Ceapachán le post Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta - Jacqui McCrum, OIFIGEACH
- Foilsithe: 28 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhaomh an Rialtas ceapachán an Uasail Jacqui McCrum ag a chruinniú inné le post Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta le héifeacht ón 24 Lúnasa 2020, ar scor an Uasail Maurice Quinn.
Leas-Rúnaí í an tUasal McCrum sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí faoi láthair. B’Ard-Stiúrthóir agus Oifigeach Cuntasaíochta í roimhe sin in Oifig an Ombudsman, Oifigí an Choimisinéara Faisnéise agus an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Choimisiúin Reifrinn agus an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Bhí post an Leas-Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais aici freisin. Chaith sí tromlach a gairme beatha i seirbhísí airgeadais i Londain agus Baile Átha Cliath. Cónaíonn sí i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus tá sí pósta le Maurice agus tá beirt leanaí acu, Cameron agus Freya.
Ar cheapadh an Uasail McCrum, dúirt an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., “Cuirim fáilte roimh Jacqui a cheapadh mar Ard-Rúnaí nua na Roinne Cosanta agus, go deimhin, roimh an gcéad Ard-Rúnaí baineann de chuid na Roinne. Táim ag tnúth le hoibriú go dlúth léi chun dul i ngleic le príomhdhúshláin atá roimh an Eagraíocht Chosanta.
I gcomhréir le socruithe an Choimisiúin um Cheapacháin Ardleibhéil (an CCAL) d’Ard-Rúnaithe, mairfidh ceapachán an Uasail McCrum ar feadh téarma 7 mbliana.
Ag labhairt dó maidir leis an Ard-Rúnaí reatha, dúirt an tUasal Maurice Quinn, an tAire, “Tá an Stát go mór faoi chomaoin Maurice Quinn as an tseirbhís gan staonadh a sholáthair sé i rith gairm bheatha fhorleathan ag fónamh ar mhaithe leis an tSeirbhís Phoiblí. D’oibrigh mé go dlúth le Maurice le linn mo cheapacháin dheireanaigh mar an tAire Cosanta agus, nuair a fógraíodh a chomharba inniu, ba mhian liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leis i ngeall ar an tsársheirbhís phoiblí a sholáthair sé, agus i ngeall ar a dhúthracht, a spreagadh agus a thiomantas chun torthaí a bhaint amach sa limistéar Cosanta. Ba phríomhspreagthóir an athraithe é Maurice sa Chosaint trí Pháipéar Bán 2015, ar oibríomar go dlúth air, agus maidir leis an gclár nuachóirithe agus claochlaithe don Státseirbhís trí chéile. Guím gach rath air agus ar a theaghlach amach anseo.