Aitheantas tugtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, an tUasal Simon Coveney, do Choimeádaithe Síochána na hÉireann ar Lá Idirnáisiúnta Choimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe
- Foilsithe: 27 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Aitheantas tugtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, an tUasal Simon Coveney, do Choimeádaithe Síochána na hÉireann ar Lá Idirnáisiúnta Choimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe
Inniu d’fháiltigh an tUasal Simon Coveney T.D. roimh théama Lá Idirnáisiúnta Choimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe na bliana seo “An bóthar i dtreo na síochána buaine: Cumhacht na hóige a úsáid ar mhaithe le síocháin agus slándáil”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire, "Gach bliain, ar an 29 Bealtaine, bíonn deis againn aitheantas thabhairt don obair atá á déanamh ag pearsanra faoi éide agus sibhialtacha as ar fud an domhain, atá tar éis páirt a ghlacadh i misin agus atá fós ag glacadh páirte i misin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe. Cuimhnímid air agus léirímid meas don obair atá déanta ag na coimeádaithe síochána cróga, lena n-áirítear an 88 coimeádaí síochána de bhunadh na hÉireann a fuair bás le linn dóibh a bheith ag obair ar son na síochána. I mbliana tá béim ar leith á leagan againn ar an bpointe gur féidir le daoine óga feidhmiú mar fhórsa dearfach síochána agus forbartha freisin nuair a chuirtear an t-eolas agus na deiseanna oiriúnacha ar fáil dóibh. Idir ghníomhú ar son na haeráide agus chothú na síochána, tá daoine óga ar fud an domhain ag léiriú a dtiomantas do thodhchaí níos fearr dúinn ar fad.”
“Is léir ónár dtaithí féin in Éirinn go mbaineann buntáistí le próisis síochána ionchuimsitheacha. Gan rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, mná agus daoine óga, ní bheidh síocháin inbhuanaithe nó buan. Sin an chúis a bhfuil an oiread sin tábhachta ag baint leis an gclár oibre Óige, Síochána agus Slándála dar linn.”
Agus bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire chomh maith, “i láthair na huaire, tá 561 bean agus fear cróga de chuid Óglaigh na hÉireann ag glacadh páirte i misin síochánaíochta in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Imlonnaíodh trúpaí Éireannacha in oibríochtaí síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe ar dtús in 1958 agus ó shin i leith, níl oiread agus lá amháin féin caite nach raibh Éireannaigh ag glacadh páirte in oibríochtaí tacaíochta síochána na Náisiún Aontaithe. Is taifead uathúil é seo ar féidir linn ar fad a bheith bródúil as. Is léiriú an-phraiticiúil é an tiomantas seo do shíochánaíocht idirnáisiúnta de na luachanna atá tábhachtach dúinn mar náisiún agus dár dtiomantas do na Náisiúin Aontaithe agus d’iltaobhachas.”
Ar Lá Idirnáisiúnta Choimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe, is mian liom féin agus leis an Rialtas agus le pobal na hÉireann buíochas a ghabháil le baill Óglaigh na hÉireann agus, go deimhin, le gach Coimeádaí Síochána de chuid na Náisiún Aontaithe, idir baill sibhialtaigh agus mhíleata, a ghlacann páirt i misin ar fud an domhain chun tacú le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta.
[CRÍOCH]
Nótaí do na hEagarthóirí
In 2002 d’ainmnigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 29 Bealtaine mar Lá Idirnáisiúnta Choimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an lá sa bhliain 1948 nuair a chuir chéad mhisean síochánaíochta na Náisiún Aontaithe, Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh (UNTSO), tús lena chuid oibríochtaí. Tugtar aitheantas do na coimeádaithe síochána mar gheall ar an ardleibhéal gairmiúlachta, díograise agus misnigh a léiríonn siad ina gcuid oibre. Is deis atá ann freisin na daoine a cailleadh ar son na síochána a thabhairt i gcuimhne.
Ó eagraíodh chéad imlonnú na hÉireann, tá 87 ball d’Óglaigh na hÉireann agus ball amháin de An Garda Síochána tar éis bháis le linn dóibh a bheith ag obair ar son na síochána thar lear.