigh agus an tsamhraidh.

• Áirítear i measc na gcineálacha talún a bhféadfadh falscaí tarlú orthu in Éirinn tailte portaigh, portaigh bainte móna, limistéir ar thalamh ard agus tailte foraoise neamhaibí cóngarach do na cineálacha talún seo.

• I ndroch-choinníollacha triomaigh, d’fhéadfadh dóiteáin fásra tarlú i measc féar tirim agus barr eile ar chineálacha éagsúla talamh feirme, fiú amháin ar thalamh íseal.

• D’fhéadfadh feirmeoireacht ghníomhach, bearta oiriúnacha maidir le féarach beostoic agus bearta laghdaithe breosla eile an riosca dóiteáin a laghdú go héifeachtach.

• Eisítear Fógraí maidir le Baol Dóiteáin chun comhairle a chur ar bhainisteoirí talún maidir le coinníollacha baol dóiteáin idir Márta agus Meán Fómhair agus chun bearta ullmhachta a chur i gcrích in am.


COSAIN DO THEACH

• Cinntigh go bhfuil fásra inlasta guaiseach cosúil le haiteann, raithneach agus féara, á gcoimeád ag leibhéil ísle chun an baol dóiteáin a laghdú.

• Ba cheart íosmhéid de 30m de spás saor ó bhreosla a choimeád chun struchtúir a chosaint.

• Coinnigh bealaí rochtana glan. Sainaithin foinsí uisce, hiodraint agus foinsí uisce amuigh faoin aer agus coinnigh saor ó bhacainní iad.

• Cabhraigh le comharsana níos sine nó leochaileacha rioscaí a bhainistiú agus fásra a choimeád ag leibhéal sábháilte mórthimpeall a n-áitreabh.

• Tuairiscigh aon ghníomhaíocht amhrasach do An Garda Síochána, agus tuairiscigh aon dóiteáin atá imithe ó smacht nó atá gan faire do na Seirbhísí Éigeandála trí ghlaoch ar 112 nó 999.


ÚSÁIDEOIRÍ TUAITHE

• Ná las tinte i bhforaoisí nó in aice le foraoisí, i limistéir áineasa nó taitneamhachtaí eile.

• Páirceáil ar bhealach freagrach, ná cruthaigh bac do bhealaí rochtana éigeandála.

• Tabhair aird ar gach comhartha agus treoir ó úinéirí talún agus oifigigh údaraithe.


BÍ AIRDEALLACH AR DHÓITEÁIN AR AN BHFEIRM

Tarlaíonn go leor falscaithe earraigh mar gheall ar iarrachtaí laga tabhairt faoi dhó rialaithe ar thalamh ard. I ndroch-choinníollacha triomaigh, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag dóiteáin neamhbheartaithe ar ghníomhaíochtaí feirmeoireachta ar thalamh íseal freisin agus d’fhéadfadh go mbeadh tionchar acu ar na pobail mórthimpeall chomh maith:

• Tabhair aird ar an Dlí: Mura dtreoraíonn an tAire a mhalairt faoi Alt 7(1) d’Acht Oidhreachta 2016, is cion é aon fhásra atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil saothraithe idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa in aon bhliain a ghearradh, a thochailt, a dhó nó a scriosadh ar shlí éigin eile de réir cheanglais Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000.

• D’fhéadfadh go mbeadh pionóis le n-íoc, go ngearrfaí téarma príosúin agus pionóis a bhaineann leis an Scéim Íocaíochta Aonair Feirme ar úinéirí talún a bhíonn ag dó go mídhleathach.

• Ní mór d’úinéirí talún ar mian leo tabhairt faoi dhó forordaithe i rith na tréimhse dlíthiúla fógra a chur i scríbhinn chuig gach úinéir Foraoise laistigh de mhíle amháin ón láthair dó agus chuig an tSeirbhís Dóiteáin agus stáisiún áitiúil an Gharda Síochána sula gcuirtear tús leis an oibríocht dó.

• Smaoinigh ar an tionchar a bheidh ag an deatach ar na pobail mórthimpeall. Má tá amhras ort, ná tosaigh ag dó.

• Bí ullamh má tharlaíonn tine agus bíodh bealaí éalaithe agus pointí tionóil sonraithe agat d’oibrithe atá i mbun an trealaimh a úsáid sa chás go dtarlaíonn tine. Bíodh tancaeir uisce in aice láimhe nuair a bhíonn oibríochtaí bainte ar bun i rith coinníollacha triomaigh.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na Srianta a bhaineann le Fálta Sceach a Ghearradh agus a Dhó le fáil ar: https://www.npws.ie/legislation/irish-law/restrictions- cutting-hedgerows


COMHAIRLE MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT BEÁRBAICIÚ

Is bealach iontach é gníomhaíochtaí amuigh faoin aer chun am a chaitheamh ach baineann rioscaí dóiteáin ar leith lena leithéid sin de ghníomhaíochtaí nár cheart beag is fiú a dhéanamh dóibh.

Ba cheart go mbeadh beárbaiciú sábháilte agus go mbainfeadh gach duine taitneamh as, ach is furasta dearmad a dhéanamh ort féin nuair a bhíonn cairde agus clann taobh leat nuair a bhíonn tú ag cócaráil. Chun gortuithe, nó damáiste do mhaoin a sheachaint, tabhair aird ar na réamhchúraimí simplí seo a leanas:

• Ná bíodh BBQ agat ar bhalcóin riamh.

• Cinntigh go bhfuil do bheárbaiciú ag obair i gceart.

• Cinntigh go bhfuil an beárbaiciú ar thalamh cothrom, píosa maith ón teach/ árasán, crainn nó toir.

• Coinnigh leanaí, cluichí gairdín agus peataí píosa maith ón limistéar cócaireachta.

• Ná himigh rófhada ó bheárbaiciú atá ar siúl riamh.

• Fág buicéad uisce nó gainimh taobh leis an mbeárbaiciú i gcónaí ar fhaitíos go dtarlaíonn éigeandáil.

• Ná tabhair beárbaiciú chomh fada le páirceanna, limistéir fiathalaimh nó gar d’fhásra, crainn etc.

• Cinntigh go bhfuil an beárbaiciú fuar sula ndéanann tú iarracht é a bhogadh.


FORAOISÍ

Ba cheart d’úinéirí agus do bhainisteoirí foraoise a machnamh a dhéanamh ar na bearta maolaithe dóiteáin is féidir a bhunú chun caillteanas nó damáiste d’acmhainní agus do ghnáthóga foraoise mar thoradh ar dhóiteáin a chosc trí:

• Measúnú riosca: Déan measúnú ar do mhaoin ag féachaint don riosca dóiteáin agus d’fhachtóirí maolaithe.

• Ullmhaigh: Ba cheart Pleananna Dóiteáin a fhorbairt do gach foraois.

• Bí Airdeallach: Ba cheart d’úinéirí foraoise a bheith airdeallach go háirithe i ndiaidh tréimhsí fada d’aimsir thirim. Féach ar https://www.teagasc.ie/crops/forestry/ forest-fire-risk/ áit a bhfuil an rátáil reatha maidir le Riosca Dóiteáin Foraoise le fáil.

• Comhoibriú: Tá fíorthábhacht ag baint le comhoibriú idir úinéirí talún comharsanacha chun dóiteán a chosc. Ba cheart d’úinéirí foraoise comhoibriú le comharsana i ndáil le pleanáil dóiteáin agus an t-ualach a bhaineann le patróil agus faireachas dóiteáin a roinnt.

• Tuairiscigh Dóiteáin Láithreach: Má thugann tú dóiteáin faoi deara, gníomhaigh láithreach; tuairiscigh an dóiteán do na Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála láithreach trí ghlaoch ar 112 nó 999. Ná fan go dtí go ndéanfaidh duine éigin eile an glaoch.

Tuairiscigh gach caillteanas. Má tá damáiste déanta do d’fhoraois nó má tá d’fhoraois scriosta, tuairiscigh an caillteanas seo do An Garda Síochána agus don Roinn Talmhaíochta a luaithe agus is féidir.

Tá tuilleadh eolais maidir le bainistíocht dóiteáin agus cosaint falscaithe le fáil ar: http://www.agriculture.gov.ie/forestservice/firemanagement/

I rith oibríochtaí comhraicthe dóiteáin ná bain úsáid as dróin in aice le dóiteáin nó i rith oibríochtaí comhraicthe dóiteáin, mar go bhféadfadh a leithéid rioscaí suntasacha sábháilteachta a chruthú d’oibríochtaí aeir, criúnna eitilte agus daoine ar an talamh. Cruthaíonn eitilt drón gar d’aerárthach guais thromchúiseach agus d’fhéadfadh a leithéid cur isteach ar iarrachtaí comhraicthe dóiteáin.


RAONTA MÍLEATA

RAONTA LÁMHAIGH MÍLEATA - RABHADH

Má tá tú ag siúl sna cnoic amuigh faoin tuath bí ag faire amach do na comharthaí speisialta ar a roinntear eolas maidir le Tailte Raonta Míleata. Ná siúil ar na Raonta seo mar go bhféadfá a bheith i MBAOL mar gheall ar shliogáin neamhphléasctha agus armlón dainséarach eile.

Tugann BRATACHA DEARGA le fios go bhfuil BEO-LÁMHACH ar siúl.

Má tá aghaidh á tabhairt agat ar Ghleann Ó Máil, Co. Chill Mhantáin, agus má theastaíonn tuilleadh eolais uait, lena n-áirítear léarscáileanna saor in aisce den cheantar, déan teagmháil le:

Seirbhís Maorachta Raon an Airm, Scoil Seskin,

Gleann Ó Máil

Teil: (045) 404653

Bí ag faire amach do na comharthaí rabhaidh AGUS TABHAIR AIRE