Pleanáil Leanúnachais Ghnó
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2021
Tá pleanáil leanúnachais ghnó ag teacht chun bheith ina cuid de ghnáthchleachtas gnó. Tuigeann fiontair mhóra nach mór freagairt go héifeachtach do chur isteach de thoradh fachtóirí nach bhfuil neart acu orthu.
Tá pleananna i bhfeidhm ag an Rialtas dá fhreagairt féin i gcás phaindéim fliú. Ba cheart do gach gnó a gcuid pleananna leanúnachais féin a chur i bhfeidhm i gcás eachtra ar nós paindéime de thoradh fhliú na n-éan nó gníomhartha sceimhlitheoireachta nó tubaistí nádúrtha. Trí phleananna leanúnachais ghnó a ullmhú i gcomhair na rioscaí sin, is féidir le cuideachtaí an cur isteach ar a gcuid oibríochtaí dá mbarr a dhéanamh chomh beag agus is féidir.
Mar shampla, is dócha i gcás phaindéim fliú go dtiocfadh méadú mór ar asláithreacht fostaithe, go háirithe le linn na ráigeanna is mó den ionfhabhtú. D’fhéadfadh go gcuirfeadh sé isteach ar éileamh custaiméirí, ar shreabhadh soláthairtí agus ar oibriú córas iompair agus loighistice a úsáideann gnóthais. Freisin beidh ar chuideachtaí athruithe oibriúcháin a dhéanamh chun baol an ionfhabhtaithe san ionad oibre a laghdú.
Ní hamháin gur cheart do ghnóthais a gcuid pleananna féin a ullmhú chun cur isteach le linn eachtra gan choinne a dhéanamh chomh beag agus is féidir, ba cheart dóibh triail a bhaint as na pleananna sin go rialta trí mheán cleachtas.
Tá sonraí faoi conas is ceart do ghnóthais plean a ullmhú i gcás phaindéim fliú agus faoi na rudaí a d’fhéadfaí a chur san áireamh sa phlean sin ar fáil anseo.