English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Bheith réidh i gcomhair éigeandálacha



Pleananna Pearsanta

Is iad na daoine is tábhachtaí le smaoineamh orthu i gcás éigeandála ná na daoine i do neasteaghlach. Agus tú ag déanamh do chuid pleananna agus réitiúchán tá rúdaí áirithe nach mór duit smaoineamh orthu:

  • d’fhéadfadh sibh bheith scartha óna chéile.
  • d’fhéadfach nach mbeadh sibh in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
  • d’fhéadfadh soláthair chumhachta bheith briste.
  • d’fhéadfadh go ngortófaí, go trom b’fhéidir, tú féin nó baill eile de do theaghlach.
  • d’fhéadfadh sibh bheith i staid chontúirteach ina bhfuil tine, tuile nó eilimintí eile i gceist.

Le bheith réidh ba cheart duit cinntiú gur labhair tú le do theaghlach agus do chomharsana is gaire faoina bhféadfadh sibh a dhéanamh. Áirigh cuid de na moltaí seo a leanas nó iad go léir i do phleananna le coimeád slán:

  • cinn ar conas is fearr a choimeádfaidh tú i dteagmháil le baill teaghlaigh i gcás éigeandála.
  • muna bhfuil sibh sa bhaile, aontaigh ar conas a dhéanfaidh sibh teagmháil lena chéile, cé a bhfaighidh na leanaí ón scoil agus cé a bhreathnóidh ar bhaill teaghlaigh nó comharsana aosta nó faoi mhíchumas.
  • i gcás go bhfuil sibh scartha, cinn ar ball de do theaghlach (a d’fhéadfadh bheith ina c(h)ónaí in áit eile) a dhéanfaidh tú teagmháil leis/léi le cur ar eolas gach duine go bhfuil tú slán.
  • cinntigh go bhfuil seoladh, uimhreacha baile, fón póca, agus oibre an duine seo ar eolas ag gach duine. *tabhair na sonraí seo do d’ionad oibre féin agus do scoil do leanaí.
  • aontaigh ar áit ina mbuailfidh sibh go léir má tá sibh scartha óna chéile

Príomhcháipéisí a Stóráil

Stóráil cáipéisí tábhachtacha go sábháilte

Sa chuid is mó de chásanna éigeandála is é an cúram is láithrí a bheidh agat nó do shábháilteacht agus i gcás aslonnaithe ba cheart na hearraí teaghlaigh agus giúirléidí ar fad a fhágáil sa teach. Ach, i gcás éigeandálacha nach bhfuil aon chontúirt láithreach i gceist, d’fhéadfadh go mbeadh am agat le cáipéisí tábhachtacha a chuardú sula n-imíonn tú ón teach. Mar sin, tá sé tábhachtach cinntiú go gcoimeádtar iad go léir san áit chéanna.

Is maith an smaoineamh na rudaí seo a leanas a choimeád i gcoimeádán uiscedhíonach nó taisceadán soghluaiste beag in áit shlán inar féidir é a fháil go héasca:

  • Uachtanna
  • Pasanna
  • Grianghraif
  • Teastais breithe agus pósta

Cé agus Cad ar cheart duit éisteacht leis

Rabhaidh Raidió agus Teilifíse

I gcásanna móréigeandála d’fhéadfadh sé bheith riachtanach rabhaidh a eisiúint tríd na meáin chumarsáide náisiúnta ag moladh an bealach gnímh is fearr duit. De ghnáth dhéanfaí teachtaireachtaí den sórt sin a chraoladh ar gach caineál raidío agus teilifíse náisiúnta.

Cuimhnigh go bhféadfadh nach mbeadh cumhacht agat, mar sin tá sé tábhachtach raidió a oibríonn ar cheallra a choimeád agus éisteacht le ceann de na stáisiúin seo a leanas:

  • RTE Radio 1
  • RTE 2 FM
  • Today FM
  • RTE Lyric FM
  • RTE Radio na Gaeltachta
  • Newstalk 106

Tá sé beartaithe go n-iompróidh do stáisiúin raidió áitiúil príomhtheachtaireachtaí freisin

Áit ar féidir déanfar eolas agus rabhaidh a chraoladh ar na cainéil Teilifíse seo a leanas.

  • RTE 1
  • RTE 2
  • TV3
  • TG4

Foghlaim faoi shábháilteacht i do theach féin

  • Faigh amach conas agus cathain soláthair leictreachais, gáis agus uisce a chasadh as i do theach féin.
  • Cinntigh go bhfuil uimhreacha do stáisiúin Garda áitiúil, do Dhochtúra, Bord Gáis, BSL agus do chomhairle áitiúil ar eolas agat agus coimeád iad in aice le d’fhón.
  • Dialaigh 999 nó 112 le ceangal díreach a fháil do sheirbhísí dóiteáin agus otharchairr agus má tá cúnamh Garda éigeandála ag teastáil uait.

Foghlaim roinnt garchabhrach bunúsaí

D’fhéadfadh sé bheith an-úsáideach na gnéithe bunúsacha de gharchabhair bheith ar eolas agat in aon éigeandáil agus féadann sé tuilleadh gortaithe nó anacra a chosaint. Ritheann do Chumann Naomh Eoin áitiúil, Cumann Croise Deirge na hÉireann agus Cosaint Shibhialta cúrsaí bunúsacha go rialta agus ritear iad i go leor coláistí pobail.


Réitigh paca éigeandála agus coimeád in aice láimhe é

D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas bheith fíor-luachmhar i gcabhrú leat coimeád sábháilte agus dul i ngleic le réimse cásanna éigeandála:

  • Raidío a oibríonn ar cheallra (le ceallraí breise).
  • Tóirse (le ceallra breise), coinnle agus lasáin uiscedhíonacha.
  • Fearas garchabhrach agus lámhleabhar.
  • Cógas, soláthair earraí maisíochta agus sláintíochta.
  • Riachtanais speisialta do naoínáin, daoine aosta agus baill teaghlaigh faoi mhíchumas.
  • Éadaí breise agus málaí codlata do gach ball teaghlaigh.
  • Fón póca , luchtaire agus ceallra breise.
  • Málaí plaisteacha láidre (le haghaidh éadaí, earraí luachmhara,cáipéisí agus grianghraif).
  • Cóipeanna de cháipéisí teaghlaigh tábhachtacha (teastais breithe, pasanna agus ceadúnais).
  • Sonraí teagmhála do bhur dteagmháil teaghlaigh aontaithe.
  • Cártaí imeartha nó cluichí do leanaí óga.

Cad ba cheart a dhéanamh má tá ort fanacht i do theach ar feadh tréimhse laethanta

Ba cheart duit cinntiú go mbeidh na rudaí seo a leanas ar fáil i gcás éigeandála áit ar gearradh soláthair chumhachta, gáis agus uisce:

  • Déan socraithe le soláthair bhunúsacha (bia agus uisce) a stóráil áit éigin i do theach, le maireachtáil ar feadh suas go trí lá.
  • Téip duchta agus leathán plaistigh le fuinneoga a shéalú, síosúr agus scian airm Eilvéisigh.
  • Múchtóir dóiteáin.

Gliogáil anseo le foghlaim faoi phleanáil leanúnachais gnó.