English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha Ag An Aire A Bhfuil Freagracht Air Maidir Le Cosaint, An Tuasal Paul Kehoe, Td, Go Bhfuil An T-Ainm George Bernard Shaw Roghnaithe Mar Ainm Ar An Árthach Patróil Eischósta (Opv) Nua De Chuid Na Seirbhíse Cabhlaigh

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 28 Feabhra 2017
  • An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2019

Fógartha ag an Aire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, TD, go bhfuil an t-ainm George Bernard Shaw roghnaithe mar ainm ar an Árthach Patróil Eischósta (OPV) nua de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh

D'fhógair an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, TD, inniu (Dé Máirt an 28 Feabhra) go mbeidh ainm an drámadóra chlúitigh George Bernard Shaw á thabhairt ar an gceathrú hÁrthach Patróil Eischósta (OPV) de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh. Rinneadh an fógra le linn Searmanais Leagtha Cíle Thraidisiúnta, chun comóradh a dhéanamh ar chloch mhíle mhór a baineadh amach sa phróiseas tógála den cheathrú OPV nua, i gclós longthógála Babcock in Devon, sa Ríocht Aontaithe.

D'fhreastail an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, TD, ionadaithe Sinsearacha ó Babcock, Óglaigh na hÉireann agus ón Roinn Cosanta, chomh maith le baill na Seirbhíse Cabhlaigh a raibh baint acu leis an tionscadal tógála, ar an searmanas Leagtha Cíle.

Beidh an long nua den chineál céanna leis an LÉ Samuel Beckett, an LÉ James Joyce agus an LÉ William Butler Yeats agus leantar leis an gcur chuige an cineál sin árthaigh a ainmniú i ndiaidh laochra móra liteartha na hÉireann leis an ainm George Bernard Shaw.

Ag labhairt dó ag an searmanas dúirt an tAire Kehoe “Cibé acu an i mbun oibríochtaí cosanta agus slándála, patról iascaigh mhara, oibríochtaí cuardaigh agus slándála nó ar mhisin thar lear mar an oibríocht dhaonnúil sa Mheánmhuir atá an tSeirbhís Chabhlaigh, déantar a cuid iarrachtaí a fheabhsú tríd an rochtain atá aici ar árthaí nua a bhfuil na hinniúlachtaí is déanaí ar fáil iontu.

Agus é ag déanamh machnaimh ar an gcaidreamh idir an Eagraíocht Cosanta agus Babcock lenár tógadh roinnt d'árthaí inseirbhíse reatha Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann sa tsaoráid in Appledore, dúirt an tAire Kehoe

“Tá trí árthach curtha ar fáil ag clár reatha athsholáthair long an Rialtais don tSeirbhís Chabhlaigh, rud a léiríonn infheistíocht shuntasach ón Rialtas in inniúlacht chosanta sa Stát. Beidh an long atá á tógáil i láthair na huaire ar an gceathrú ceann den chineál seo, rud a chuireann buntáistí comóntachta ollmhóra ar fáil don tSeirbhís Chabhlaigh agus a cheadaíonn inniúlacht oibríochta níos mó.”

Mar fhocal scoir, mhol an tAire Kehoe fostaithe Babcock, “as a gcumas longa dea-dheartha agus galánta a tháirgeadh le trealamh úrscothach a bhfuil a luach cruthaithe acu don tSeirbhís Chabhlaigh cheana féin sa bhaile agus ar mhisin thar lear.”

CRÍOCH