English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

CEAPACHÁN CHEANN FOIRNE NUA ÓGLAIGH NA hÉIREANN

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 13 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

CEAPACHÁN CHEANN FOIRNE NUA ÓGLAIGH NA hÉIREANN

Ghlac an rialtas ar maidin le moladh an Aire Cosanta, An tUasal Simon Coveney T.D., Maorghinearál Seán Clancy a ainmniú le ceapadh ag an Uachtarán mar Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an gCeann Foirne reatha, Leasaimiréal Mark Mellett, a rachaidh ar scor mar shealbhóir reatha an cheapacháin an 29ú Meán Fómhair 2021.

Dúirt An tAire Coveney “Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh leis an Maorghinearál Clancy ar a cheapachán nua agus táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis sa todhchaí.”

Dúirt an tAire freisin “Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun buíochas a ghabháil leis an Leasaimiréal Mark Mellett as a chuid oibre den scoth mar Cheann Foirne le 6 bliana anuas. Thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom gach rath a ghuí air ina iarrachtaí amach anseo agus buíochas a ghabháil leis as a chuid oibre chrua agus a thiomantas thar bhlianta fada seirbhíse in Óglaigh na hÉireann. Is mór an onóir d’Óglaigh na hÉireann agus don náisiún seo ina iomláine an cheannaireacht, an ghairmiúlacht agus an dúthracht a léirigh sé.”

Chuaigh an Maorghinearál Seán Clancy isteach in Óglaigh na hÉireann i 1984 mar dhalta airm agus thosaigh sé a oiliúint eitilte i 1986. Tá aerárthaí sciatháin sheasta agus rothlacha eitilte aige agus tá beagnach 5,000 uair eitilte aige. Is scrúdaitheoir cineála agus rátála ionstraime cáilithe é, teagascóir ionsamhlóir eitilte cáilithe agus le déanaí bhí rátálacha cineála, ionstraime agus NVG aige ar an AW139.

Bhí an Maorghinearála Clancy ina chúis le hathrú agus ina chrann taca ar son na nuálaíochta laistigh d’Óglaigh na hÉireann. Bhí ról lárnach aige i bhforbairt na chéad Seirbhíse Aerleighis Éigeandála in Éirinnn a bunaíodh i 2012. Bhí sé ina abhcóide láidir don Cheannaireacht agus bhí sé ina chomhúdar ar Pholasaí Ceannaireachta Óglaigh na hÉireann a foilsíodh i 2016. Ina dhiaidh sin bhí sé i gceannas ar an bhfoireann a d’fhorbair an fhís reatha agus an straitéis bunaithe ar luachanna d’Óglaigh na hÉireann tar éis fhoilsiú an Pháipéir Bháin ar Chosaint.

Taithí Mhíleata

D’fhóin an Maorghinearál i gceapacháin lena n-áirítear Ceannasaí Scuadrúin, Ceannasaí Sciatháin, Oibríochtaí Oifigeach Foirne Sinsearaí, Pearsanra Oifigeach Foirne Sinsearaí, Ceann Tacaíochta Foirne Aeir i gCeanncheathrú an Aer Chór agus Stiúrthóir na Brainse Pleanála Straitéisí ar Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann, Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann. Sular tugadh ardú céime dó d’fhóin sé mar Oifigeach Ginearálta i gCeannas, Aer Chór na hÉireann agus Stiúrthóir Eitlíochta Míleata.

Chaith an Maorghinearál Seán Clancy tréimhse shuntasach dá shlí bheatha mar phíolóta Cuardaigh agus Tarrthála agus bhí sé ina cheannasaí ar an gcriú a fuair an Bonn Mara as an tSeirbhís Fhiúntach i 2002.

D’fhóin an Maorghinearál Clancy ar feadh bliana le Fórsa an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia mar chomhairleoir míleata do Cheannasaí an Fhórsa agus chaith sé dhá bhliain mar chomhairleoir aeir ar ghné bhuan SHIRBRIG, Briogáid Cúltacha na Náisiún Aontaithe.

Tá Céim Bhaitsiléara Eolaíochta aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Máistreacht i gCeannaireacht Mhíleata agus i Staidéar Cosanta ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad. Is céimí é de Scoil Ceannais agus Foirne Óglaigh na hÉireann áit a bhfuair sé Gradam an Leifteanantghinearáil Tadgh O’Neill. I 2017 chríochnaigh sé Dioplóma in Ardfheidhmíocht Bainistíochta le Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit.

Tá an Maorghinearál Seán Clancy pósta le Caroline. Tá triúr clainne acu agus tá cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.