Óráid ón Aire Coveney maidir le seoladh an Feachtas ‘Bí Réidh don Samhradh-’ 2021 21 Aibreán 2021, NECC
- Foilsithe: 18 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 18 Bealtaine 2021
Mar Chathaoirleach ar Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála, tá lúcháir orm a bheith anseo inniu in éineacht le mo chomhghleacaithe Aireachta chun an feachtas ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2021 a sheoladh i gcomhpháirt.
Cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag srianta Covid-19 ar an áit ar féidir linn dul agus ar an méid a fhéadfaimid a dhéanamh, tá roinnt réamhchúraimí sábháilteachta caighdeánacha ann nár cheart dúinn dearmad a dhéanamh orthu. De réir mar a thagann feabhas ar an aimsir agus, tá súil againn, de réir mar a athraíonn srianta Covid-19, is dóigh go dtabharfaidh níos mó daoine cuairt faoin tuath, dul i mbun gníomhaíochtaí lasmuigh agus cuairt a thabhairt ar fheirmeacha teaghlaigh. Ar an drochuair, bíonn riosca níos airde de bhás le linn míonna an tsamhraidh de bharr timpistí ar an bhfeirm, níos mó timpistí bóthair agus báite de thaisme. Tagann méadú ar thinte fiáine i rith an tsamhraidh agus bíonn rioscaí tromchúiseacha ann do shaol agus do mhaoin.
Tá sé níos tábhachtaí i mbliana ná riamh go gcinnteoimid go mbeimid níos airdeallaí maidir lenár sábháilteacht phearsanta agus muid ag obair nó ag tabhairt cuairte ar an gcósta, lochanna, aibhneacha nó ár gceantar tuaithe ionas go bhféadfaimis go léir taitneamh a bhaint as ár gcuid taitneamhachtaí nádúrtha go sábháilte agus muid ag seachaint brú bhreise nach bhfuil gá leo a chur ar ár seirbhísí éigeandála agus líne thosaigh.
Is ceist í sábháilteacht uisce do gach duine in Éirinn agus tá béim faoi leith curtha againn air i bhfeachtas na bliana seo. Tá cuid de na huiscebhealaí agus na tránna is iontaí ar domhan in Éirinn. Tá an-tóir orthu, go háirithe i rith míonna an tsamhraidh. Ar an drochuair, is féidir leo a bheith ina láithreacha de thimpistí tragóideacha. Teastaíonn uaim go mbeadh gach duine anseo in Éirinn in ann taitneamh a bhaint as ár gcuid taitneamhachtaí ach mar an gcéanna caithfimid meas sláintiúil a bheith againn ar ár dtimpeallachtaí uisceacha. Ba chóir go mbeadh a fhios ag gach duine conas fanacht sábháilte san uisce agus tá sé tábhachtach go múinfimid é seo dár leanaí freisin.
Tá beagnach leath de dhaonra na hÉireann ina gcónaí laistigh de 5 chiliméadar ón bhfarraige agus beagnach gach duine ina gcónaí laistigh de 20 ciliméadar ón bhfarraige, ó loch nó ó abhainn. Táimid ag súil freisin go bhfeicfimid níos mó cuairteoirí chuig na ceantair seo an samhradh seo agus iad ag dul ar saoire sa bhaile. Mar sin táimid ag iarraidh ar gach duine “Bí ar an airdeall faoi Shábháilteacht Uisce”.
Ba mhaith liom béim a leagan gur cur chuige ‘Uile-Rialtais’ é an feachtas sábháilteachta poiblí seo. Chomh maith le comhairle maidir le gníomhaíochtaí uiscebhunaithe, tá faisnéis san fheachtas maidir le déileáil le go leor saincheisteanna eile a bhaineann leis an samhradh ar nós teochtaí arda, triomach, na contúirtí a bhaineann le tinte fiáine, muid féin a choinneáil slán sa ghrian agus ar an bhfeirm agus go leor rudaí eile ar chóir dúinn a choinneáil i gcuimhne.
Ar an suíomh Gréasáin ‘Bí Réidh don Samhradh’, cuirtear ar fáil leabhrán faisnéise ‘Bí Réidh don Samhradh’ agus an bhileog “Bí ar an Airdeall faoi Shábháilteacht Uisce” comhairle an-phraiticiúil maidir le hullmhúcháin samhraidh.
Tháinig an fhaisnéis atá iontu ó go leor Ranna agus Gníomhaireachtaí, ar nós an Roinn Sláinte, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus Met Éireann, a d’oibrigh le chéile chun cur ar bhealach comhchoiteann leis an gcomhairle luachmhar seo a fhorbairt.
Is féidir leat an fhaisnéis uile a bhailítear le chéile a fháil ar an suíomh gréasáin: www.gov.ie/summerready. Iarraim ort go léir tamall a thógáil chun an suíomh seo a iniúchadh agus an leabhrán agus an bhileog a léamh. Beidh an Oifig um Pleanáil Éigeandála i mo Roinn ag roinnt comhairle agus faisnéise ábhartha trí na meáin shóisialta i rith míonna an tsamhraidh.
Tá áthas orm go bhfuil ionadaíocht ag an oiread sin dár meáin ag an seoladh anseo inniu. Tá ról lárnach agaibh maidir le feasacht an phobail a ardú ar fud raon ábhar sláinte agus sábháilteachta poiblí thar lear. Táim ag iarraidh do chúnamh arís inniu chun cuidiú le teachtaireacht an fheachtais seo a chur amach don phobal.
Ba mhaith liom nóiméad a ghlacadh anois chun tiomantas agus díograis ár bhfreagróirí líne thosaigh agus obair ár nÚdarás Áitiúil a aithint agus iad ag soláthar seirbhísí riachtanacha i rith na bliana. Tá go leor daoine iontacha againn freisin, grúpaí pobail agus seirbhísí éigeandála deonacha a sholáthraíonn tacaíocht ó lá go lá. Is é an bealach is fearr le buíochas a ghabháil leo ná bheith ar an airdeall maidir lenár sábháilteacht féin agus gan rioscaí gan gá a ghlacadh. Cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag srianta Covid-19 ar an áit ar féidir linn dul agus ar an méid a fhéadfaimid a dhéanamh, cuimhnímid go léir fanacht slán an samhradh seo.
Ligfidh mé anois do mo chomhghleacaithe aireachta labhairt, an tAire Heather Humphreys agus an tAire Stáit Hildegarde Naughton. Cuirfidh siad tuilleadh faisnéise ar fáil duit faoi obair a Ranna maidir leis an bhfeachtas seo a fhorbairt. I measc a réimsí freagrachta tá an Garda Cósta agus Sábháilteacht Uisce Éireann agus chuir siad ionchur agus comhairle lárnach ar fáil chun ár dteachtaireachtaí sábháilteachta poiblí a fhorbairt.
Go raibh maith agaibh.