DAOINE FAOI MHÍCHUMAS
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2024
Tá comhairle ann a d’fhéadfaí a úsáid i ndáil le duine ar bith, ach áirítear sa chomhairle sin, áfach, gnéithe breise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do dhaoine faoi mhíchumas. Más féidir, cinntigh go bhfuil a fhios agat faoi mhíchumas a d’fhéadfadh a bheith ar dhuine muinteartha nó comharsa agus déan iarracht a fháil amach conas a bhféadfá cabhrú leo. Eagraigh cuairteanna rialta nó glaonna teileafóin nuair a bhíonn an aimsir go dona.
COMHAIRLE GHINEARÁLTA
• Ná téigh amach sa ghrian ag na hamanna atá molta ag Met Éireann.
• Ól dóthain uisce. Tá sé riachtanach dóthain uisce a ól, ach níl maitheas ar bith ag baint leis an iomarca tae nó caife a ól.
• Caith éadaí éadroma, scaoilte agus hata chun tú féin a chosaint.
• Caith spéaclaí gréine timfhillteacha le cosaint UV.
• Caith fachtóir cosanta 30 ar an ngrian nó níos airde ag a bhfuil rátáil 4
nó 5 Réalta ultraivialait fadtoinne.
• D’fhéadfadh go leor oideas ar cógas a bheith mar bhonn le cumas an duine déileáil leis an teas a laghdú. Lean ort ag tógáil do chuid oideas, ach déan breis iarrachta fanacht fionnuar.
• I measc na siomptóm dainséarach ba cheart a bheith airdeallach orthu i rith na haimsire te tá laige agus meadhrán, gearranáil, urlacan, nó mearbhall a éiríonn níos measa.
• Gníomhaigh láithreach má thugann tú siomptóim dhainséaracha cosúil le stróc teasa faoi deara. Tabhair deis do do chorp éirigh fionnuar arís. Ná tóg aspairín nó paraicéiteamól – d’fhéadfadh go n-éireodh rudaí níos measa. Lean ort, áfach, ag tógáil gach cógas eile ar oideas.
• Coimeád na cógais de réir na dtreoracha ar na paicéid.
• Faigh comhairle leighis má tá riocht ainsealach ort nó má tá cineálacha éagsúla cógas á dtógáil agat.
• Faigh cabhair má mhothaíonn tú meadhránach, lag, imníoch nó má tá tart ort agus tinneas cinn agat; bog chuig áit fhionnuar agus seiceáil teocht do choirp. Ól roinnt uisce nó sú torthaí chun tú féin a ath-hiodráitiú.
• Lig do scíth in áit fhionnuar láithreach má tá crampaí matáin pianmhara ort (go háirithe i do chosa, géaga nó bolg) agus ól tuaslagáin ath-hiodráitithe ina bhfuil leictrilítí.
• Faigh cóir leighis más gá má mhaireann crampaí teasa níos mó ná uair an chloig.
• Déan teagmháil le do dhochtúir nó le do chógaiseoir má tá imní ort faoi do shláinte i rith tonn teasa, go háirithe má tá cógas á thógáil agat, mura mothaíonn tú go maith nó má tá siomptóim neamhghnácha ort.
• Bí ag faire amach do shiomptóim cosúil le mearbhall, laige nó
deacrachtaí codlata.
• Má tá riocht riospráide ort, tabhair aird ar leith ar na rabhaidh a bhaineann le háireamh pailine ó Met Éireann.
• Faigh comhairle maidir leis an tionchar a d’fhéadadh a bheith ag aerchóiriú i bhfoirgneamh ar riocht riospráide.
• Má tá tú bodhar, má tá mallachar éisteachta ort nó má tá lagú cainte agat, cláraigh do sheirbhís téacs 112 na Seirbhíse Freagartha Glaonna Éigeandála; b’fhéidir go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála.
• Má tá madra treorach/cúnaimh agat, cinntigh go bhfuil an madra fionnuar agus go bhfuil dóthain uisce le hól aige.
COINNIGH SÚIL AR DHAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS
• Coinnigh súil níos géire ar dhaoine ag a bhfuil mallachar cognaíoch de bhrí go mb’fhéidir nach mbeidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh má tá siad in anacair. I gcásanna áirithe, b’fhéidir nach dtabharfaidís an teas nó an míchompord faoi deara.
• Cinntigh go bhfuil dóthain bia agus cógas acu.
• Cinntigh go bhfuil rochtain acu ar chumhacht agus ar uisce.
• Má tá tú in amhras faoi shábháilteacht duine éigin ar d’aithne atá faoi mhíchumas, lorg cúnamh ón nGarda Síochána nó ó na seirbhísí sláinte agus sóisialta áitiúla.