Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála (BSÉ): Struchtúir agus Creat Náisiúnta
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2024
D’fhaomh an Rialtas na Struchtúir agus Creat Náisiúnta um Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála (BSÉ) agus na hAguisíní a ghabhann leo ar an 26 Iúil 2017. I BSÉ aithnítear 50 cineál éagsúil éigeandála/teagmhais ar fud raoin de Threoir-Ranna Rialtais. Cuirtear bonn ar fáil ann do bhainistíocht straitéiseach éigeandála ar leibhéal Náisiúnta agus do na tacaí a bheadh ag teastáil i gcás go dtarlódh éigeandálaí den sórt sin áit a mbeadh gá le freagairt ar leibhéal náisiúnta, éigeandálaí bainteach le slándáil san áireamh. Ba cheart plé le héigeandálaí ar bhonn áitiúil áit is féidir. Sa Chreat um Bainistíocht Móréigeandálaí (BMÉ) a d’ullmhaigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil treoraítear na freagairtí agus na haschuir áitiúla agus réigiúnacha sna freagairtí ar leibhéal náisiúnta, a bpléitear leo sa BSÉ trí Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí a thionól agus an Treoir-Roinn Rialtais atá aitheanta in Aguisín A den BSÉ ag déanamh cathaoirleachta air.
I dTascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála, a bhfuil an tAire ar a bhfuil Freagracht as Cosaint ina gCathaoirleach air, tá ionadaithe sinsearacha ó gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais. Tá sé freagrach as maoirseacht agus comhordú ar bhainistíocht éigeandála ar leibhéal náisiúnta. Is é an Treoir-Roinn Rialtais atá aitheanta in Aguisín A den BSÉ atá freagrach fós as an bhfreagairt ar éigeandáil iarbhír.
Rinne TFR maoirseacht ar fhorbairt an Chreat BSÉ sin, bunaithe ar phlé fairsing leis na Treoir-Ranna atá i gceist: is iad sin ná na Ranna úd nach mór treoir a thabhairt ó thaobh rioscaí a aithint agus pleanáil chun freagairt a thabhairt ar éigeandálaí den sórt sin agus bainistíocht a dhéanamh ar na freagairtí iarbhír nuair a tharlaíonn siad.
Léiriú ar an obair sin ab iad na tráchta dearfacha a rinne an Rialtas, an Pobal agus na meáin faoi chur i bhfeidhm na bprionsabal atá leagtha amach sa cháipéis BSÉ ag an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí ar Aimsir Chrua le déanaí, a raibh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ina Treoir-Roinn dó.
Cabhróidh an BSÉ agus na pleananna forfheidhmithe ó TFR a thiocfaidh ina dhiaidh le Ranna Rialtais agus le húdaráis phoiblí lárnacha freagairt a thabhairt ar éigeandálaí ar leibhéal straitéiseach agus náisiúnta. Mar shampla, táthar ag tabhairt treorach chun críche faoi dhéileáil leis na dúshláin chumarsáide a eascraíonn ó éigeandálaí ar leibhéal náisiúnta, ar nós na stoirmeacha deireanacha. Leis na treoirlínte sin déanfar níos mó plé le héigeandálaí a mbíonn tionchar acu ar leibhéal náisiúnta nó áit a dteastaíonn tacaíocht ón Treoir-Roinn nó ón Treoir-Aire ar leibhéal náisiúnta chun freagairt do theagmhais den sórt sin.
Téann an BSÉ in ionad na cáipéise ‘Treoir ar Phleanáil Straitéiseach Éigeandála’ ó 2004 agus tugtar aghaidh ann ar riachtanais reatha Ranna agus Ghníomhaireachtaí Rialtais maidir le pleanáil straitéiseach éigeandála. Téann an cinneadh Rialtais sin trína bhfaomhtar agus trína gcuirtear i bhfeidhm an BSÉ in ionad na gcinntí a glacadh i 2001 nuair a bhunaigh an Rialtas an TFR agus an OPÉ.
Sa BSÉ pléitear le saincheisteanna mar:
- na struchtúir Náisiúnta atá i bhfeidhm a aithint agus a mhíniú
- an chaoi a n-oibríonn prionsabal an Treoir-Roinn Rialtais
- na 50 ról agus freagracht treorach a aithint agus an chaoi ar cheart go n-oibreoidh siad ó thaobh na praiticiúlachta agus an t-idirphlé bainteach leis an Rialtas.
- mínítear na príomhghnéithe ar leibhéal náisiúnta lena n-áirítear bainistíocht riosca, pleanáil agus ullmhacht, freagairtí a chomhordú ar leibhéal náisiúnta agus an chaoi a láimhseálann muid an chéim téarnaimh.
- éascaítear bunú Fhoghrúpaí éagsúla an TFR chun déileáil le saincheisteanna lárnacha mar fhorbairt cumas, bonneagar criticiúil agus forbairt treorach cuí chun cabhrú le Treoir-Ranna Rialtais agus lena gcuid Airí agus iad ag bainistiú éigeandálaí den sórt sin.
- éascaítear forbairt cáipéisí treorach eile don TFR agus do na Treoir-Ranna