English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Boinn Chomórtha Céad Bliain 1916 Coimisiúnaithe Ag An Aire Kehoe Don Lucht Cosanta Sibhialta

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 24 Eanáir 2017
  • An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2019

Boinn Chomórtha Céad Bliain 1916 coimisiúnaithe ag an Aire Kehoe don lucht Cosanta Sibhialta

Comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916 a bhí ann anuraidh. Ócáid fhíorthábhachtach a bhí ann i stair Stát na hÉireann. Is iomaí imeacht a tionóladh ar fud na tíre chun an céad bliain a chomóradh.

In ómós an méid a rinne oibrithe deonacha na Cosanta Sibhialta ar fud na tíre le linn na bliana, chomh maith leis an tacaíocht leanúnach a chuireann siad ar fáil dá bpobal áitiúil agus do na seirbhísí éigeandála líne tosaigh, tá bonn saindeartha coimisiúnaithe ag an Uasal Paul Kehoe TD, an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, atá le bronnadh ar chomhaltaí na Cosanta Sibhialta. Bronnfar na boinn ar gach comhalta den Chosaint Shibhialta a bhí ar fianas leis an gCosaint Shibhialta idir an 1 Eanáir 2016 agus an 31 Nollaig 2016.

Dúirt an tAire “Tugann oibrithe deonacha na Cosanta Sibhialta a gcuid ama faoi chroí mór maith chun tacú le gníomhaireachtaí Stáit agus le pobail áitiúla in am an ghátair. Níl pá i gceist leis an obair a dhéanann siad ach tugtar faoi deara í. Is comhartha beag buíochais é an bonn seo atá á bhronnadh ar na hoibrithe deonacha as an méid seirbhíse a chuireann siad ar fáil.”

Dúirt an tAire freisin, “is chun leasa gach duine sa tsochaí í obair na Cosanta Sibhialta. Baineann sí le gach pobal agus laghdaíonn sí cruatan daoine sa chás go mbíonn tuilte ann nó daoine a bhíonn ar iarraidh á gcuardach. Tá áthas orm an deis a fháil aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do dhíograis na ndaoine a d'fhóin sa Chosaint Shibhialta le linn 2016.”

Déanfar socruithe chun na boinn a bhronnadh in am trátha.

CRÍOCH