Nóta labhartha an Aire Butler – Seoladh an fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’
- Foilsithe: 6 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Nóta labhartha an Aire Butler – Seoladh an fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’
Tráthnóna maith daoibh go léir. Tá gliondar croí orm a bheith anseo inniu chun tacú le seoladh an fheachtais agus an leabhráin ‘Bí Réidh don Samhradh’, agus is í meabhairshláinte dhearfach príomhthéama an fheachtais.
Príomhghné dár sláinte iomlán í folláine mheabhrach, agus thug tionchar Covid-19 chun solais go soiléir gur gá dúinn ár meabhairshláinte a chothú agus a chosaint.
Iarradh ar leibhéal Eorpach tús áite a thabhairt do chur chun cinn na meabhairshláinte mar fhreagairt do thionchar Covid-19, agus go gcuirtear san áireamh í mar phríomhghné den phlean téarnaimh.
Is é Éire Shláintiúil: Creat le haghaidh Sláinte agus Folláine Fheabhsaithe 2013-2025, a seoladh i Márta 2013, ár gcreat náisiúnta le haghaidh gnímh chun feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine na tíre i measc na chéad ghlúine eile amach romhainn.
Ón mbliain seo caite, tá tacaíocht á tabhairt dó freisin ag Plean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Shláintiúil, a chuireann treochlár ar fáil chun Éire Shláintiúil a chur i bhfeidhm idir 2021 agus 2025.
Sprioc de chuid Éire Shláintiúil is ea an chomhréir dhaoine atá sláintiúil ag gach céim den saol a mhéadú; agus is príomhgnéithe iad cosc agus luath-idirghabháil leis seo a bhaint amach.
I gcomhthéacs meabhairshláinte agus folláine, tá an méid fianaise idirnáisiúnta atá ann ag dul i méid maidir leis na tairbhí a chruthaítear do dhaoine agus don tsochaí i gcoitinne nuair a dhéantar meabhairshláinte dhearfach a chothú agus a chomhtháthú i ngach céim den saol.
Díríonn cur chun cinn na meabhairshláinte ar thosca cosanta a neartú ar mhaithe le meabhairshláinte mhaith agus cumasaíonn sé teacht ar scileanna, acmhainní, agus timpeallachtaí tacúla a chuireann barr feabhais ar chothromas, agus coimeádann sé daoine agus daonraí sláintiúil ó thaobh cúrsaí meabhrach de.
Cuireadh príomhthorthaí i láthair i Suirbhé Éire Shláintiúil na bliana seo caite maidir le cóngas sóisialta agus meabhairshláinte, i gcomhthéacs phaindéim leanúnach Covid-19.
Ar ndóigh, thug srianta riachtanacha Covid-19 saolta go leor daoine slán agus rinne siad scaipeadh an víris a chur faoi smacht sula ndearnadh vacsaíniú forleathan.
Tá baint lárnach ag idirghníomhú sóisialta, áfach, lenár bhfolláine ghinearálta; imríodh tionchar diúltach ar fholláine roinnt daoine mar thoradh ar idirghníomhú sóisialta laghdaithe agus ar an strus a bhain leis an bpaindéim agus níorbh fhéidir sin a sheachaint.
Thug breis agus 60% d’fhreagróirí an tSuirbhé le fios nach ndearna siad an ceangal céanna sóisialta mar thoradh ar na srianta. Thug beagnach an tríú cuid d’fhreagróirí le fios go ndeachaigh a meabhairshláinte in olcas ó thús na srianta sláinte poiblí.
Chruthaigh seo braistint práinne agus tiomantais i mo roinn do Phlean Náisiúnta um Chur chun Cinn na Meabhairshláinte a fhorbairt, agus cuireadh tús leis sin go déanach 2021 nuair a cuireadh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ar siúl agus nuair a rinneadh athbhreithniú ar an bhfianaise.
Díreoidh an Plean Náisiúnta seo go príomha ar chur chuige uile-Rialtais i leith meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn agus cuirfidh sé treoir straitéiseach ar fáil ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Tá a gcéad Phlean um Chur chun Cinn na Meabhairshláinte á sheoladh níos déanaí an tseachtain seo ag FSS. Is plean cúig bliana é ina gcuirtear limistéir ghnímh san áireamh atá dírithe ar mheabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn ar fud an daonra agus i measc fhoireann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Cinnteoidh an díriú seo ar mheabhairshláinte dhearfach go ndéantar croíghné den tsláinte agus den fholláine de ar fud na sochaí go léir.
Is tráthúil do théama an leabhráin seo ‘Bí Réidh don Samhradh’ agus spreagfainn gach duine a bheith eolach ar conas is féidir leo tacú lena bhfolláine féin de réir mar a dhruideann an samhradh linn.
Is féidir le bheith Gníomhach, cothú cothrom a ithe, am a chaitheamh lasmuigh agus ceangail shóisialta a fhorbairt go léir ár bhfolláine trí chéile a fheabhsú. Is cinnte gurb iad na rudaí simplí is éifeachtaí ar bhealach dearfach, amanna.
Ceann de na rudaí is mó a dtugann Chreat Éire Shláintiúil tús áite dóibh ná gníomhaíocht choirp a chur chun cinn. Tá 60 gníomh in Éire Ghníomhach a Bhaint Amach, Plean Náisiúnta Gníomhaíochta Coirp d’Éirinn 2016-2026, a foilsíodh in 2016, atá ceaptha leibhéil mhéadaithe ghníomhaíochta coirp a chur chun cinn i measc an daonra.
Luadh go soiléir i gcuir i láthair a rinneadh ag comhdháil an Chomhair Thaighde ar Ghníomhaíocht Choirp na hÉireann gur féidir le gníomhaíocht choirp rialta a bheith éifeachtach le tromchúise na gcomharthaí a bhaineann le himní agus dúlagar a laghdú.
Tugann taighde a rinne DCU i dtaca le clár Bhratach na Scoile Gníomhaí de chuid na Roinne Oideachais, atá comhurraithe ag Éire Shláintiúil, le fios go n-imríonn gníomhaíocht choirp tionchar an-dearfach ar leibhéil ghníomhaíochta scoile agus ar fhreastal, iompar agus ar thorthaí foghlama.
Is féidir le bheith gníomhach do shláinte fhisiciúil agus do mheabhairshláinte a chosaint, agus is iontach an tráth é an samhradh le triail a bhaint as rud éigin nua. Tá gníomhaíochtaí taobh amuigh an-sábháilte i gcomhthéacs Covid; baineann fiúntas mór le lántairbhe a bhaint as an aimsir mhaith agus as na tráthnónta níos gile.
Is iontach a bheith in ann casadh le cara chun dul ar shiúlóid, bheith ag rothaíocht leat ar do rothar agus áit nua a fhiosrú, nó triail a bhaint as gníomhaíocht nár thriail tú roimhe seo, cosúil leis an snámh. Is féidir le gníomhaíochtaí cosúil leis an scríbhneoireacht, canadh, ceol, nó garraíodóireacht, péintéireacht nó grianghrafadóireacht cabhrú freisin chun feabhas a chur ar an spion a bhíonn ort, agus tugann said ardú beag meanman duit, go háirithe ma bhraitheann tú imníoch nó in ísle brí.
Má tá tacaíochtaí á lorg ag aon duine, cuirtear eolas ar fáil ar an láithreán gréasáin yourmentalhealth.ie ar thacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte atá ar fáil go náisiúnta agus go háitiúil, a chuireann FSS agus a chomhpháirtithe ar fáil.
Cé go bhfuil súil againn go gcuirfidh míonna an tsamhraidh go leor deiseanna ar fáil dúinn chun dul i mbun gníomhaíocht choirp, agus chun am a chaitheamh taobh amuigh san aer úr, cuid an-tábhachtach eile de bheith sábháilte i rith an ama seo is ea cosaint craicinn.
Is í ailse chraicinn an saghas is coitianta d’ailse a dhiagnóisítear in Éirinn agus tagann beagnach 13,000 cás nua aníos gach bliain, agus tá an méid seo cásanna ag dul i méid. Ar ámharaí an tsaoil, is féidir cosc a chur ar fhormhór mór na gcásanna trí roinnt rudaí simplí a dhéanamh chun do chraiceann féin agus craiceann do theaghlaigh a chosaint.
Tá craiceann bán ag go leor daoine anseo in Éirinn, agus dóitear gan stró é agus glacann sé go leor ama sula dtiocfaidh dath na gréine air. Tá leanaí an-leochaileach agus is eol dúinn go méadaíonn dó gréine in aois an pháiste an baol go mór go dtiocfaidh ailse chraicinn orthu níos déanaí sa saol.
Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach sin feasacht ar éifeachtaí díobhálacha UV a scaipeadh agus go mbíonn cur amach againn ar rudaí cosúil leis an innéacs UV, agus go mbíonn sé mar nós againn ár gcraiceann a chosaint gach lá, fiú ar laethanta scamallacha.
Ba mhaith liom arís eile buíochas a ghlacadh le gach duine atá bainteach leis an bhfeachtas agus an leabhrán an-chuimsitheach agus an-chabhrach seo a fhorbairt, a thacóidh leis an oiread sin dínn nuair a bhíonn ullmhú á dhéanamh againn do shamhradh sona, agus thar aon ní eile, samhradh sábháilte, ina mbainfimid torthaí dearfacha amach.
Go raibh maith agaibh.
CRÍOCH