English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

COINNÍOLLACHA AIMSIRE


Sa leathsféar thuaidh, is é an sainmhíniú atá tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta ar an samhradh meitéareolaíoch na trí mhí is teo arb ionann iad agus Meitheamh, Iúil agus Lúnasa. Is iad Bealtaine, Meitheamh agus Iúil, áfach, na trí mhí leis an méid is mó solas gréine.


RÉAMHAISNÉISÍ AGUS RABHAIDH AIMSIRE

Tá réamhaisnéisí agus rabhaidh aimsire Met Éireann le fáil ar www.met.ie agus ar Aip Met Éireann. Tá réamhaisnéisí mionsonraithe 7 lá ar fáil le haghaidh breis is 1,000 suíomh ainmnithe ar fud na hÉireann. Ina theannta sin, tá gné roghnach ar an suíomh gréasáin agus ar an aip a úsáideann suíomh GPS an ríomhaire nó an ghléis chun réamhaisnéis mhionsonraithe 7 lá a sholáthar don suíomh beacht sin.


SEIRBHÍSÍ FOLÁIRIMH RABHADH AIMSIRE

Tá brúfhógraí Rabhadh Aimsire ar fáil anois ar Aip Met Éireann. Ar an aip, tapáil an Roghchlár/Mo Rabhaidh/Cuir le. Is féidir leat fógraí a shocrú le haghaidh aon chontae agus le haghaidh aon chineál rabhaidh. Chomh maith leis sin, is féidir leat clárú chun ríomhphoist a fháil maidir le Rabhaidh Aimsire faoin léarscáil ar www.met.ie/ warnings ‘Mo Logáil Isteach Rabhaidh’


TEAS/GRIANDÓ

Tugann an tInnéacs Ultraivialait (UVI) léargas ar an bpoitéinseal go ndéanfar damáiste don chraiceann. Nuair a bhíonn an t-innéacs UV cothrom le 3 nó níos airde ní mór duit do chraiceann a chosaint. In Éirinn, is iondúil go mbíonn an t-innéacs UV cothrom le 3 nó níos airde idir Aibreán agus Meán Fómhair, fiú amháin nuair a bhíonn sé scamallach. Pleanáil do lá chun an méid ama a chaitheann tú sa ghrian nuair atá an UV ag an leibhéal is láidre, idir 11am agus 3pm de ghnáth, a shrianadh. Má tá sé scamallach i ngach áit, ansin tá an UVI ag leibhéal atá idir íseal agus measartha (3 go 4), ach d’fhéadfadh griandó tarlú fós. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó tionchair ag teochtaí oíche i rith an tsamhraidh (>15C) freisin, go háirithe i gcás daoine leochaileacha, ná mar a bhíonn ag ardteochtaí i rith an lae.

D’fhéadfadh go mbeadh éagsúlacht le tabhairt faoi deara sna scamaill ó áit go háit agus ó am go ham in Éirinn, agus mar gheall ar ghoimh na gaoithe d’fhéadfadh go mbeadh sé fionnuar i rith an tsamhraidh.

Dá ainneoin sin, d’fhéadfadh eatramh grianmhar 20 nóiméad a bheith mar bhonn le griandó.


AN GHAOTH AGUS NA TONNTA

Má bhíonn gaotha láidre ann, d’fhéadfadh tonnta arda, a d’fhéadfadh a bheith contúirteach, a bheith le feiceáil ar lochanna agus feadh cóstaí. Fiú amháin nuair a bhí an ghaoth éadrom nó ciúin d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag tonnta arda (borradh) ar chóstaí/ar thránna. D’fhéadfadh gaotha tairsí ginearálta rabhaidh a shárú i gceantair nochta cois cósta agus ar thalamh ard agus i roinnt ceantar íseal mar gheall ar éifeachtaí sconnacháin.

Ainmníonn an tSeirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíoch stoirm nuair atá sé réamhaisnéisithe go mbeidh tionchar ag gaotha leibhéal Oráiste nó Dearg ar achar fairsing talún.


STOIRMEACHA TOIRNÍ

Sa chás go dtarlaíonn stoirmeacha toirní, bí airdeallach ar na dainséir a bhaineann le tintreach agus ná téigh ar foscadh faoi scáth báistí nó crann. D’fhéadfadh sé a bheith dainséarach a bheith san uisce amuigh faoin aer. Bí cúramach má fheiceann tú línte talún teileafóin nó aon mhiotal a nascann leis an talamh.

D’fhéadfadh tintreach an áit chéanna a bhualadh faoi dhó.

D’fhéadfadh go mbeadh duartain throma thobanna mar bhonn le tulcaí agus drochléargas agus d’fhéadfadh go mbeadh soinneáin dhainséaracha gaoithe agus clocha sneachta a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh ann ag an am céanna.