English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taire Stáit Ar A Bhfuil Freagracht Maidir Le Cosaint, Paul Kehoe, T.D., Ag Léirbhreithniú Thrúpaí Na Héireann A Bheidh Ag Dul Ag Fónamh Le Undof Baile Átha Luain - Dé Haoine, 22 Meán Fómhair 2017

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2017
  • An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2019

Inniu rinne an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D., léirbhreithniú ar chomhaltaí an 56ú Grúpa Coisithe a bheidh ag fágáil sna seachtainí amach romhainn le dul ag fónamh le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Arda Golan.

Dúirt an tAire Kehoe ag an Léirbhreithniú, "Go bhfuil oibríochtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe fós ar cheann de na huirlisí is solúbtha agus is éifeachtaí atá ag an bpobal idirnáisiúnta chun freagairt do ghéarchéimeanna ar fud an domhain. Is léiriú í rannpháirteacht na hÉireann i misin síochánaíochta na NA agus i misin faoi shainordú na NA le beagnach 60 bliain ar ár dtiomantas síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a bhaint amach. ”

Dúirt an tAire leis an 56ú Cathlán Coisithe, ".. Tá tuairim is 321 turas dualgais tugtha ag saighdiúirí na hÉireann leis na misin thar sáile. Chomh maith le misean Arda Golan, d'fhóin pearsanra na hÉireann san Afganastáin, sa Bhoisnia, i Sead, sa Chongó, sa Tíomór Thoir, san Eiritré, sa Chosaiv, sa Liobáin, sa Libéir agus sa tSomáil. Is cinnte go seasfaidh an taithí sin daoibh, go háirithe don 44 pearsanra atá a n-imscaradh den chéad uair.

Dúirt an tAire chomh maith "Tá sé tábhachtach a lua go gcaitheann an pearsanta atá páirteach sna misin tacaíochta síochána a dteaghlaigh agus a gcairde a fhágáil ina ndiaidh ar feadh tréimhsí fada agus cur fúthu i dtimpeallachtaí achrannacha nach bhfuil aon eolas acu orthu. Gabhaim buíochas libh as bhur misneach agus díograis agus as an tiomantas a thugann sibh don tseirbhís trí a bheith páirteach sa mhisean seo.”

Ar deireadh, rinne an tAire n méid atá bainte amach go dtí seo ag an 56ú Cathlán Coisithe a thréaslú leo agus ghuí sé misean rathúil agus sábháilte orthu.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí:

Ar iarratas ó na Náisiúin Aontaithe agus i ndiaidh cead a fháil ón Rialtas agus ón Dáil, tá meitheal de na Buan-Óglaigh imscartha mar an Fórsa Cúltaca Soghluaiste do UNDOF in Arda Golan sa tSiria ó 2013.

Tógfaidh meitheal na hÉireann, atá comhdhéanta de thuairim is 130 pearsanra, áit an 55ú Grúpa Coisithe a thabharfaidh a thuras dualgais chun críche go luath. Tá an mheitheal na hÉireann bunaithe i gCampa Ziouani ar thaobh Iosrael den cheantar deighilte. Ceapadh cúigear (5) eile de phearsanra Óglaigh na hÉireann le cur ar imscaradh i gCampa Ziouani agus tá oifigeach Éireannach amháin (1) lonnaithe i gCeanncheathrú UNDOF in Yafour na Siria.