English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

TUSA AGUS D’FHEIRM



BÍ SÁBHÁILTE

Is gairm chontúirteach í an fheirmeoireacht, gairm atá níos contúirtí fiú i rith coinníollacha adhaimsire. Ba cheart d’fheirmeoirí PLEANANNA a dhéanamh chun éifeachtaí adhaimsir the ar a bhfeirmeacha agus ar a dteaghlaigh a íoslaghdú.


TABHAIR AIRE DO DO SHÁBHÁILTEACHT PHEARSANTA

• Inis do dhuine éigin i gcónaí nuair atá tú ag dul amach ar an bhfeirm agus cá bhfuil do thriall, agus cé chomh fada is a bheidh tú imithe.

• Caith éadaí oiriúnacha agus trealamh cosanta pearsanta (fiú amháin má tá tú míchompordach in aimsir the).

• Laghdaigh an baol go bhfaighidh tú ailse chraicinn trí do chraiceann a chosaint ó ghathanna UV, go háirithe idir Aibreán agus Meán Fómhair.

• Tabhair teileafón póca luchtaithe leat agus uisce le hól.


AIRE A THABHAIRT DO DHAOINE EILE

• Ba cheart súil a choinneáil ar leanaí ar fheirmeacha i gcónaí.

• Tá seans ann nach mbeidh taithí ag cuairteoirí (daoine muinteartha san áireamh) ar thimpeallacht feirme agus ba cheart go mbeadh duine éigin in éineacht leo nuair a bhíonn siad amuigh ar an bhfeirm.


AIRE A THABHAIRT DO BHEOSTOC

• Cinntigh go bhfuil dóthain uisce agus fodair ag na hainmhithe i gcónaí.

• Cinntigh go bhfuil dóthain foscaidh/scátha ag na hainmhithe.

• Tabhair aird ar na coinníollacha aimsire nuair a bhíonn ainmhithe á n-iompar.

• Bíodh plean agat má tharlaíonn gearradh cumhachta.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo:

• https://www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/

Tá líne chabhrach agus seoladh ríomhphoist speisialta bunaithe ag an Roinn Talmhaíochta chun cásanna de chriuáil le hainmhithe a thuairisciú:

• Líne Chabhrach na Cruála le hAinmhithe 01 607 2379 nó 0761 064 408.

• Ríomhphost - animalwelfare@agriculture.gov.ie


LEICTREACHAS

Faigh cóip den leabhrán “Farm Well....Farm Safely” ó shuíomh Ghréasáin BSL www.esb.ie. Tá eolas le fáil ann faoi threalamh leictreach a úsáid ar d’fheirm:

• Baineann rialacháin speisialta le nascadh agus le húsáid gineadóirí.

• Ní mór go mbeadh an nasc á shuiteáil ag leictreoir cáilithe.

• Ní mór BSL a chur ar an eolas má tá sé beartaithe úsáid a bhaint as gineadóir.

• D’fhéadfadh go mbeadh nasc mícheart mar bhonn le ‘aisfhotha’ rud a chruthóidh riosca duitse, do thomhaltóirí eile agus don fhoireann chothabhála.


GUAISEACHA EILE

• Ná lig do dhuine ar bith atá gan taithí innealra a úsáid.

• Cinntigh go bhfuil seirbhís cheart déanta ar threalamh/innealra agus go bhfuil sé ag obair i gceart.

• Bí cúramach nuair a bhíonn trealamh in úsáid agat nach bhfuil úsáidte agat le tamall maith roimhe seo.

• “Ná Téigh sa Seans” - mura bhfuil a fhios agat conas an trealamh a úsáid aimsigh duine éigin a chuirfidh comhairle ort nó aimsigh conas an trealamh a úsáid go sábháilte.

• Ní mór a bheith fíorchúramach nuair a bhíonn sábha slabhracha in úsáid - féach ar an leabhrán dar teideal “Safe Working with Timber and Chainsaws” ar shuíomh gréasáin HSA www.hsa.ie