Athbhreithniú leis an Aire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Cosanta, Paul Kehoe, TD, ar Fheadhna na hÉireann atá chun dul i mbun seirbhíse le UNIFIL Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall - Dé hAoine 3 Bealtaine 2019
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Thug an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Cosanta an tUasal Paul Kehoe, TD, ómós inniu do chomhaltaí an 114ú Cathlán Coisithe a fhágfaidh sna seachtainí amach romhainn le haghaidh seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL). In éineacht leis an Aire ag an athbhreithniú bhí Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal, Mark Mellett.
Dúirt an tAire ina aitheasc leis na feadhna “Bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar ár gcuid feadhna thar lear sa Liobáin roinnt uaireanta agus ar gach cuairt, chonaic mé an obair bhreá atá á déanamh ag ár bpearsanra ar an láthair, chun cabhrú le seasmhacht agus síocháin a choimeád sa réigiún. Tá ról tábhachtach ag coimeádaithe síochána na hÉireann maidir le feabhas a chur ar shaolta na saoránach leochaileach ar an láthair.
Lean an tAire ar aghaidh ag rá go raibh sé “tógtha leis an gcaidreamh láidir a bhí idir ár bpearsanra agus na pobail áitiúla ina bhfreastalaíonn siad orthu. Tá idirchaidreamh leis an daonra áitiúil agus soláthar tacaíochta agus cúnaimh dhaonnúil ar cheann de na saintréithe atá ag cur chuige na hÉireann maidir le rannpháirtíocht in oibríochtaí tacaíochta síochána. ”
Rinneadh ionadaíocht do shaighdiúirí ó 29 contae ar fud na hÉireann i measc an 450 cathlán láidir a bhí á n-imlonnú chuig UNIFIL. Déanfaidh pearsanra ó Fhórsaí Armtha Mhálta a imlonnú freisin chuig UNIFIL den dara huair mar chuid de Chathlán na hÉireann.
Thug an tAire Kehoe faoi deara “Inniu, tá ochtar ban is fiche réidh le himlonnú mar chuid den Chathlán seo. Tá sé cruthaithe ag coimeádaithe síochána ban na hÉireann gur féidir leo na róil chéanna a chomhlíonadh, de réir na gcaighdeán céanna agus faoi na dálaí deacra céanna, agus a gcomhghleacaithe fir. ”
Is é misean UNIFIL an t-imlonnú thar lear is mó d’Éirinn. Tar éis don Fhionlainn tarraingt siar ó chomhchathlán i mí na Samhna 2018, chuir Éire méadú ar líon an phearsanra a imlonnaítear agus ghlac sí le dualgais agus freagrachtaí iomlána an Chathláin ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag. Deimhníodh níos luaithe i mbliana go mbeidh buíon d’Fhórsaí Armtha na Polainne mar aon le rannchuidiú de thrúpaí ón Ungáir páirteach i mbuíon UNIFIL na hÉireann i mí na Samhna 2019. Chuir an tAire fáilte arís roimh an bhforbairt seo, inniu, ag rá gur "gné thábhachtach d'oibríochtaí síochánaíochta í an chomhpháirtíocht le Stáit eile."
Ghabh an tAire buíochas leis na teaghlaigh agus leis na cairde as an tacaíocht a thugann siad dóibh siúd atá i mbun seirbhíse thar lear agus mar fhocal scoir, ghuigh sé misean sábháilte agus rathúil ar an 114ú Cathlán Coisithe.
[CRÍOCH]
Nóta don Eagarthóir
Tá baint fhada ag Éirinn le UNIFIL ó bunaíodh í i 1978. Tarraingíodh siar príomhchathlán Óglaigh na hÉireann i 2001, tar éis 23 bliain seirbhíse le UNIFIL. Rinne Éire buíon a imlonnú arís chuig an Liobáin i 2006, ar feadh tréimhse de 12 mhí, le cuideachta Innealtóireachta Fhionlannach, tar éis géarú cogaíochta, nuair a cuireadh méadú suntasach ar Fhórsa UNIFIL faoi shainordú na Náisiún Aontaithe. D'fhill Cathlán na hÉireann ar an Liobáin sa samhradh den bhliain 2011.
Tá an 114ú Cathlán Coisithe in ionad an 113ú Cathlán Coisithe a rinneadh a imlonnú chuig an Liobáin i mí na Samhna 2018. In UNIFIL soláthróidh Cathlán na hÉireann tacaíocht láidir patróil d'Fhórsaí Armtha na Liobáine agus tabharfaidh sé cosaint don daonra áitiúil óna Phríomh-Cheanncheathrú i bPost 2-45 de chuid na Náisiún Aontaithe. Ina theannta sin, beidh pearsanra Éireannacha ag gabháil seilbhe agus ag daingniú dhá phost breathnóireachta feadh na Líne Goirme.
Imlonnófar an 114ú Cathlán Coisithe chuig an UNIFIL faoi cheannas an Leifteanantchoirnéal Paul Kelly.