Seoladh an Fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2022 leis an Aire Coveney
- Foilsithe: 6 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Óráid
Seoladh an Fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2022 leis an Aire Coveney, an 6 Aibreán 2022, an INCÉ
Tráthnóna maith agaibh go léir agus tá fáilte romhaibh.
I dtosach báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe, an tAire Mary Butler agus an tAire Hildegarde Naughton, as bheith i gcuideachta liom chun ár bhfeachtas ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2022 a sheoladh. Mar Chathaoirleach Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála, tá gliondar croí orm a bheith anseo inniu.
Is eol dom go mbeidh ceisteanna agat orm ar an gcás san Úcráin agus bheadh an óráid láidir a thug an tUachtarán Zelensky le comhchruinniú na Dála agus an tSeanaid ar maidin cloiste agaibh go léir. Beidh mé sásta na ceisteanna seo a fhreagairt ina dhiaidh seo ach ba mhaith liom a rá go bhfuil an Rialtas diongbháilte go fóill ina dhlúthpháirtíocht agus sa tacaíocht atá á tabhairt don Úcráin, agus cuireann sé in iúl arís go n-iarrtar ar an Rúis an doicheall go léir a stopadh agus aistarraingt ón Úcráin gan choinníoll.
Ba mhaith liom a mheabhrú do gach duine freisin go bhfuil COVID-19 buailte linn go fóill. De réir mar bhogaimid isteach i dtríú samhradh na paindéime seo, is tábhachtach a chuimhneamh gurb iad na bearta cosanta, a bhfuil an-chur amach againn go léir orthu, go fóill na bealaí is fearr chun sinn féin agus ár ndaoine muinteartha a chosaint. Ba cheart d’aon duine a bhfuil COVID-19 orthu féinaonrú a dhéanamh go dtí 48 uair an chloig i ndiaidh go bhfuil deireadh den chuid is mó nó go hiomlán le comharthaí – ná freastail ar aon imeachtaí sóisialta, ar an obair, ar scoil nó ar an gcoláiste má bhíonn comharthaí ort, le do thoil.
Leantar lena mholadh maisc a chaitheamh ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúraim sláinte. Níor cheart duine ar bith ar mian leo masc a chaitheamh, bunaithe ar a rogha phearsanta, a dhíspreagadh ó sin a dhéanamh.
Beidh go leor daoine ar tháinig COVID-19 orthu i rith thréimhse na Nollag incháilithe anois vacsaín teanndáileoige a fháil. Chomh maith leis sin, níl sé ró-dhéanach an chéad dáileog de vacsaín COVID-19 a fháil. Is iad vacsaíní an bealach is éifeachtaí go fóill le sinn féin a chosaint ó na héifeachtaí is measa atá ag COVID-19.
Anois, ar aghaidh linn go dtí an seoladh. Tá áthas orm a rá gur aistríomar eolas an fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’ go dtí an Úcráinis agus an Rúisis chun gur féidir leo siúd a theith ón gcás uafásach san Úcráin agus a lorg dídean sa tír seo tairbhe a bhaint as an gcomhairle atá ann. Anuas air sin, beidh comhad fuaime d’eolas an fheachtais ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacracht léitheoireachta acu.
Díreoidh feachtas na bliana seo ar ‘Aire a Thabhairt do do Mheabhairshláinte an Samhradh seo’. Is tábhachtach a chuimhneamh aire a thabhairt dár meabhairshláinte féin agus do mheabhairshláinte ár ndaoine muinteartha. De réir mar a thosaímid le leas a bhaint as na tráthnónta níos gile agus as an aimsir níos fearr, teastaíonn uainn a bheith in ann taitneamh a bhaint as ár n-obair agus ár ngníomhaíochtaí fóillíochta go sábháilte. Is mian linn daoine a spreagadh brath orthu féin agus a aithint freisin nuair a theastaíonn cabhair agus an áit a bhfuil an chabhair sin ar fáil.
Is í an teachtaireacht a chuirtear in iúl inniu gur féidir le bheith gníomhach do shláinte fhisiciúil agus do mheabhairshláinte a chosaint.
Molaimid inniu do dhaoine casadh le cara chun dul ar shiúlóid, bheith ag rothaíocht leat ar do rothar agus gníomhaíocht éigin nua a fhiosrú nó a thriail.
Ba mhaith liom a mheabhrú do gach duine freisin go mbíonn baol níos mó ann go ngortófar agus go marófar daoine i dteagmhais ar an bhfeirm, i dtimpistí bóthair agus i ngníomhaíochtaí uiscebhunaithe i rith mhíonna an tsamhraidh. Téann an baol maidir le falscaí i méid freisin i rith mhíonna an tsamhraidh. Is féidir le falscaithe daoine a mharú agus a ghortú agus is féidir leo tionchair eile a imirt ar an tsláinte agus díobháil a dhéanamh do réadmhaoin.
Ba cheart dúinn go léir a bheith ar an airdeall ar ár sábháilteacht phearsanta féin nuair a thugaimid cuairt ar an gcósta, lochanna, aibhneacha nó ar an tuath chun gur féidir linn go léir taitneamh a bhaint as ár dtaitneamhachtaí nádúrtha agus brú breise neamhriachtanach a bheith ar ár seirbhísí éigeandála agus túslíne á sheachaint ag an am céanna.
Ba mhaith liom seal a chaitheamh anois le tiomantas agus dúthracht ár bhfreagróirí túslíne agus obair ár nÚdarás Áitiúil a aithint a leanann le seirbhísí bunriachtanacha a sholáthar i gcaitheamh na bliana.
Ba mhaith liom freisin an iomaí duine, grúpa pobail agus seirbhís éigeandála dheonach ar leith a mholadh a thugann tacaíocht don phobal gach uile lá. Tugadh fiúntas na seirbhísí seo faoi deara i rith na paindéime agus tá an fiúntas seo á thabhairt chun solais arís eile fad a thacaíonn siad le saoránaigh na hÚcráine a bhfuil dídean ón gcoimhlint á lorg acu.
Braitheann na seirbhísí éigeandála túslíne go mór ar an meanma phobail seo chun cabhair a thabhairt dóibh. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht seo. Is é an bealach is fearr le buíochas a ghlacadh leo a bheith ar an airdeall ar ár sábháilteacht féin agus baol neamhriachtanach a sheachaint.
Seo chugaibh anois mo chomhghleacaithe Aire, an tAire Stáit Mary Butler agus an tAire Stáit Hildegarde Naughton ina dhiaidh sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo agus lena Ranna as an gcúnamh a thug siad leis an bhfeachtas seo a ullmhú.
Cuirfidh siad eolas breise ar fáil daoibh faoi fheasacht a mhúscailt ar bhaol séasúrach agus ar bharr feabhais a chur ar ár n-athléimneacht phearsanta.
Go raibh maith agaibh.
CRÍOCH