Óráid an Aire O'Donovan
- Foilsithe: 11 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Óráid le Pádraig O'Donovan T.D.,
Aire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí
Feachtas ‘Bí ullamh don gheimhreadh’ 2022/23
An tIonad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála, Baile Átha Cliath
10ú Samhain, 2022
Réamhrá
Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu in éineacht le mo chomhghleacaí Aireachta, an tAire Hildegarde Naughton, chun feachtas an Rialtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ a sheoladh i gcomhpháirt le chéile. Díríonn feachtas na bliana seo ar ullmhú do thuilte. In éineacht linn inniu freisin beidh Evelyn Cusack, Ceann Réamhaisnéise Met Éireann.
Leagann an feachtas 'Bí Ullamh don Gheimhreadh’ béim ar an gcur chuige ‘Rialtais Uile’ atá á ghlacadh maidir le hullmhúcháin do thréimhse an gheimhridh. Soláthraíonn an feachtas fóram le haghaidh comhairle agus faisnéise ar ár gcomhphleanáil agus ár n-ullmhacht do mhíonna an gheimhridh. Cabhraíonn sé lenár n-athléimneacht a thógáil mar náisiún agus tugann sé eolas faoi conas agus cén áit ar féidir leis an bpobal leas a bhaint as an bhfaisnéis sin. D’iarrfainn ar gach duine an suíomh Gréasáin www.winterready.ie a sheiceáil, ar stór aonair faisnéise é ó Ranna agus Gníomhaireachtaí maidir leis an gheimhreadh.
Ní baol nua é tuilte ach is baol é a mhéadóidh de réir mar a éiríonn tionchar an athraithe aeráide níos soiléire. Tá imeachtaí aimsire gan fasach feicthe againn san Eoraip agus níos faide i gcéin ag réimsiú ó thriomach trom, tonnta teasa agus minicíocht agus déine méadaithe stoirmeacha. Chomh maith leis sin, tharla roinnt drochaimsire in Éirinn le blianta beaga anuas lena n-áirítear iad siúd a chruthaigh tuilte le déanaí i gcodanna áirithe den tír.
Is féidir le tuilte tionchar suntasach a bheith aige ar dhaoine a chónaíonn agus a oibríonn sna ceantair atá buailte. Is féidir cur isteach ar sheirbhísí riachtanacha agus is féidir damáiste a dhéanamh do mhaoin agus sealúchais nó iad a chailleadh. Ó ceapadh mé mar Aire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, tá cuairt tugtha agam ar roinnt limistéar atá buailte ag tuilte. Chonaic mé féin an damáiste a rinneadh, agus bhuail mé agus labhair mé leis na daoine agus na húinéirí gnó a raibh tionchar díreach orthu.
Is féidir le daoine aonair agus le pobail ról tábhachtach a imirt maidir le tionchar tuilte a laghdú trí bheith feasach ar rioscaí tuilte agus trí am a ghlacadh le hullmhú roimh ré. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas faisnéise ‘Rialtais Uile’ seo treoir úsáideach a sholáthar do dhaoine aonair chun cabhrú leo iad féin, a dtithe agus a slite beatha a chosaint i gcás tuilte, agus sábháilteacht mar phríomhthosaíocht. Tá an treoir seo leagtha amach i mbileog áisiúil dar teideal Treoir maidir le Tuilte atá ar fáil le híoslódáil ar an suíomh Gréasáin ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ agus atá á scaipeadh agus á cur chun cinn go forleathan. Is teachtaireacht shimplí fós an phríomhtheachtaireacht, “bí ullamh, fan slán agus bíodh a fhios agat cá bhfaighidh tú cabhair má tá sé de dhíth ort”.
Cé go mbaineann an bhéim inniu le feasacht a chruthú faoi phleanáil agus ullmhú le haghaidh tuilte féideartha le linn an Gheimhridh amach romhainn, is deis é freisin chun pleananna an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar riosca tuilte, anois agus amach anseo, a roinnt leat.
Infheistíocht i mBearta um Fhóirithint Tuilte
Go dtí seo, tá 51 scéim faoisimh tuilte tugtha chun críche agus tá na scéimeanna seo ag tabhairt cosanta do bhreis agus 11,900 réadmhaoin le leas eacnamaíoch don Stát ó thaobh damáiste agus caillteanais a seachnaítear a mheastar a bheith thart ar €1.9 billiún.
Tá an Clár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca Tuilte Dobharcheantair - nó CFRAM - tar éis cur chuige an Rialtais i leith riosca tuilte a bhainistiú in Éirinn a threorú. Ba é an staidéar is mó a rinneadh riamh ar an mbaol a bhí againn ó thuilte suntasacha. Thug a aschur, na 29 Plean Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte, an fhianaise don Rialtas chun seachadadh cláir náisiúnta do bhainistiú riosca tuilte a chur chun cinn.
Tá an Rialtas tiomanta d’infheistíocht €1.3bn i mbearta faoisimh tuilte mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta go dtí 2030. Léiríonn an leibhéal maoinithe seo tiomantas leanúnach an Rialtais chun pobail a chosaint ó bhaol tuilte.
Faoi láthair, tá thart ar 90 scéim faoisimh tuilte ag céim na pleanála, an dearaidh nó na tógála agus tá tuilleadh scéimeanna le cur chun cinn sna blianta atá le teacht. Tá na scéimeanna seo á seachadadh i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre. Tá seacht scéim de na scéimeanna sin le bheith críochnaithe faoi dheireadh 2024 agus tabharfaidh siad seo cosaint do 2,000 réadmhaoin breise.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcinntíonn Plean Oiriúnaithe Earnála an Rialtais um Athrú Aeráide do Bhainistíocht Riosca Tuile 2019 – 2024 go mbeidh ár gcuid oibre inniu inoiriúnaithe do thionchair an athraithe aeráide sa todhchaí.
Ina theannta sin, cuireann OOP maoiniú ar fáil d’Údaráis Áitiúla faoin Scéim Mionoibreacha Maolaithe Tuilte agus Cosanta Cósta chun mionoibreacha nó staidéir mhaolaithe tuilte a dhéanamh, ar chostas suas le €750,000 an ceann chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna áitiúla cosanta tuilte agus cósta laistigh dá gceantair riaracháin. Is foinse luachmhar maoinithe í an scéim seo d’údaráis áitiúla chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tuilte áitiúla. Ó 2009, tugadh 643 tionscadal chun críche faoin Scéim, ar chostas €43.4 milliún. Tá na tionscadail seo ag soláthar cosanta do bhreis is 7,600 réadmhaoin ó bhaol tuilte áitiúil. Tá dhá thrian de na tionscadail seo lasmuigh de limistéir staidéir CFRAM.
Conclúid
Cé nach féidir leis an Rialtas deireadh a chur leis an mbaol tuilte, tá infheistíocht mhór á déanamh aige i gcosaint daoine agus maoine a aithnítear a bheith i mbaol tuilte anois agus amach anseo.
Is féidir le daoine aonair agus le pobail ról suntasach a bheith acu freisin maidir le tionchar tuilte a bhainistiú agus a laghdú trí phleanáil roimh ré. Seo í teachtaireacht lárnach an fheachtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’. Tá seoladh an lae inniu dírithe ar fheasacht a chruthú agus treoir a sholáthar maidir leis na háiteanna is féidir a thuilleadh eolais a fháil, chun tacú le hullmhú do thuilte.
Soláthraíonn an suíomh Gréasáin ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ agus an leabhrán ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ treoir an-úsáideach agus praiticiúil maidir le hullmhú don gheimhreadh. Tugann siad, mar aon leis na naisc chuig acmhainní agus suíomhanna gréasáin eile de chuid na seirbhíse poiblí, raon faisnéise ábhartha le chéile ar bhealach comhordaithe.
Ba cheart go mbeadh ár n-ullmhacht, mar dhaoine aonair, ar fud ár bpobail éagsúla agus mar rialtas, bunaithe ar phleanáil agus ar chomhordú stuama. Táimid díreach tar éis cruinniú de Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála a thabhairt chun críche a bhí tiomnaithe don ullmhacht geimhridh agus tá faisnéisiú cuimsitheach faighte againn ó gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais ábhartha maidir lena n-ullmhúcháin do gheimhreadh 2022/2023. Molaim do dhaoine a chónaíonn nó a oibríonn i gceantair atá i mbaol tuilte an treoir a thugtar a leanúint; agus pleanáil agus ullmhú chun iad féin, a n-airíonna agus a slite beatha a chosaint chun an tionchar a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar thuilte a laghdú.
Ar deireadh, féadann aimsir chrua dúshláin agus cruatan ar leith a chur ar dhaoine aosta agus níos leochailí inár bpobail. Iarraim ar dhaoine am a ghlacadh, le bhur dtoil, chun seiceáil ar ghaolta agus ar chomharsana níos sine agus chun tacú leo le linn imeachtaí aimsire crua nuair is féidir.
Tabharfaidh mé ar láimh anois don Aire Hildegarde Naughton chun ullmhúcháin óna Roinn a leagan amach.
Go raibh mile maith agaibh.