English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ábhar óráide an Aire Naughton, Seoladh ‘Bí Réidh don Samhradh’

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 6 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2022

Ábhar óráide an Aire Naughton, Seoladh ‘Bí Réidh don Samhradh’, Dé Céadaoin, an 06 Aibreán 2022

An INCÉ, Áras Talmhaíochta, an Roinn Talmhaíochta, Sráid Chill Dara @3.45pm

Tá áthas orm a bheith anseo inniu ag seoladh an fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’ le mo chomhghleacaithe Aire, an tAire Coveney agus an tAire Butler. Tráth é seo a mbímid ag dúil leis agus atá lán le scleondar agus muid ag súil le míonna an tsamhraidh; agus is tráth é ina ndéanaimid pleananna chun roinnt ama a ghlacadh saor dúinn féin, nó é a chaitheamh lenár dteaghlach agus lenár gcairde. Spreagann téama na bliana seo, ‘aire a thabhairt do do mheabhairshláinte an samhradh seo’ mé chun machnamh a dhéanamh ar an taitneamh is féidir a bhaint as ár dtír agus as gach rud a chuireann sí ar fáil a fhiosrú.

D’imir COVID 19 tionchar orainn go léir agus ar an mbealach a mhaireamar le dhá bhliain anuas. Mar gheall gur baineadh na srianta agus go bhfuil ár seirbhísí iompair phoiblí ag feidhmiú ar lánacmhainn arís, tá níos mó dínn ag smaoineamh faoi na pleananna taistil a bheidh againn don samhradh agus faoi na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaimis a dhéanamh.

B’fhéidir gur fiú duit seiceáil le do sholáthraí taistil sula dtaistealóidh tú. Cuirtear eolas áisiúil teagmhála ar fáil sa leabhrán Bí Réidh don Samhradh maidir le gníomhaireachtaí na Roinne Iompair. Foinse luachmhar eolais é freisin maidir le hábhair cosúil le sábháilteacht ar bhóithre agus uisce.

Táimid go léir ar an eolas ar an ngéarchéim san Úcráin agus cuirim fáilte roimh an eolas a cuireadh ar fáil do mhuintir na hÚcráine faoi na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá ar fáil fad a bhíonn siad in Éirinn trí gov.ie/Urkaine, ar a gcuirfear leagan aistrithe de leabhrán agus de bhileog faisnéise an fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2022 ar fáil.

De réir mar a dhéanaimid ullmhú don aimsir níos teo amach romhainn, is tráthúil freisin an baol a d’fhéadfadh roinnt gníomhaíochtaí a chruthú dúinn féin agus do dhaoine eile a mheabhrú daoibh. Ar mhaithe le suaimhneas intinne, ba cheart pleanáil a dhéanamh d’éiginnteachtaí mar chuid dár bpleananna iomlána an samhradh seo. Faoi mar a léirítear sa bhileog ‘Bí Réidh don Samhradh’ agus mar chuid den díriú ar ár meabhairshláinte, cruthaíonn an samhradh deiseanna le triail a bhaint as gníomhaíochtaí nua a d’fhéadfadh titim amach taobh amuigh de réir mar a éiríonn na tráthnónta níos gile.

D’fhéadfadh roinnt de na gníomhaíochtaí seo tarlú ar ár dtránna agus ár n-imeallbhoird, agus ba cheart taitneamh sábháilte a bhaint astu. Tá eolas ar fáil in ‘Bí Réidh don Samhradh’ maidir le sábháilteacht i gceantair chósta agus ar bheith ar an airdeall ar an aimsir nuair a bhímid ag taisteal. Seiceáil tuar na haimsire sula dtaistealaíonn tú agus bí ar an airdeall ar aon rabhaidh aimsire a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm. Is féidir teacht ar eolas faoin aimsir agus faoi limistéir na farraige ar láithreán gréasáin Met Éireann, www.met.ie

Is tábhachtach a bheith ar an eolas ar shábháilteacht uisce agus is í an teachtaireacht a chuireann Garda Cósta na hÉireann in iúl maidir le ceantair chósta agus gníomhaíochtaí uiscebhunaithe ná STOP;

• déan plean sula dtéann tú isteach san uisce nó i gar dó agus ba cheart duit fios a bheith agat conas a chur in iúl go bhfuil tú i mbaol, sa chás gur gá duit sin a dhéanamh. Cinntigh go gcuireann tú duine ar an eolas cá bhfuil tú ag dul agus cén t-am a bheartaíonn tú filleadh.

• Cinntigh i gcónaí go bhfuil bealach cumarsáide agat, bíodh raidió VHF, guthán póca atá go hiomlán luchtaithe, bladhmanna nó Rabhcháin leictreonach aimsiúcháin i gceist. Caith Seaicéad Tarrthála nó Gaireas Snámhachta Pearsanta i gcónaí má thugann tú faoi aon saghas de ghníomhaíocht ar bhád, cadhcáil agus curachóireacht san áireamh.

• Úsáid eolas atá ar fáil gan stró agus caith roinnt ama le cur amach a fháil ar na dálaí atá i gceist ag an tráth sin agus bí airdeallach ar amanna na taoide agus ar réamhaisnéisí aimsire.

• Lorg cabhair láithreach má bhíonn tú féin nó duine éigin eile i mbaol nó má fheiceann tú go bhfuil duine éigin eile i mbaol.

Thar aon ní eile, bain taitneamh as an samhradh taobh amuigh go sábháilte agus gníomhaigh go freagrach.

Má bhíonn tú ag taisteal ar an mbóthar, cinntigh go bhfuil an fheithicil réidh don samhradh agus tabhair aird ar chomhairle agus ar leideanna an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre, atá ar fáil ar a láithreán gréasáin, www.rsa.ie. Tá achoimre ar a dtreoir ar fáil in ‘Bí Réidh don Samhradh’.

Meallann an aimsir bhreá níos mó daoine dul amach faoin spéir agus, ar an drochuair, méadaíonn seo an baol roimh thiománaithe, rothaithe agus coisithe. Iarrtar ar thiománaithe moilliú agus súil a bheith le rudaí a d’fhéadfadh tarlú gan choinne.

Ba cheart go mbeadh gach úsáideoir bóithre ar an eolas ar an mbaol a chruthaíonn alcól i rith mhíonna an tsamhraidh. Ná tiomáin faoi thionchar an óil riamh. Má ólann tú alcól, déan na socruithe oiriúnacha roimh ré lena chinntiú go bhfilleann tú féin agus do dhuine muinteartha abhaile go sábháilte.

Tuigim go dtagann méadú ar an méid feithiclí talmhaíochta a bhíonn ar bhóithre poiblí i rith mhíonna an tsamhraidh. Ba cheart d’fheirmeoirí a bheith ag faire amach le haghaidh droichid ísle, crainn atá ag cromadh anuas, cáblaí lasnairde agus dromchlaí míchothroma bóthair. Ba cheart boinn tarracóra a choimeád glan lena sheachaint láib agus clocha a fhágáil ar bhóithre poiblí. Ba cheart do thiománaithe gluaisteán agus úsáideoirí eile bóithre a bheith foighneach má bhíonn siad ag tiomáint laistiar d’fheithicil talmhaíochta.

Chuirfinn an treoir ar aird a bhaineann le veaineanna campála nó le carbhán a tharraingt agus leis an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfuil siad ródacmhainneach.

Cuimhnigh go ndéanfaidh carbhán agus leantóir difear don bhealach a ghluaiseann gluaisteán agus dá fheabhas is féidir leat é a smachtú. Ach go háirithe, déanann carbhán a tharraingt an méid breosla a ídíonn gluaisteán a mhéadú agus laghdaíonn sé a chumas luathú agus moilliú. Chuir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre leabhrán agus sraith físeáin ghearra le chéile ina gcuirtear eolas áisiúil ar fáil faoi leantóirí a tharraingt de réir an dlí agus go sábháilte.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom na hiarrachtaí a leanann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a dhéanamh a aithint le heolas a sholáthar maidir lenár mbóithre a úsáid go sábháilte. Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl, chomh maith, dár seirbhísí cuardaigh agus tarrthála go léir, foireann an Gharda Cósta ag Málainn, Dairbhre agus Baile Átha Cliath, oibrithe deonacha an Gharda Cósta, criúnna Héileacaptair agus criúnna tarrthála cladaigh Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád san áireamh as na hiarrachtaí a leanann siad a dhéanamh le sábháilteacht uisce a chinntiú.

Táim cinnte, go bhfuil tú féin, cosúil liomsa, ag tnúth le míonna an tsamhraidh, go háirithe agus deireadh tréimhse dhá bhliain a bhí an-dúshlánach ag druidim linn agus mar gheall go bhfuil an tsochaí go hiomlán ar oscailt arís. Is cuma cén pleananna a dhéanann tú, tabhair aird, le do thoil, ar do shábháilteacht phearsanta agus déan na hullmhúcháin oiriúnacha.

Go raibh maith agaibh